TEANGA AGUS CULTÚR
Rince, cultúr agus cairdeas
Eithne Ní Ghallchobhair Eithne Ní Ghallchobhair

Agus tréimhse na n-oícheanta fada dorcha buailte linn arís, tá gach seans go mbeidh tú sa tóir ar ghiota beag siamsaíochta le gruamacht an gheimhridh a mhaolú. Molann Eithne Ní Ghallchobhair bealach amháin leis an am a mheilt: dul isteach i gCairde Rince Céilí na hÉireann!

Íomhá
Eagraíonn Cairde Rince Céilí na hÉireann "fíor-chéilithe" ar fud na tíre
Íomhá
Íomhá
Baill choiste náisiúnta Chairde Rince Céilí na hÉireann. Is í Eilís Ní Mhearraí an duine sa lár

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil. Go tobann, tá lear mór ranganna oíche fógartha ar fhuinneoga siopaí, sna nuachtáin áitiúla agus ar achan bhalla bán atá ar fáil. Ní gá duit ach díriú ar réimse amháin agus a bheith tógtha leis.

Tá Cairde Rince Céilí na hÉireann ar cheann de na heagraíochtaí is mó a chuireann ranganna oíche ar fáil ar fud na tíre seo. Glacann tuairim is 15,000 duine páirt sna ranganna agus in imeachtaí na heagraíochta an uile bhliain. Cuireann an eagraíocht náisiúnta agus na clubanna áitiúla ranganna, ceardlanna agus oícheanta den rince céilí – ar a dtugann siad “fíor-chéilithe” – ar fáil do dhaoine fásta ar bhonn rialta. Cé go bhfuil craobh láidir den eagraíocht faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath, tá tuairim is 25 craobh eile lonnaithe lasmuigh den ardchathair agus bíonn ranganna ar siúl in achan chontae in Éirinn – agus sa tSairdín!

Eagraítear ceardlanna in áiteanna a raibh easpa dúile sa rince i gceist iontu go stairiúil. Go hiondúil, bíonn na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh agus go minic, eascraíonn ranganna seachtainiúla as na ceardlanna sin. Taobh istigh de chúpla mí, toghtar coiste áitiúil agus leanann an club áitiúil ar aghaidh ina dhiaidh sin ag glacadh páirt iomlán san eagraíocht.

Cláraíonn achan chlub leis an eagraíocht mar aonad nuair a thosaíonn siad ar dtús agus cuireann siad ranganna seachtainiúla sa tsiúl; ní bhíonn ballraíocht aonair i gceist. Cé go bhfuil na ranganna seo dírithe ar dhaoine fásta, cuirtear fáilte roimh dhéagóirí agus roimh pháistí má thagann siad in éineacht le duine fásta.

Má bhíonn suim ag daoine óga sa rince i gceantair ar leith, áfach, eagraíonn na coistí cúrsaí ocht seachtaine sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna in aice láimhe, is cuma cá háit sa tír a bhfuil siad. I ndiaidh na gcúrsaí, eagraítear fíor-chéilithe na n-óg in achan cheantar a bhfuil na cúrsaí sin ar siúl iontu agus tig dhá nó trí scoil le chéile don chéilí sin. Ó bunaíodh é, tá Cairde Rince Céilí na hÉireann i ndiaidh an rince céilí a theagasc do níos mó ná 10,000 páiste achan bhliain. Ní beag an t-éacht é sin!

*Athmhúscailt *Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996 chun suim sa rince céilí a athmhúscailt agus a athchothú. Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar

ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh. Socraíodh ar eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn i measc achan aoisghrúpa. Toghadh coiste náisiúnta chun an obair sin a dhéanamh agus ní raibh amharc siar i gceist ó shin i leith. Is é an coiste náisiúnta atá freagrach as clubanna úra a bhunú agus as cuidiú a thabhairt do chlubanna úra ó thaobh ranganna a chur sa tsiúl agus an chéad fhíor-chéilí a eagrú i gceantar s’acu féin. Damhsa grúpa amháin atá i gceist; rincí mar “Ballaí Luimní”, “Aoibhneas na Bealtaine” agus “Ionsaí na hInse”. Eagraíocht dheonach atá inti go huile is go hiomlán.

