TEANGA AGUS CULTÚR
Suirbhé suimiúil ar chanúintí Béarla an domhain

Tá an Dr Bert Vaux ina léachtóir le Teangeolaíocht in Ollscoil Cambridge. Chaith sé ceithre bliana mar ollamh i Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Wisconsin Milwaukee agus deich mbliana mar ollamh in Ollscoil Harvard. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis le gairid faoi thionscadal teangeolaíochta atá idir lámha aige maidir le hathrú canúintí agus mionteangacha an domhain.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Bratach agus Béarla air á iompar le linn mórshiúil oibrithe sa Fhrainc
Íomhá
Suirbhé canúna a rinneadh in Harvard agus a raibh baint ag an Ollamh Vaux leis

Bíodh is go bhfuil an Dr Bert Vaux ina shaineolaí idirnáisiúnta ar theoiric fhóineolaíoch agus mhoirfeolaíoch, is í an chanúineolaíocht a thagann idir é agus codladh na hoíche. Seo an t-ábhar a choinníonn istigh os comhair ríomhaire é go breacadh lae é, go háirithe canúintí a bhaineann leis an Bhéarla, leis an Airméinis agus le hAbkhaz. Tá leabhair agus altanna scríofa aige faoin ábhar. Tá páipéir, seimineáir agus ceardlanna tugtha aige. Agus, tá an tionscadal teangeolaíochta is mó ar domhan ar bun aige le dornán blianta anuas ina bhfuil dianstaidéar á dhéanamh aige ar chanúintí Béarla ar fud an domhain. Thiocfaí a rá go bhfuil an fear seo tugtha dá ábhar.

Sa bhliain 2007 chuir an Dr Vaux suirbhé ar líne, The Cambridge Online Survey of World Englishes (www.ling.cam.ac.uk/survey). Bhí sé ag iarraidh focail áirithe a bhreacadh ar léarscáil chun tuiscint a fháil ar phatrúin canúintí a bhain leis an Bhéarla ar fud an domhain mhóir. Ó cuireadh an suirbhé ar líne mí Mheán Fómhair 2007 tá breis is 4,200 duine i ndiaidh ceisteanna an tsuirbhé a fhreagairt. Tig le duine ar bith logáil isteach agus súil a chaitheamh ar na torthaí atá bailithe go dtí seo.

Thosaigh an suirbhé go neamhfhoirmeálta mar chaitheamh aimsire. Chaith an Dr Vaux cúig bliana déag ag cur ceisteanna canúna ar mhic léinn agus ar dhaoine a casadh air go sóisialta. Bhíodh sé ag éisteacht go fánach le daoine i ngan fhios dóibh agus iad i mbun comhrá, é i dtólamh ag iarraidh éagsúlachtaí canúna a aimsiú agus a thuigbheáil. I ndiaidh dó fothacar carachtar a chur le chéile a bhí bunaithe ar a chuid taighde, rith sé leis go dtiocfaí iniúchadh cruinn a dhéanamh ar ghnéithe canúintí trí shuirbhé ar líne a sheoladh agus na torthaí a bhreacadh ar léarscáil dhomhanda.

Fiú don tuata, is ábhar suime agus iontais torthaí an tsuirbhé. Mic léinn ollscoile agus daoine oilte a bhí sa lucht freagartha den chuid is mó. Deir an Dr Vaux gur baineadh stad as nuair a thosaigh sé ag déanamh comparáide idir na freagraí féin agus cúlra an lucht freagartha. Cloistear go mion minic go bhfuil canúintí ag dul i léig, go háirithe i measc daoine óga. Déanann siad aithris ar a chéile, ó thaobh ceoil, éadaí agus teanga de, ach bhí an oiread sin éagsúlachtaí canúna ag na daoine seo gur léir go raibh siad ag cloí leis na gnéithe canúna a bhain leis na ceantair inar tógadh iad. Tá dáileadh geografach an-soiléir le sonrú do roinnt de na téarmaí, mar shampla na focail a mbaineann lucht an Bhéarla úsáid astu chun cur síos a dhéanamh ar dheochanna boga.

Cad é an tábhacht a bhaineann leis na freagraí a tháinig ar ais chugat agus an bhfuil tú sásta go dtugann na freagraí léargas beacht ar chanúintí ghnáthphobal na gceantar agus na dtíortha atá luaite leo?

Níl mé go hiomlán sásta. Roghnaigh mé ceisteanna a shíl mé a bheadh bainteach le saol lucht an Bhéarla mórthimpeall an domhain. Anois chítear domh go mbeadh suirbhéanna aonair níos feiliúnaí agus ceisteanna ar leith a bheith dírithe ar thíortha áirithe ionas go mbeinn ábalta ceisteanna níos suimiúla a roghnú d’achan áit. Níor rith sé seo liom san am, ar an drochuair.

An síleann tú go bhfuil canúintí ag athrú / ag dul i léig ag ráta níos gaiste anois ná ar a bhí roimhe seo?

Bíonn canúintí beo ag athrú i gcónaí agus chan rud úr atá sna hathruithe seo ar chor ar bith. Tá canúintí fíorshuimiúil dá bharr seo. Tháinig athruithe suntasacha ar stór focal daoine de réir mar a tháinig méadú ar an tionsclaíocht, ar dhomhandú cultúrtha, leis an raidió, leis an teilifís, leis an idirlíon agus araile, ach ní thiocfaí a rá gur rud úr atá sna mórathruithe féin. Is dócha gur tharla athruithe chomh mór agus chomh gasta céanna le hionsaithe tíortha, le ceansú ainmhithe, le forbairt iarainn nó, forbairtí ar bith a tharla ar mhórscála roimhe seo.

