TEANGA AGUS CULTÚR
Gaeilge na Cruinne, Béarla na Linne
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.

Íomhá
Cróilí an Ghalátaigh
(le Jastrow ar Vicipéid)
Íomhá
Keltischer Wagen Hochdorf
Íomhá
Seanchianóga de chuid na dTrévires
Íomhá
An Bheilg le linn Chéasair
Íomhá
Dearadh den charbad in Hochdorf

Trí a thuig i gceart i Trier na Gearmáine i Lúnasa ag an First European Symposium in Celtic Studies: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith atá á labhairt i dtíortha go leorseachas in Éirinn.

Ach céard ba chúis leis an teideal First European Symposium? Le fada an anuas, ba ghnách do lucht na Gearmáinise comhdháil gcuid féin a reáchtáil uair sna cheithre bliana. an Léann Ceilteach rólag sa nGearmáin áfach leis an traidisiún sin a chaomhnú feasta, agus an Béarla róláidir le coinneáil ó dhoras.

Blianta beaga ó shin más ea, bhí an Ghaeilge agus an Bhreatnais, idir shean agus nua, á saothrú in ollscoileanna go leor ar fud na Gearmáine: Freiburg, Ollscoil Humbolt i mBeirlin, Wuppertal, Marburg, Potsdam, Halle agus Bonn cuir i gcás. Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, deireadh , ísliú céime easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa. Níl cás is soiléire faoi láthair Bonn, áit ar scríobh Rudolf Thurneysen gráiméar na Sean-Ghaeilge. Ó chuaigh an tOllamh Steffan Zimmer ar scor i 2011, folúntas ina dhiaidh, agus an baol ann nach gceapfar comharba air.

Ráchairt ar Oidhreacht, Meath ar Léann

Ar an taobh eile den scéal, suim nach beag i stair agus igcultúr’ na gCeilteach in áiteacha go leor ar an mór-roinn, an Ghearmáin ina measc, go mórmór san oirdheisceart b’fhéidir, i mBaden-Württemburg. I dtús na bliana más ea (2013), cuireadh taispeántas ollmhór ar bun in iarsmalann Stuttgart dar theideal Die Welt der Kelten. An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.

An taoiseach mór as Hochdorf agus a chuid seod: sin é is a bhí ag mealladh na ndaoine go músaem Stuttgart. Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí. Nuair a sheas os comhair na fianaise, chuaigh an tuiscint ar éadáil agus ar acmhainní shinsear na nGael go croí ionam. Is amhlaidh a tharla i Trier arís nuair a chonaic muid an seandún in Otzenhausen a thóg na Trevires os cionn dhá mhíle bliain ó shin. Bhí ballaí an dúin ocht slata déag ar airde lena linnteach stór.

Ach oiread le dream más ea, is biseach agus meath ba scéal do na treibheanna Ceilteacha in Hochdorf agus i Trier. Ach bhí ceist eile ann: cén fáth meath ar an Léann Ceilteach sa nGearmáin nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le hoidhreacht na gCeilteach? Fear darb ainm Holga Müller, staraí in iarsmalann Stuttgart, a dúirt an méid seo a leanas liom: ‘ fadhb mhór ag lucht an Léinn Cheiltigh ó thaobh margaíochta de. [Agus] dearcadh seanfhaiseanta acu ar an obair [a bhíonn siad a dhéanamh].

Cruinneas Lucht Ghaeilge na Cruinne

Is é an tríú a tuigeadh dom i Trier is a bhain stangadh asam. Rith liom gur dóigh gurb í Éire an t-aon áit ar domhan a bhfuil cois i dtaca ag an droch-Ghaeilge inti. I Trier na Gearmáine an mhí seo caite, chuala daoine ón Rúis, as Sasana, as an nGearmáinagus as Gaeltacht na hÉireannag Gaeilgeoireacht go binn. Is amhlaidh Gaeilge na cruinne. (Go maithe Dia dom é, ach is le hÉirinn a shamhlaím an bhriotaíl.) Toscaireacht as Moscó is a chuir iontas ormagus áthas. Orthu sin bhí Victor Bayda, Oksana Dereza, Tatyana Mikhailova agus Marina Snesareva. Duine ar bith díobh sin ar chuir caidéis orthu, bheadh a fhios agam nach le bean fear Gaeltachta a bhí ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú. Sin mar a bhí i Trier: Gaeilge ag na Rúisigh, Béarla ag na Gearmánaigh.

Le linn na comhdhála bhí díospóireacht painéil ann faoi thodhchaí na dteangacha Ceilteacha. Is é Harold Flohr a bhí ina chathaoirleach uirthi. I measc na gcainteoirí bhí Michael Klevenhaus (Bonn), Steve Hewitt (Páras) agus Nely Van Seventer (Utrecht/Rennes). Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobailmicrea-phobail go deimhina bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.

Ceist eile a cuireadh: ar ceart páiste a thógáil le teanga Cheilteach sa atá inniu ann más baol go gcuirfidh an teanga sin bac laghad ar oideachas ar intleacht an pháiste? Cuireadh ar a súile don phainéal ansin go bhfuil a leithéid de rud ann agus droch-Ghearmáinis chomh maith. Tharlódh bac ar phaiste cuma cén teanga a labhrófaí leis. Todhchaí na dteangacha Ceilteacha? (Todhchaí na Gearmáinise?) lia duine tuairim.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.