D’fhiafraigh mé d’Eilís Ní Mhearraí, atá ina Rúnaí Náisiúnta ar Chairde Rince Céilí na hÉireann, cad chuige a gcuireann daoine suim sa rince céilí.

“Déanann siad amhlaidh ar go leor cúiseanna," a deir sí. "Tá cuid de na rannpháirtithe ag iarraidh bualadh le daoine nua agus tá cuid eile acu ag iarraidh aclaíocht a dhéanamh. Ach is é an fáth ar bunaíodh an eagraíocht seo ná chun cuid thábhachtach dár gcultúr a choimeád beo. Diomaite de Chúige Uladh agus corráit i gCúige Laighean, ní raibh fíor-chéilithe ar siúl in áit ar bith eile sa tír nuair a bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996. Tá feabhas mór tagtha ar an scéal sin le dhá bhliain déag anuas. Bíonn gach ócáid ar siúl in ionad nach gceadaítear alcól ann agus meallann sé sin daoine a aithníonn go bhfuil gá le siamsaíocht mar sin a bheith ar fáil.”

Maireann achan chéilí ar feadh trí huaire. Déantar thart ar 18 rince dhifriúla ag gach céilí. Roghnaítear na rincí as an leabhar Ár Rince Foirne den chuid is mó agus dar le Ní Mhearraí, tá siad i ndiaidh cúpla seanrince a athbheochan chomh maith. Tá na céilithe agus na ranganna dírithe go hiomlán ar na rincí féin agus ar iad a theagasc ar bhealach taitneamhach; ní bhíonn comórtais ar bith ar siúl. Ní chuige sin atá an rince céilí, dar le Ní Mhearraí.

Ba mhaith le muintir na heagraíochta go nglacfadh an pobal ina iomláine páirt sna ranganna agus sna himeachtaí seo atá ina gcuid luachmhar dár gcultúr. Ní bhíonn rangú de réir caighdeáin i gceist ach an oiread.

“Ní dóigh liom gur gá daoine fásta a scagadh. Nuair a thosaíonn na ranganna i mí Mheán Fómhair, bíonn meascán de thosaitheoirí agus de dhaoine ar bheagán taithí i láthair. Bíonn beagáinín athbhreithnithe ag teastáil ó na daoine a d’fhreastail ar rang an bhliain roimh ré agus is cuma leo siúd má dhéantar rudaí simplí a chleachtadh ar feadh cúpla seachtain go dtí go mbíonn na tosaitheoirí beagnach ar comhchéim leo. Cabhraíonn siad lena chéile.”

Má tá féith an rince ionat cheana féin – agus suim agat tabhairt faoi obair dheonach atá fiúntach agus spraíúil – eagraítear cúrsaí traenála agus scrúduithe do dhaoine ar spéis leo cáilíocht a bhaint amach i dteagasc an rince céilí. Tá 38 múinteoir ag obair leis an eagraíocht faoi láthair agus tá an scrúdú bainte amach acu siúd ar fad ó bhí 1996 ann. Fostaíonn Cairde Rince Céilí na hÉireann múinteoirí a rinne a gcuid scrúduithe le heagraíochtaí eile chomh maith.

Bhí ceist amháin eile agam do Ní Mhearraí: Cad é a tharlaíonn i gcás mo leithéidse a bhfuil dhá chos chlé uirthi!

“Iarraim orthu cos amháin a mhalartú le duine a bhfuil dhá chos dheasa air!”

Le freagra mar sin, níl leithscéal ar bith agat gan triail a bhaint as!

Má tá tú ag iarraidh a theacht ar rang oíche atá rud beag éagsúil, áit a gcasfar daoine úra aclaí ort, tig leat tuilleadh eolais a fháil ar www.ceilidancing.com.

Is as deisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina heagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Bhain sí PhD amach sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is fidléir í a bhfuil dúil ar leith aici i bhfidléireacht agus in amhránaíocht Thír Chonaill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.