TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Raidió na Life
Maebh Ní Fhallúin Maebh Fhallúin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Maebh Fhallúin, Raidió na Life (www.rnl106.com), Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

1. Cén ról atá agat féin i Raidió na Life (RnaL) agus cén fhad atá sa phost?Ceapadh mar bhainisteoir an stáisiúin ag deireadh an tsamhraidh seo caite agus beidh bliain sa phost i Mheán Fómhairbliain iontach gnóthach ach bliain thar a bheith sásúil!

  1. Cathain a bunaíodh RnaL agus a bhunaigh é?D’eascair Comharchumann Raidió Átha Cliath as grúpa a tháinig le chéile i Dheireadh Fómhair 1988 chun iarratas a ullmhú do stáisiún raidió lán-Ghaeilge do chathair agus do limistéar Bhaile Átha Cliath. Cláraíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath le Cláraitheoir na gCara-Chumann i Iúil 1989 agus chuathas i mbun scaireanna sa chomharchumann a dhíol i measc phobal na Gaeilge. Raidió na Life an t-ainm a roghnaíodh don tseirbhís nua agus tar éis feachtas láidir leanúnach, chuaigh an stáisiún ar an aer ar an 25 Meán Fómhair 1993 le ceadúnas ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.3. Cén fáth ar bunaíodh é?Chonacthas don Chomharchumann go raibh géarghá le stáisiún a d’fhreastalódh go speisialta ar riachtanais éisteachta phobal na Gaeilge agus a dhéanfadh ceangal tábhachtach cumarsáide idir comhluadair na Gaeilge a bhí scaipthe ar fud mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Ba é príomhaidhm

an Chomharchumainn seirbhís chuimsitheach craolacháin lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar bhonn oideachasúil agus pobail. hamháin go gcuirfeadh seirbhís riachtanach chultúrtha ar fáil, ach spreagfadh aithne agus díograis don teanga ar bhealach nach raibh feicthe cheanna féin sa cheantar. raibh aon fhreastal á dhéanamh ag na seirbhísí áitiúla raidió ar phobal na Gaeilge ainneoin an fháis a bhí tagtha i spéis an phobail i gcoitinne sa Ghaeilge agus san oideachas lán-Ghaeilge. Is chun freastal a dhéanamh ar an easnamh mór seo i saol phríomhchathair na hÉireann a bunaíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath.4. mhéad duine atá fostaithe sa stáisiún anois? triúr fostaithe go lánaimseartha sa stáisiún: féin mar bhainisteoir, Fearghal Saxe mar theicneoir fuaime agus Muiris Ó Fiannachta mar chlár-reachtaire. Oibríonn Marc Ó Loinsigh ar bhonn páirtaimseartha mar mhaor deireadh seachtaine. Stiofán Ó Loinsigh, innealtóir fuaime, ag obair ar bhonn conartha sa stiúideo taifeadta atá againn, Dearg.

5. Cén obair a dhéantar i RnaL ó go ? éagsúlacht mhór ag baint cúraimí laethúla na foirne. Bímse ag plé le cúrsaí airgeadais agus riaracháin an stáisiúin, chomh maith le hearcaíocht a dhéanamh ar chraoltóirí nua, an sceideal a shocrú agus déileáil le haon fhadhbanna a thiteann amach ó go . Eagraíonn Muiris formhór na gcláracha cainteidir thaighde, léiriú, eagarthóireacht ar na cláracha agus teagmháil rialta leis na craoltóirí. Déanann Fearghal taifeadadh, logáil agus eagarthóireacht ar na cláracha agus déanann cothabháil ar an trealamh uilig. Bímid ar fad ag plé le traenáil na gcraoltóirí nua.6. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?Faigheann Raidió na Life deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge. I measc na bhfoinsí maoinithe eile ioncam ó dhíol scaireanna, urraíocht agus fógraíocht agus cíos ón stiúideo. Faigheann an

stáisiún roinnt tacaíochta ó scéimeanna éagsúla a reáchtálann Coimisiún Craolacháin na hÉireann chomh maith. srianta móra airgeadais ar an stáisiún i gcónaí. éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir. féidearthachtaí iontacha ag baint leis an stáisiún toisc an luach agus an chumhacht a bhaineann leis an raidió ach le tuilleadh infheistíochta le han-chuid de na féidearthachtaí sin a bhaint amach.7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Raidió na Life ag obair i dtreo bunaidhmeanna an Chomharchumainn a bhaint amach i gcónaí – “seirbhís chuimsitheach craolacháin lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar bhonn oideachasúil agus pobail”. seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi. Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig ar an bhfód, forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.8. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le RnaL?Tháinig na pointí seo chun cinn ag ceardlann inmheánach agus ag ceardlann phoiblí a d’eagraigh an stáisiún anuraidh:* Láidreachtaí*

Is acmhainn iontach é stáisiún pobail atá tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a sholáthar sa chathair dóibh siúd gur spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.

Tugann tacaíocht d’eagraíochtaí eile trí bholscaireacht agus aitheantas a thabhairt gcuid feachtas agus imeachtaí agus soláthraíonn áis i gcomhair plé oscailte faoi chúrsaí a théann i bhfeidhm ar an bpobal. Tugann rogha eile do dhaoine ó thaobh an cheoil, an spóirt agus araile. Tugann deis do chraoltóirí nua taithí a fháil i gcúrsaí craolacháin. Faigheann tacaíocht leanúnach neamhfhoirmeálta ó chraoltóirí proifisiúnta a thosaigh ag craoladh ar dtús i Raidió na Life. Cuireann an stáisiún fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua agus roimh smaointe nua. Tagann saoirse agus éagsúlacht ó bheith ag brath ar dhaoine atá ag obair ar bhonn deonach, agus ó bheith saor ó bhrú tráchtála. an-chaidreamh ag an bhfoireann leis na craoltóirí deonacha. an-mheascán daoine gafa leis an stáisiún agus an-dílseacht acu . An-bhua is ea ionad lárnach cathrach an stáisiúin.

atmaisféar neamhfhoirmiúil oibre i measc na gcraoltóirí agus na foirne agus bíonn an-chraic eatarthu.Laigí

ganntanas acmhainní daonna sa stáisiún, go háirithe fostaithe lánaimseartha. easpa bolscaireachta sa chathair (i gcomparáid leis an iarracht a rinneadh i mblianta tosaigh an stáisiúin). Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair. Bíonn caighdeán measctha ann ó thaobh cur i láthair na gclár de. Obair dheonach í seo a bhfuil cúraimí faoi leith ag gabháil léi; is deacair do dhaoine a gcroí a chur inti go hiomlán, de cheal ama. easpa infheistíochta i gceist i dtrealamh.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainteamach ag an stáisiún faoi cheann cúig bliana.

Athnuachan bheith déanta ar an gceadúnas craolacháin. Cead bheith faighte craoladh 24 uair an chloig Raidió na Life bheith go mór i mbéal an phobail mar gheall ar ardchaighdeán na gcláracha, réimse an cheoil agus de thoradh fostaithe breise bheith sa stáisiún, dírithe ar chúrsaí margaíochta agus ar chúrsaí ríomhaireachta!

10. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.