TEANGA AGUS CULTÚR
Forbairt déanta ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Gearóidín Ní Ghioballáin Gearóidín Ní Ghioballáin

Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód ó bhí 1987, ag cur na Gaeilge chun cinn i measc ghnólachtaí na cathrach. Chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na ngnólachtaí sin, déantar gradam bliantúil, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronnadh orthu. Tá struchtúr nua, duaiseanna agus buntáistí breise ag baint leis an nGradam i mbliana agus é oscailte d’ainmniúcháin ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí 8 Eanáir 2007.

Sheol Gaillimh le Gaeilge an Gradam in 2001 mar aitheantas ar éifeacht na Gaeilge i ngnólachtaí ar fud na cathrach agus ar na slite nuálacha ar bhain siad úsáid astu chun an teanga a bheith mar chuid dá ngnó. Theastaigh ó Ghaillimh le Gaeilge freisin dúthracht agus díograis lucht gnó na cathrach a thréaslú leo agus é seo a threisiú.

Is é aidhm Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil agus atá, mar thoradh air sin, rannpháirteach san iarracht atá ar bun Gaillimh a chur chun cinn mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann agus inmharthanacht na hachmainne is tábhachtaí ó thaobh cultúir agus cúrsaí geilleagracha de a chinntiú.

ceithre threibh déag na Gaillimhe le sonrú sa mbuantrofaí seo agus treibh amháin sa mbreis ann chun buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur in iúl. Ainmníodh an Gradam in ómós do Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ball bunaithe agus rúnaí comhlachta Ghaillimh le Gaeilge.

Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.

Bronnfar macasamhail den Ghradam, atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraig Reaney go speisialta, ar an bpríomhbhuaiteoir i ngach catagóir agus uathu sin a roghnófar buaiteoir iomlán an Ghradaim.

Tá duaiseanna agus buntáistí nua le gnóthú ag an mbuaiteoir i mbliana: poiblíocht sa nuachtán áitiúil, The Galway Advertiser agus ar an stáisiún raidió áitiúil, Galway Bay FM; priontáil agus comhairle mhargaíochta ó Snap Printing; ballraíocht de Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus dlúthchairdeas le Gaillimh le Gaeilge.

I measc na mbuaiteoirí go dtí seo, tá Pobal Shíomóin, Café Bananaphoblacht, D’Arcy Marketing agus Óstán an Warwick. Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís chomhairleoireachta ar fáil do chomhlachtaí chun cabhrú leo ullmhú don Ghradam.

I measc na dtionscadal eile atá idir lámha ag Gaillimh le Gaeilge, tá an scéim ‘Cairde’ agus bíonn muid páirteach i dtionscadail dhátheangacha a ndéantar forbairt orthu i gcomhar le grúpaí eile i nGaillimh. Bunaíodh an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 1992. Is é an ról atá ag an gcoiste seo ná ainmneacha Gaeilge a chur ar fáil d’eastáit nua, ainmneacha a chuireann stair, cultúr agus an tírdhreach áitiúil in iúl. Cothaítear teagmháil leanúnach leis an lucht gnó trí chlár ilghnéitheach sóisialta agus nasctha, lena n-áirítear nuachtlitir mhíosúil, lónta gnó agus ócáidí sóisialta.

Diaidh ar ndiaidh tá atmaisféar éagsúil á chruthú i nGaillimh agus an dátheangachas á shníomh isteach i ngnáthshaol na cathrach.

Beidh struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á sheoladh againn go hoifigiúil ar an 23 Samhain ag a 6.00 p.m. i gCumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ar ár suíomh, www.gleg.ie.

*Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe tríd an scéim Cairde Ghaillimh le Gaeilge. *

Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh

Guthán: (091) 568876; facs: (091) 568836; eolas@gleg.ie; www.gleg.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.