TEANGA AGUS CULTÚR
Leabhar an Fheadáin Mhóir: ó phortach go taispeántas poiblí

iarrachtaí ar siúl ag foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann le cúpla bliain anuas le rúin lámhscríbhinne tábhachtaí a aimsíodh i bportach a nochtadh. D’fhreastail Eithne Ghallchobhair ar sheimineár le gairid inar pléadh an lámhdhéantúsán Luath-Chríostaíochta seo.

Íomhá
Leabhar an Fheadáin Mhóir mar a aimsíodh é sa phortach
Íomhá
De bharr go mbíonn leibhéil ísle ocsaigine sa phortach, caomhnaítear aon atá clúdaithe ann
Íomhá
An Dr Pat Wallace, stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann
Íomhá
Bíonn obair thábhachtach ar siúl ag foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann le hoidhreacht na tíre a chaomhnú

Le linn seimineáir a bhí ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann an mhí seo caite labhair John Gillis, atá ina chaomhnóir ar lámhscríbhinní sa mhúsaem, faoi lámhscríbhinn a aimsíodh i Iúil 2006. Báistíodh Leabhar an Fheadáin Mhóir ar an lámhscríbhinn in ómós don áit i dTuaisceart Thiobraid Árainn ar thángthas ar an tseoid luachmhar seo i lár portaigh. Leabhar an Fheadáin Mhóir ar an chéad téacs ó na meánaoiseanna atá tagtha chun solais in Éirinn le dhá chéad bliain anuas. an lámhscríbhinn déanta de phár agus scríofa go huile agus go hiomlán i Laidin. Saltair le Naomh Jerome atá sa téacs. Is cosúil go raibh an-tóir ar an téacs áirithe seo sna meánaoiseanna agus, mar a tharlaíonn , an téacs ceannann céanna le fáil i leabhar dar teideal An Cathach, an lámhscríbhinn is sine a mhaireann in Éirinn ó thréimhse na Luath-Chríostaíochta.

Bíodh is go bhfuil an lámhscríbhinn millteanach leochaileach, neart blúirí i ndiaidh a theacht slán. Is léir ó na blúirí seo gur leathanaigh dhronuilleogacha a bhí iontu, iad fillte sa lár agus coinnithe laistigh de chlúdach leathair a bhí thart timpeall orthu. raibh an lámhscríbhinn laistigh den chlúdach nuair a thángthas uirthi. Chomh maith leis an lámhscríbhinn féin, thángthas ar thiachóg leathair. Meastar anois go bhfuil seans maith ann gur coinníodh an lámhscríbhinn laistigh den tiachóg seo den saol. Síleann saineolaithe atá ag déanamh iniúchadh ar an lámhscríbhinn gur scríobhadh an téacs thart fán naoú haois. Meastar gur cuireadh le chéile í i dteach screaptra a bhí bainteach le mainistir sa taobh sin tíre agus gur cuireadh an lámhscríbhinn sa phortach d’aon ghnó ar mhaithe le a choinneáil slán. Le linn na Lochlannach bhí gnás ag manaigh na hÉireann nithe luachmhara gcuid a chur i bhfolach sna portaigh ar eagla go ngoidfí iad. De bharr go mbíonn leibhéil ísle ocsaigine sa phortach, caomhnaítear aon atá clúdaithe ann.

Leabhar sa phortach

Ba é Eddie Fogarty a tháinig ar an lámhscríbhinn an chéad riamh agus ba eisean a shábháil í lena ghéarthuiscint ar chúrsaí talmhaíochta agus ar chúram portaigh. amháin, bhí amuigh ag baint mhóna le hollscartaire ar phortach san Fheadán Mór agus ba léir an rud beag dorcha seo ag gobadh amach as an talamh. I ndiaidh amharc ar cad é a bhí os a chomhair amach, chlúdaigh Fogarty an leabhar in athuair sa phortach fliuch de bharr go lobhfadh aer tirim an pár i ndiaidh a bheith sa mhóin leis na cianta. Cuireadh scairt caol díreach ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. An dár gcionn thug na saineolaithe cuí rúid ar an suíomh agus ba mhór a n-iontas nuair a chonaic siad an tsaltair ina luí san abar dubh.Ag tús an tseimineáir san Ard-Mhúsaem ar an 6 Meitheamh mhol stiúrthóir na hiarsmalainne, an Dr. Patrick Wallace, Eddie Fogarty as an mhórobair a rinne agus dúirt gur míorúilt a bhí ann gur tháinig an lámhscríbhinn slán ar chor ar bith. Ar an chéad dul síos, moladh Fogarty siocair go bhfaca an leabhar sa talamh, agus sa dara háit, mar go raibh a fhios aige go beacht cad é ba chóir a dhéanamh chun é a chaomhnú. Ghabh an Dr. Wallace buíochas fosta le húinéirí an phortaigh agus muintir s’acu, na deartháireacha Kevin agus Patrick Leonard.

