TEANGA AGUS CULTÚR
Seachtain na Gaeilge linn arís!

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge ar an 3 Márta. San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá Ceol '08 ar fáil sna siopaí anois
Íomhá
Íomhá
Daithí Ó Sé agus Aoife Ní Thuairisg, pearsana na Seachtaine, 2008

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus ciallaíonn sé sin rud amháin: beidh Seachtain na Gaeilge – ar coicís na Gaeilge í na laethanta seo – faoi lán seoil roimh i bhfad. Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – It’s You!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig. Glacann níos mó ná 200,000 duine páirt in imeachtaí na Seachtaine chuile bhliain, in Éirinn agus i gcéin. Beidh féile na bliana seo ar siúl idir 3 Márta agus 17 Márta.I measc phríomhimeachtaí na féile i mbliana beidh lainseáil oifigiúil na Seachtaine i Halla an Chontae, Tamhlacht ar an 6 Márta. Cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ar a seacht a chlog agus tá cead isteach saor in aisce i gceist, ach d’áit a chur in áirithe roimh ré (tá sonraí teagmhála ar fáil do gach rud a luaitear san alt seo ag bun an leathanaigh). Beidh Daithí Ó Sé – atá chuile áit na laethanta seo, is cosúil – mar fhear tí ar an oíche, agus i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, beidh na hamhránaithe Declan O’Rourke agus Fiach agus an banna ceoil Lir.

Mórimeacht eile de chuid na Seachtaine is ea an gig speisialta a bheas ar siúl i Vicar Street ar an 13 Márta. Tá ócáid thar a bheith speisialta á heagrú ag foireann Chlub Sult don oíche seo. Beidh leithéidí John Spillane, Prison Love agus Slide i mbun an cheoil agus tá Des Bishop – fear eile atá gnóthach na laethanta seo – i mbun an ghrinn. Tá ticéid ar fáil ó www.ticketmaster.ie agus is féidir iad a cheannach ar an oíche chomh maith.Is dócha go bhfuil na halbaim a chuirtear amach chuile bhliain leis an bhféile a cheiliúradh ar cheann de na gnéithe is taitneamhaí a bhaineann leis an tSeachtain. Tá albaim eisithe ag Seachtain na Gaeilge chuile bhliain ó bhí 2005 ann agus bíonn ráchairt an-mhór orthu. Thar na blianta, ghlac maithe agus móruaisle shaol ceoil na hÉireann páirt sna halbaim seo – The Frames, Kíla, John Spillane, Liam Ó Maonlaí, Paddy Casey, The Devlins, Luka Bloom agus The Waterboys ina measc. Tá scoth an cheoil Éireannaigh le fáil ar albam na bliana seo chomh maith, ó leithéidí Mundy, Lir, Slide, Jack L agus Luan Pearle.

Dúirt Orla Nic Shuibhne, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, le Beo! le gairid: “Measaim gurb é an rud is tábhachtaí faoi na halbaim seo ná go n-ardaíonn siad próifíl na teanga. Tá scoth na gceoltóirí le cloisteáil orthu. Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh. Má fheiceann siad go bhfuil daoine cáiliúla ag canadh trí Ghaeilge, is cinnte go mbeidh tionchar ag sin ar a ndearcadh i leith na teanga. Is tionscadal carthanach iad na halbaim seo chomh maith; i mbliana tabharfar aon bhrabús a thuillfear as díol na ndlúthdhioscaí do Barnardos.”

Tá albam Sheachtain na Gaeilge, *Ceol ’08, *ar fáil sna siopaí anois agus ó Sheachtain na Gaeilge féin.

Imeachtaí eileLe cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile. Mar shampla, beidh tionscadal ar a dtugtar Leabhar Power ar siúl i rith na seachtainí céanna. Is éard atá i gceist le Leabhar

Power ná feachtas bolscaireachta a cuireadh ar bun chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl i rith an fheachtais le daoine óga agus daoine fásta a chur ag léamh. Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí. Tá an feachtas á eagrú ag an gComhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, CLÉ, Bord na Leabhar Gaeilge agus ÁIS, agus beidh Seachtain na Gaeilge ag cur tacaíocht bhreise ar fáil dó.

Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear. Déanann Seachtain na Gaeilge na himeachtaí seo ar fad a chomhordú ina mbunachar sonraí agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do dhaoine, do scoileanna agus do ghrúpaí éagsúla ar mian leo a bheith páirteach san fhéile. Is measc na n-acmhainní a chuireann siad ar fáil, tá ábhar margaíochta, lámhleabhar atá dírithe ar dhaltaí scoile agus ábhair éagsúla ar féidir úsáid a bhaint asle tráth na gceist agus imeachtaí eile a eagrú. Mar aon leis na himeachtaí

a bheas ar siúl in Éirinn, beidh cinn á reáchtáil san Astráil, sa Bhreatain, ar Mhór-Roinn na hEorpa agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is féidir leoa bhfuil suim acu i gcúrsaí na Seachtaine iad féin a choimeád ar an eolas faoin méid a bheidh ag titim amach lena linn ach cuairt a thabhairt ar leathanaigh Bebo nó MySpace de chuid na féile.

Ba i bhfad ó Kíla, The Frames, Bebo agus MySpace a bunaíodh Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1902! Cuireadh tús leis an bhféile mar gur mheas Conradh na Gaeilge gur ghá ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig agus ar chultúr agus ar theanga na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, tá Seachtain na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách agus is é Foras na Gaeilge príomhfhoinse maoinithe na féile. Tá roinnt sonraí teagmhála agus suíomhanna greasáin úsáideacha luaite thíos.

Seachtain na Gaeilge Suíomh greasáin: www.snag.ie Fón: 00 353 1 4757401Ríomhphost: eolas@snag.ie Bebo: SeachtainNaGaeilge.bebo.com MySpace: www.myspace.com/snagceol

Ticéid d’ócáid seolta Sheachtain na GaeilgeFón: 086-8228916Ríomhphost: gaeilge@sdublincoco.ie

Tuilleadh eolais i dtaobh Sult i Vicar Street Fón: 086 8506346 / 086 8599067 Ríomhphost: clubsult@gmail.comTá ticéid ar fáil ó www.ticketmaster.ie chomh maith.

Tuilleadh eolais faoi Leabhar Power www.leabharpower.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.