TEANGA AGUS CULTÚR
Féile Cholm Chille 2007: réimse leathan imeachtaí don teaghlach ar fad
Deirdre Daly Deirdre Daly

Tá an eagraíocht Colmcille ag súil go meallfaidh an fhéile atá á heagrú acu ar dhá oileán Albanacha i mí an Mheithimh go leor Éireannach, a deir Deirdre Daly.

Íomhá
An grúpa Éireannach Kíla: i measc na n-aíonna ag Féile Cholm Cille 2007
Íomhá
An grúpa Éireannach Kíla: i measc na n-aíonna ag Féile Cholm Cille 2007

Beidh na grúpa clúiteach Kíla ar cheann de na príomhbhannaí ceoil a bheidh i láthair ag féile deireadh seachtaine in Albain i mbliana. Mairfidh Féile Cholm Chille 2007 ar feadh trí lá, 8 – 10 Meitheamh, agus beidh réimse iontach imeachtaí cultúrtha ar siúl ar dhá oileán.

D’fhoilsigh Colmcille (Éirinn is Alba), an ghníomhaireacht a nascann cultúr Gaeilge na hÉireann le Gàidhlig na hAlban, clár na féile ag deireadh na míosa seo caite. I mbliana, beidh an fhéile ar siúl ar oileán Muile agus Oileán Í (áit a raibh a phríomh-mhainistir ag Naomh Colm Cille). I measc na n-imeachtaí beidh ceol, amhránaíocht, bádóireacht, rince agus spórt, chomh maith le siamsaíocht do pháistí. Seo an dara bliain den fhéile, a bhí ar siúl i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, anuraidh.

Deir Mairi McLeod, Oifigeach Tionscadal na hAlban Cholmcille, “D’éirigh thar cionn leis an bhféile i nGleann Cholm Chille anuraidh agus tá sé i gceist againn í a fhorbairt agus a leathnú amach i mbliana. Táimid chun Lá Fhéile Cholm Cille a cheiliúradh i mí an Mheithimh le deireadh seachtaine lán d’imeachtaí do gach aoisghrúpa. Táimid ag tnúth go mór le fáilte fhíor-Albanach a chur roimh mhuintir na hÉireann agus iad ag teacht go dtí na hoileáin don ócáid ilchultúrtha seo.”

Beidh Féile Cholm Chille 2007 mar chuid de Gàidhealtachtd 2007 in Albain. Cé nach bhfuil urra tráchtála ag an bhféile, tá sí á cómhaoiniú ag Comhairle Earra Ghàidheal agus Bute.

“Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht airgeadais a thug an Chomhairle dúinn chun Féile Cholm Chille a eagrú i mbliana.” a deir Mairi Mcleod.

Cuirfear tús le himeachtaí i mbliana Dé hAoine, 8 Meitheamh, le preasócáid agus bádóireacht ar Oileán Í. Beidh Céilí Mór i Halla an Phobail ar an oileán an oíche chéanna agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn agus Albain páirteach ann. Beidh téama níos spioradálta i gceist an mhaidin dár gcionn nuair a reáchtálfar imeachtaí machnamhacha ón dá thír. Beidh ceiliúradh córúil sa mhainistir ar Oileán Í a mbeidh cóir agus amhránaithe as Conamara páirteach ann agus ina dhiaidh sin canfaidh salmóirí as Oileán Leodhais.

Tráthnóna Dé Sathairn, tarlóidh buaicphointe na féile ar an oileán béal dorais, Oileán Muile. Beidh Kíla agus an grúpa cáiliúil Albanach Capercaillie ar an stáitse do cheolchoirm ollmhór. Agus beidh ionad stairiúil ann don ócáid mar tarlóidh an tsiamsaíocht i seanchaisleán Torosay. Beidh neart ceoltóirí eile i láthair freisin, an grúpa Albanach Dáimh ina measc.

Beidh an-éagsúlacht i gceist ar an Domhnach mar go mbeidh ranganna teanga, amhránaíochta agus rince ar siúl. Tabharfaidh na ceardlanna agus ranganna seo deis do dhaoine taithí a fháil ar an nGàidhlig, an Ghaeilge agus Gaeilge Mhanann, mar aon le traidisiúin amhránaíochta agus rince na dtíortha sin. Beidh na ceardlanna sin saor in aisce. Imreofar cluiche sínteag / iománaíochta in Oban an tráthnóna céanna, agus beidh foirne ón dá thír i gceist.

Is ócáid don chlann uilig í Féile Cholm Chille agus beidh imeachtaí ar siúl do gach aoisghrúpa. Ina measc beidh stallaí, ceardaíocht, péinteáil éadan, cluichí do pháistí, taispeántais ealaíne agus iarsmaí. Beidh báid speisialta ag taisteal idir Í, Muile agus Oban le linn na féile.

Deir Aonghus Dwane, Oifigeach Tionscadal Phoblacht na hÉireann Cholmcille, go gceapann siad go mbeidh roinnt mhaith Éireannach i láthair.

“D’éirigh go hiontach leis an gcéad fhéile anuraidh i nGleann Cholm Cille. Táimid ag iarraidh tógáil air sin i mbliana. Táimid ag súil go ndéanfaidh slua maith as Éirinn an turas go hAlbain chun bheith páirteach san fhéile idir-Ghaelach seo.”

Tá gach eolas maidir le ticéid, praghsanna agus taisteal ar fáil ar an suíomh www.colmcille.net.

As Baile Átha Cliath í Deirdre Daly. Tá sí féinfhostaithe ach déanann sí obair mhargaíochta do Cholmcille ar bhonn rialta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.