TEANGA AGUS CULTÚR
Bíodh do ghuth le cloisteáil
Pádraig Ó Ceithearnaigh Pádraig Ó Ceithearnaigh

Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas.

Íomhá
Íomhá
Ceanncheathrú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Mura bhfuil tú bodhraithe cheana féin ag ealaín an olltoghcháin seo romhainn, gach seans go mbeidh idir seo agus mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh seo chugainn, tráth a mbeidh an lá mór againn. D’fhéadfadh sé ar ndóigh gur duine de na daoine sin tú a mhaireann ó thoghchán go toghchán, agus dá mhéad toghchán a thagann i do threo is amhlaidh is fearr leat é.

Cibé áit ar an speictream a luíonn do spéis, tá rud amháin cinnte: beidh tionchar ag an-chuid a chinnfear idir seo agus Meitheamh seo chugainn ar do shaol amach anseo. An cheist atá ann, ar ndóigh, ná an mbeidh tionchar agatsa ar an méid sin?

I measc na nithe a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimpi sa Phlean Straitéiseach don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm i 1995, bhí cur le stádas na Gaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach (AE) agus feidhm cheart a thabhairt don stádas sin. Thosaigh an feachtas maidir le Stádas na Gaeilge san Eoraip i 1995, le linn don Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn a bheith ag glacadh ballraíochta san AE. Leathnaíodh an feachtas go hábhair eile, ag teacht suas go hOlltoghchán na bliana 1997. Cuireadh éilimh phobal na Gaeilge don toghchán sin le chéile, bunaithe ar phlé a tharla ag Tóstal na Gaeilge na bliana sin. I measc na n-éileamh bhí:

· Stádas iomlán oifigiúil oibre don Ghaeilge sa Chomhphobal Eorpach

· Bille Comhionannais Teanga don Ghaeilge

· Go gcuirfí le huaireanta craolta Raidió na Gaeltachta

· Go mbunófaí Comhairle don Ghaeilge sa chóras oideachais

· Go mbeadh oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge ina thosaíocht ag an Aire Oideachais agus ag Aire na Gaeltachta

· Go mbeadh tábhacht na teanga san áireamh do chead pleanála agus go mbeadh staidéir thionchair teanga riachtanach sula gceadófaí aon iarratas pleanála sa nGaeltacht

· Go gcuirfí tacaíocht chuí ar fáil don eagraíocht Comhluadar

· Go gcuirfí maoiniú substaintiúil ar fail do bhuaiteoirí Ghlór na nGael thar tréimhse chinnte de bhlianta

Tar éis an toghcháin, léiríodh tacaíocht an Rialtais d’fheachtas Stádas na Gaeilge san AE i gClár an Rialtais agus faoin am gur tháinig 2002 bhí na nithe seo bainte amach. Bhí plécháipéis ar Acht Teanga foilsithe, mar aon le torthaí comhdhála ar an gcleachtas idirnáisiúnta, ar iarratas ón Aire Gaeltachta.

San Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000, tugtar aitheantas do cheist na teanga den chéad uair i gcúrsaí pleanála. Díreach roimh Olltoghchán 2002, bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Lena chois sin, tá Raidió na Gaeltachta ag craoladh ceithre huaire is fiche, tá maoiniú á fháil ag Comhluadar agus tá ardú suntasach i nduaiseanna airgid Ghlór na nGael.

Olltoghchán 2002Ba ghá arís áit na Gaeilge a chinntiú ann i bpolasaithe na bpáirtithe le linn Olltoghchán 2002. Sa bhfeachtas seo, bhí Stádas na Gaeilge san Eoraip agus Acht Teanga fós ar an gClár. Sa mbreis air sin, bhí pobal na Gaeilge anois ag lorg Údarás Pleanála Teanga don Ghaeltacht, Neamhspleáchas do TG4, foilsiú thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus feidhmiú mholtaí an Choimisiúin. Bhí ionad Gaeilge agus cultúir i ngach baile mór á lorg agus bhí tacaíocht d’fhoilsiú nuachtáin laethúil i nGaeilge de dhíth freisin.

I réimse an oideachais, bhí oiliúint mhúinteoirí, idir réamhoiliúint agus oiliúint leanúnach, lárnach; bhí plean straitéiseach á lorg d’fhonn oiliúint trí Ghaeilge a chur ar fáil do phaistí le deacrachtaí foghlama agus lorgaíodh tacaíocht ar leith d’ionaid chearta oideachais do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta. Iarradh freisin go mbeadh comhoibriú ar bhonn foirmiúil leis na húdaráis oideachais chuí i dTuaisceart Éireann.

Bhí deimhniú i gClár an Rialtais 2002 go n-achtófaí Bille Teanga agus go mbeadh moltaí Choimisiúin na Gaeltachta “mar bhonn do na polasaithe sa todhchaí.” Lean an obair ar aghaidh tar éis an toghcháin agus baineadh amach Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003 agus Stádas na Gaeilge san AE in 2005. Tá moltaí Choimisiún na Gaeltachta, a raibh an dá cheann thuas ina measc, á gcur i bhfeidhm de réir a chéile. Tá neamhspleáchas TG4 luaite i gceannbhille an Bhille Chraolacháin atá beartaithe. Tosaíodh ag foilsiú an nuachtáin go laethúil in 2004 agus lainseáladh leagan nua de le cúpla seachtain anuas.Tá COGG ag cur ábhar tacaíochta, mar aon le leabhair i nGaeilge, ar fáil ar bhonn leanúnach do na scoileanna. Díreach roimh Nollaig 2006, d’fhoilsigh an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge inar leagadh síos 13 bhunphrionsabal agus a thugann le tuiscint go mbeidh pleanáil teanga ar bhonn comhtháite ar siúl den chéad uair. Foilseofar straitéis 20 bliain taobh istigh de dhá bhliain. Rinneadh an cur chuige seo a dhaingniú sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007 – 2013, a foilsíodh an mhí seo caite. Déanann seo cinnte go mbeidh córas monatóireachta ar bun chun an dul chun cinn a mheas sa chéad sé bliana eile ar a laghad.

Tá olltoghchán eile romhainn anois. Is dóigh liom gur léir anois go gcuirtear tábhacht le vóta na Gaeilge ach is léir freisin nach dtarlaíonn seo gan móriarracht. An dteastaíonn uait go gcloisfear do ghuth i mbliana? Beidh comhdháil lae ar siúl ar an 27 Feabhra 2007 chun moltaí phobal na Gaeilge a bhailiú agus beidh míle fáilte romhat ann, sin nó cuir do mholtaí chuig eolas@gaelport.com . Cuirfear gach moladh san áireamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.