I ndiaidh do mhuintir na hiarsmalainne a theacht ar an lámhscríbhinn, cuireadh meitheal saineolaithe le chéile agus thug siad faoin chaomhnú chomh luath agus a thiocfadh leo. Ba léir ón tús go raibh fíordhúshlán rompu ó thaobh cúrsaí caomhnaithe agus cúrsaí eolaíochta de, go háirithe agus an lámhscríbhinn lasmuigh den timpeallacht thais inar chaith míle bliain agus corradh ina luí go socair. Bhí an baol síoraí ann go lobhfadh go sciobtha agus go gcaillfí í bharr. B’éigean dóibh trialacha a chur i gcrích chun a chinntiú nach dtarlódh seo agus nach gcrapfadh an pár an oiread sin.

Ar ndóigh, bhí drochbhail ar an lámhscríbhinn. Bhí na leathanaigh uilig ina gcíor thuathail, iad greamaithe le chéile, fite fuaite tríd a chéile agus an dúch ó thaobh amháin de na leathanaigh ag sileadh isteach go dtí an taobh eile díobh. Dar le John Gillis, ba mhór an buntáiste é gur scríobhadh an lámhscríbhinn ar phár, siocair go raibh codarsnacht níb fhearr le sonrú idir dath bánbhuí an pháir agus dath donn an dúigh, rud a chuidigh leo an téacs a léamh.

D’fhiafraigh de Gillis chomh fada agus a ghlac ar fhoireann an mhúsaem an lámhscríbhinn a ghlanadh agus a réiteach?

an próiseas ag dul ar aghaidh go fóill ach níos fiche caite againn léi faoin am seo. B’fhéidir go mbeidh réidh i gceann bliana, mar sin.”

Blúirí eolais

Agus an obair idir lámha acu, bhí an fhoireann in inmhe blúirí eolais a bhailiú agus a chur le chéile. Ag baint úsáide as saintrealamh, d’éirigh leo íomhánna a shoiléiriú agus cuid den téacs a léamh. Le linn an tseimineáir, taispeánadh íomhánna den lámhscríbhinn agus í ina luí sa phortach chomh maith le híomhánna a tháinig chun solais de réir a chéile le linn na móroibrecuid den pheannaireacht féin, ceannlitreacha maisithe agus íomhánna daite. Bíodh is gur thréig na dathanna le himeacht aimsire, tig dathanna áirithe a shonrú ar chuid de na leathanaigh, mar atá buí, bán, dearg agus glas. Glacadh leis i dtosach nach raibh ach scríobhaí amháin ag obair ar an lámhscríbhinn, ach níl achan duine ar aon intinn faoi seo a thuilleadh agus síleann daoine áirithe go raibh scríobhaí eile ag obair ar an téacs. Ar an drochuair, thig leo cúlra stair na lámhscríbhinne a chinntiúníl ainm, áit dáta luaite uirthi.

Chuir ceist ar Gillis cad é an luach a bhaineann leis an lámhscríbhinn ó thaobh oidhreacht liteartha na hÉireann de.

thiocfaí í a mholadh ard go leor. tábhacht ar leith ag baint leis an lámhscríbhinn mar go bhfuil bearna i gceist i lámhscríbhinní na hÉireann ón sin agus oireann an tsaltair an bhearna sin go beacht.”

Is cosúil go raibh clúdach na lámhscríbhinne ina údar iontais don fhoireann. Deir Gillis go bhfuil struchtúr cuid féin ag an lámhscríbhinn de bharr nach mbíonn lámhscríbhinní na hÉireann ar fáil ina gclúdaigh féin go rómhinic. Deir gur mhór an buntáiste é go raibh an lámhscríbhinn faoi cheilt chomh fada agus a bhí sa dóigh is nár clúdaíodh arís í thar na blianta.

fios go beacht huair a bheas an lámhscríbhinn réidh le dul os comhair an phobail, ach deir Gillis go mbeidh spás ar leith curtha ar fáil di san Ard-Mhúsaem ar Shráid Chill Dara. Seans gur taispeántas rothlach a bheas i gceist, is é sin, go mbeidh cuid di ar taispeáint láithreach, cuid eile ar ball, agus go mbeidh fáil ag an phobal ar an lámhscríbhinn ina hiomláine diaidh ar ndiaidh.

Ag amharc ar na híomhánna rúndiamhra a taispeánadh ag an seimineár, cuireadh in iúl agus i gcuimhne don lucht freastail chomh saibhir is atá oidhreacht liteartha na hÉireann. Tugadh léargas chomh maith céanna ar an obair a bhíonn ag dul ar aghaidh in áiteanna mar Ard-Mhúsaem na hÉireanni ngan fhios do mhórchuid an phobailar son chaomhnú na hoidhreachta.Is as deisceart Dhún na nGall d’Eithne Ghallchobhair. ina heagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Bhain PhD amach sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is fidléir í a bhfuil dúil ar leith aici i bhfidléireacht agus in amhránaíocht Thír Chonaill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.