Rud eile amháin atá suimiúil is é go bhfuil éagsúlachtaí i bhfuaimniú focal ag méadú sna príomhchathracha le fiche nó tríocha bliain anuas. Níl a fhios againn an bhfuil an ráta athraithe ag méadú nó ag ísliú ach tá na hathruithe beo leo. Is cinnte go bhfuil éagsúlachtaí gramadaí a bhain le canúintí ar leith ag feo go gasta, áfach, agus is trua sin.

Cad é do bharúil faoi fhocail Bhéarla a bheith ag sileadh isteach go horgánach i dteangacha eile?

Is rud iontach é, is rud sláintiúil é. De réir mar a mhéadaíonn stór focal duine cuireann sé le friotal eispriseach an té atá ag caint. Tig leis an duine sin é féin a chur in iúl ar bhealach níos soiléire. Chomh maith leis sin, cuireann sé i gcuimhne do dhaoine cad é atá ag dul ar aghaidh i gcultúir eile. Ní fheicim míbhuntáiste ar bith leis an nós seo.

Agus an oiread sin teangacha sna Stáit Aontaithe, mar shampla, caithfidh sé go mbíonn siad uilig ag dul i bhfeidhm ar a chéile agus ag meascadh. Cad é mar a bheidh Béarla Mheiriceá i gceann leathchéad bliain eile? Cad é atá i ndán do na canúintí Béarla?

Ní dóigh liom go mbeidh siad an oiread sin níos difriúla ó na bealaí labhartha atá ag páistí 9 nó 10 mbliana i láthair na huaire. Tá seans maith ann go mbeidh níos mó de ghnéithe Bhéarla na nGormach Meiriceánach agus na nEaspáinneach caite isteach ann. Suntasach go leor, is cosúil go bhfuil Béarla Shasana ag dul i dtreo Bhéarla Mheiriceá go sciobtha. Ní gá a bheith róbhuartha, áfach – ní thig le bunadh an domhain mhóir an chanúint chéanna a thabhairt orthu féin. Tá sé dodhéanta.

Cad é, do bharúil, atá i ndán do mhionteangacha go ginearálta ar fud an domhain?

Muna dtuigeann an cine daonna gur rud maith atá ann teanga spéisiúil a labhairt agus nach drochrud atá ann a bheith difriúil ón ghnáthphobal, tá todhchaí mhionteangacha an domhain gruama go leor. Sna Stáit Aontaithe, tá staid na mionteangacha go holc faoi láthair. Ceapann go leor Meiriceánach go bhfuil an Spáinnis ag cur isteach ar phríomháit an Bhéarla, cé go ach léiríonn gnáthphatrúin go ngéilleann grúpaí inimirceach a dteangacha féin don Bhéarla laistigh de dhá nó trí ghlúin.

Ar cheart go mbeadh rialtais níos gníomhaí maidir le slánú na mionteangacha?

Thabharfainn lántacaíocht do roinnt scéimeanna rialtais, mar shampla, stad a chur leis an an chosc atá ar bhunadh na Tuirce mionteangacha s’acu féin a labhairt go poiblí nó sna scoileanna. Ach ní mór a bheith cúramach. Is cinnte go dtig le scéimeanna rialtais dochar a dhéanamh do mhionteangacha chomh maith, go háirithe má bhíonn na rialacha ródhian agus muna bhfuil go leor solúbthachta i gceist leo.

Cad é do bharúil faoin dóigh a múintear teangacha go ginearálta sna Stáit Aontaithe nó i Sasana?

  • *

Tá sé go hainnis. I dtús báire, caithfear teangacha a mhúineadh do pháistí agus iad an-óg. Faoin am a bhíonn na déaga bainte amach acu bíonn a dtuairimí féin acu faoin dóigh ar mhaith leo a bheith ag labhairt agus na fuaimeanna a bheadh siad toilteanach a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, caithfidh muid léiriú do pháistí go bhfuil teangacha eile ríthábhachtach, go bhfuil siad bainteach le hábhar, suimiúil agus spraíúil. Ní fiú litríocht lagbhríoch, dhoiléir, leadránach a bhrú orthu.

An bhfuil buntáistí ag daoine a thógtar go dátheangach?

Tá agus neart acu. Is cinnte go mbíonn buntáistí acu ar mhargadh an tsaothair mar shampla – tig leo dul i ngleic le dhá chultúr, dhá dhream. Léiríonn staidéar eolaíochta a rinneadh le gairid go bhfuil mórbhuntáistí cognaíocha agus forbartha ag na daoine seo. Bíonn siad in inmhe díriú isteach níos mine ar ghníomhaíochtaí deacra agus maireann an cumas seo iontu de réir mar a théann siad in aois.

Thiocfadh le duine laethanta fada a chaitheamh ag éisteacht leis an scoláire iomráiteach seo. Tá tuairimí láidre aige i dtaobh achan ghné den teangeolaíocht agus is beag an baol go gcoinneoidh sé iad seo faoi rún. Foilsíonn sé altanna go rialta, labhraíonn sé go minic ar an ábhar is ansa leis agus tá sé breá ard: sé troithe ocht n-orlaí!

Beidh an chéad léarscáil atá bunaithe ar thorthaí shuirbhé Béarla Mheiriceá agus ar 50,000 cainteoir de Bhéarla Mheiriceá sa bhliain 2003 ar fáil i gceann trí bliana.Is as deisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina heagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Bhain sí PhD amach sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is fidléir í a bhfuil dúil ar leith aici i bhfidléireacht agus in amhránaíocht Thír Chonaill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.