TEANGA AGUS CULTÚR
Tromaíocht idirlín ina dúshlán d’ár scoileanna

Is dalta Ardteiste í Meadhbh Ní Eadhra a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal i nGaillimh. Bhuaigh an t-alt seo thíos Comórtas B5, Iriseoireacht don Idirlíon 15-18, san Oireachtas i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá athrú ag teacht ar gach gné den saol i gcónaí. Ní gá gur athruithe dearfacha atá iontu uilig, ach a mhalairt. I mo bharúilse, tá neart dúshlán agus deacrachtaí roimh dhream óg an lae inniu. Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair. An rud atá i gceist agam ná an chibear-bhulaíocht.

an modh tromaíochta seo thar a bheith contúirteach agus díobhálach. Is éard atá ann ná tromaíocht a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, an guthán soghluaiste agus gléasanna cumarsáide eile. Go minic, seoltar teachtaireachtaí gránna do-ghlactha chuig daoine. Uaireanta, cuirtear grianghraif náireacha de dhaoine ar shuímh ghréasáin, áit a dtig leis an domhan mór iad a fheiceáil. Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú. Níos measa fós, aistrítear na scéalta go foirm scríofa, agus tig le cairde nó comhghleacaithe iad a léamh ar an idirlíon nó mar theachtaireacht téacs.

Is fadhb fhorleathan anois í an cineál seo bulaíochta, go háirithe i measc aos óg na linne seo. In Éirinn, tá fás as cuimse i ndiaidh teacht ar an fhadhb. Tá sé ag tarlú i mo scoil féin, agus ag dul in olcas diaidh ar ndiaidh. An rud is tábhachtaí, dar liom, ná go gcuirfeadh tuismitheoirí agus múinteoirí na ndaltaí spéis sa tromaíocht seo, agus go mbeadh siad sásta dul i ngleic léi.

Polasaí Úsáid Inghlactha Theicneolaíocht an Eolais i scoil s’againne anois. An aidhm atá leis ná “go bhfaighidh daltaí buntáistí agus deiseanna foghlama as acmhainní idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach”. Tá an focal “sábháilte” suntasach san abairt sin. Sábháilte sa tslí is nach ndéanfar duine ar bith a ghortú de bharr úsáid idirlín sa scoil. Má theastaíonn ó dhaltaí leas a bhaint as an idirlíon, caithfidh siad glacadh leis an pholasaí agus le straitéis na scoile, agus conradh a shíniú. Sílim féin gur gníomh tábhachtach a bhí i gcruthú an pholasaí sin. Cinnteoidh sé go ndéanfaidh daltaí machnamh ar impleachtaí a n-iompair ar an idirlíon agus iad ar scoil. Rud eile a chinnteoidh sé, agus b’fhéidir go bhfuil seo níos tábhachtaí fós, ná go rachaidh tuismitheoirí i mbun cainte lena bpáistí faoin úsáid a bhaineann siad as an idirlíon, agus go dtabharfaidh siad comhairle dóibh. Tá polasaí frith-bhulaíochta ag scoileanna na tíre anois, nó ba cheart go mbeadh. Agus muid ag maireachtáil anois i ré seo na teicneolaíochta, sílim gur gá leasuithe agus athruithe a dhéanamh ar na polasaithe uilig agus ábhar nua a chur leo.

Más duine tú atá ag déanamh cibear-bhulaíochta ar dhuine eile, ba mhaith liom ceist a chur ort: an bhfuil a fhios agat gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, agus go mbeidh an duine a scríobhann a leithéid freagrach as ó thaobh an dlí de? Sin rud nach bhfuil ar eolas ag daoine áirithe. Tá mé cinnte go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh ar an idirlíon nó a sheoladh óna nguthán dá mbeadh an baol ann go mbéarfaí orthu. Agus tá an baol sin ann, gan amhras.

Tá mé cinnte, más duine óg tú, gur chuala tú faoin suíomh gréasáin Bebo (www.bebo.com). Is suíomh é inar féidir le daltaí scoile agus ollscoile cuntais a chruthú dóibh féin, agus neart rudaí a scríobh agus a chur sa spás a chuirtear ar fáil dóibh. Déanann siad teagmháil lena gcairde, trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile. Ach ní hé sin bun ná barr an scéil. Tá daoine óga ag úsáid an tsuímh seo chun nithe maslacha gáirsiúla a scríobh faoi scoláirí eile. Ní gá ach cuairt a thabhairt ar an suíomh chun é sin a fheiceáil. Tá leibhéal úr sroichte ag tromaíocht an lae inniu. Anois ní thig le híospartach a bheith cinnte cé hé nó cé hí an maistín.éiginnteacht ag baint leis sin anois. Ní thig leo éalú ón bhrú agus gortú nuair a fhilleann siad ón scoil. Leanann an phian abhaile iad, áit a mbíonn ríomhaire ag fanacht leo.

Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht. Níl luaite agamsa ach cuid de na rudaí ata á ndéanamh ar an idirlíon agus ar ghutháin shoghluaiste. Ní thiocfaidh feabhas ar an fhadhb seo go gcuirfidh muid uilig spéis sa scéal.

Más dalta tú ar mian leis cur isteach ar Chomórtas B5, Iriseoireacht don Idirlíon 15-18, an bhliain seo chugainn, téigh ar shuíomh an Oireachtais (www.antoireachtas.ie) san athbhliain chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil. Is é 1 Iúil 2007 an spriocdháta don chomórtas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.