TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ranganna Chumann Carad na Gaeilge ar líne anois
Gearóid Ó Ceallaigh Gearóid Ó Ceallaigh

Tá Cumann Carad na Gaeilge, eagraíocht atá lonnaithe i Meiriceá, ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nuálaí, mar a mhíníonn Gearóid Ó Ceallaigh, díreach mar a rinne an té a bhunaigh an cumann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

ranganna Gaeilge saor in aisce á gcur ar fáil ar an idirlíon ag Cumann Carad na Gaeilge ó bhí an mhí seo caite ann. Tá fáil orthu ag http://groups.yahoo.com/group/philo-celticsociety. Cuireann an áis seo ar chumas an Chumainn bheith ag múineadh na Gaeilge ar fud an domhain.

“Grá do nithe Ceilteacha” an chiall atá le “Philo-Celtic” agus is é cuspóir Chumann Carad na Gaeilge ná "tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain.”

“Táimid ag baint feidhme as teicneolaíocht nua ár n-aoise féin chun ár gcuspóirí a bhaint amach,” a deir Séamas Ó Neachtain, stiúrthóir gréasáin Chumann Carad na Gaeilge, “go díreach mar a bhain ár mbunaitheoir feidhm as teicneolaíocht a aoise siúd.”

Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise An Gaodhal, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá. Ag an am sin, ní raibh ach ollmheán cumarsáide amháin againn, an chlódóireacht. Ach anois, tá an t-idirlíon ann, clódóireacht, teileafóin phóca agus dlúthdhioscaí, agus tá podchraoladh agus físchraoladh á n-úsáid againn ag www.philo-celtic.com.”

Thosaigh Mícheál Ó Lócháin an chéad “Philo-Celtic Class” i mBrooklyn i scoil Our Lady of Victory in 1872. Bhunaigh sé Cumann Carad na Gaeilge agus an ghluaiseacht Ghaeilge i Meiriceá mar sin. Idir 1872 agus 1893, spreagtha ag an iris An Gaodhal, d’fhás Cumann Carad na Gaeilge, a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha ar fud Mheiriceá. Tugadh “The Gaelic League” ar a ranganna. Tháinig Dubhghlas de hÍde go Nua-Eabhrac in 1891 chun eolas a fháil ar an eagraíocht agus a ranganna agus bhí Cumann Carad na Gaeilge agus a ranganna cáiliúla mar eiseamláir aige in 1893 nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in Éirinn.

Fuair Mícheál Ó Lócháin bás in 1899 agus éiríodh An Gaodhal a fhoilsiú i 1904. Tháinig meath ar Chumann Carad na Gaeilge sa 20ú haois go dtí nach raibh ach an bhuneagraíocht ann fós i Nua-Eabhrac. Ba bheag nach bhfuair an bhuneagraíocht bás freisin sna blianta idir 1975 agus 2004. Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú An Gael ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.”

seachtar múinteoirí idirlín ag an gCumann (seisear Meiriceánach agus Éireannach amháin), agus tá breis is 60 scoláire nua cláraithe cheana féin do na ranganna, ón mBrasaíl, ón Astráil, ón Fhrainc, ón Iodáil, ó Phoblacht na Seice, ó Shasana, ó Cheanada, agus ó na Stáit Aontaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun páirt a ghlacadh mar scoláire nó mar mhúinteoir sna ranganna Gaeilge saor in aisce, téigh go http://groups.yahoo.com/group/philo-celticsociety. Beidh an-fháilte romhat.Rugadh Gearóid Ó Ceallaigh i Fort Wayne, Indiana i 1951 agus tógadh é i Long Island, Nua-Eabhrac. Tháinig a sheanathair go Nua-Eabhrac as Contae Mhaigh Eó in 1889 agus gan é ach seacht mbliana d’aois. Tá Gearóid ag obair mar chomhairleoir airgeadais agus tá sé ag múineadh na Gaeilge go deonach i Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac gach oíche Déardaoin ó bhí 1989 ann. Tá sé ina bhall de Chumann Carad na Gaeilge ó bhí 1993 ann agus toghadh é mar Chathaoirleach don bhliain 2007 i mí na Samhna 2006.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.