TEANGA AGUS CULTÚR
Cúrsa nua oiliúna fógartha ag Europus Teoranta
Áine Ní Chonghaile Áine Ní Chonghaile

Déanann Áine Ní Chonghaile, Stiúrthóir Europus Teoranta, cur síos ar chúrsa nua de chuid an chomhlachta a chuirfidh oiliúnt ar fáil dóibh siúd ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta atá tagtha chun cinn i saol na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

Íomhá
Íomhá
Beidh an cúrsa ar siúl ar an gCeathrú Rua i gConamara

Tá Europus Teoranta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, i ndiaidh cúrsa nua oiliúna a fhógairt a bheidh dírithe ar riarthóirí, ar chúntóirí agus ar rúnaithe agus a mbeidh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga ann.

Reáchtálfar an cúrsa i gConamara agus cuirfear tús leis i mí Dheireadh Fómhair. Mairfidh sé ceithre seachtaine is fiche agus bronnfar dioplóma aitheanta ar na rannpháirtithe. Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntas lóistín (a mhaoineoidh Údarás na Gaeltachta) le hoiliúnaithe a bheidh ina gcónaí as baile.

Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus de bhrí go bhfuil Stádas Oifigiúil Oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach,mórdheiseanna nua fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus san Eoraip. Tá éileamh mór ar riarthóirí, ar chúntóirí agus ar rúnaithe a mbeidh ardoiliúint orthu agus arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. Tá 40 post fógartha cheana féin san Eoraip sa réimse seo.

Beidh an cúrsa ardghairmiúil seo dírithe ar dhaoine ar mian leo cur isteach ar na postanna sin sa bhaile agus san Eoraip. Cuirfear oiliúint orthu i nGaeilge agus i mBéarla, i scileanna oifige, ríomhairi agus riaracháin, agus beidh modúl roghnach Fraincise i gceist. Cuirfear oiliúint ar dhaoine maidir le riachtanais dhlíthiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.Ullmhófar na rannpháirtithe freisin le haghaidh chomórtas iarratais an Aontais Eorpaigh (AE). Bíonn céimeanna éagsúla ar gá dul tríothu agus iarratasóirí ag cur isteach ar phostanna leis an AE. Creideann Europus go bhfuil ag teip ar dhaoine a chuireann isteach ar phostanna leis an AE mar nach mbíonn oiliúint curtha orthu roimh ré. Réiteoidh cúrsa Europus rannpháirtithe le haghaidh tástálacha an AE agus cuirfidh sé béim faoi leith ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: an páipéar ceisteanna ilroghnacha agus an páipéar ceisteanna ar an Eoraip féin.

Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu. Is ar bhonn agallaimh agus scrúdú scríofa a roghnófar daoine.

Ní thógann Europus níos mó ná cúig dhuine dhéag ar a gcuid cúrsaí lena chinntiú go gcuirtear oiliúint mhaith ar gach rannpháirtí agus go mbainfidh siad oiread agus is féidir as an gcúrsa. Cheana féin tá cúrsa aistriúcháin Europus, a reáchtáiltear i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, ag baint leibhéal na máistreachta (MSc) amach agus tá céimithe an chúrsa in ardphostanna teanga ar fud na tíre agus na hEorpa.

Tá Europus ag iarraidh go mbeidh na hiarratais acu faoi 4 Méan Fómhair.

Is féidir iad a sheoladh chuig: Europus, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Tuilleadh eolais: (091) 572082 nó europus@indigo.ie Is í Áine Ní Chonghaile stiúrthóir an chomhlachta Europus Teo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.