TEANGA AGUS CULTÚR
I gcuimhne ar Sheán Ó Tiarnaigh
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Fuair Seán Ó Tiarnaigh bás in Staten Island, Nua-Eabhrac ar an 28 Bealtaine, bliain i ndiaidh obráid a bheith aige le siad urchóideach ina inchinn a scrios. Féachann Éamonn Ó Dónaill siar ar shaol an fhir seo a d’fhág a cheantar dúchais i Maigh Eo sna caogaidí agus ar éirigh leis oiread a bhaint amach le linn na mblianta fada a chaith i Meiriceá.

Chas féin den chéad uair ar Sheán Ó Tiarnaigh, a cailleadh an mhí seo caite, ar chúrsa Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí na Gaeilge (www.daltai.com) ag tús na mílaoise. Chuir aithne air de réir a chéile agus mhéadaigh mo mheas air, go háirithe nuair a d’inis scéal a bheatha dom.

Rugadh Seán i lár na dtríochaidí in aice le Baile an Róba i gContae Mhaigh Eo. Cailleadh a athair nuair nach raibh Seán ach trí bliana d’aois, rud a chothaigh deacrachtaí móra airgid don teaghlach. Dúirt an méid seo liom faoina óige le linn dom agallamh a chur air don iris seo trí bliana ó shin (Beo!, Iúil 2005):

raibh mórán feirmeoireachta ar siúl againn. Fuair m’athair bás nuair a bhí trí bliana d’aois. raibh sa teaghlach ach féin, mo dheartháir agus mo mháthair. Bhí againn agus cearca agus muca, agus thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn. Gan iad siúd bheadh saol leath chomh maith againn is a bhí.”

I ndiaidh an Ardteist a dhéanamh i 1953, thug Seán aghaidh ar Shasana le hobair a lorg de bhrí nach raibh mórán deiseanna fostaíochta ar fáil in Éirinn ag an am. Chaith seal ag obair ar na láithreáin tógála i Manchain agus i Londain agus chinn ansin ar thriall ar Mheiriceá. D’fhan le huncailí chuid sna míonna tosaigh ach d’éirigh leis árasán chuid féin a fháil ansin agus post i mbanc.

Bhain Seán céim amach san oíche san eacnamaíocht agus d’éirigh leis post a fháil sa deireadh mar leasuachtarán ar bhanc tráchtála Ceanadach, Fiducie Desjardins, comhlacht ar chaith cúig bliana is fiche ag obair leis.

Níor chuir Seán spéis sa Ghaeilge go dtí go raibh beagnach trí scór bliain d’aois.

Níor labhair focal ón a d’fhág Éirinn go dtí 1994,” a dúirt liom le linn an agallaimh trí bliana ó shin. “Roimhe sin, bhí daoine as New Jersey ag cur brú orm a bheith ag múineadh na Gaeilge mar go raibh a fhios acu go ndearna staidéar ar an teanga ar scoil. Ach raibh suim laghad agam é sin a dhéanamh mar go raibh ag obair fós. Lean siad ar aghaidh ag cur brú orm agus shuigh isteach i rang Liam Guidry sa deireadh. raibh in ann focal a ! Bhí faitíos orm mo bhéal a oscailt! Ach thosaigh ag éisteacht agus chuaigh ar ais agus cheannaigh cúpla leabhar an-bheag agus tar éis tamaill dúirt liom féin, ‘Mo chaithim beagán ama leis seo, beidh chomh maith le Liam.

Chaith Seán an-dua leis an teanga agus taobh istigh de thréimhse ghearr bhí ag múineadh na Gaeilge in Staten Island agus ar chúrsaí deireadh seachtaine de chuid Daltaí na Gaeilge. Bhíodh ag múineadh go rialta fosta ar chúrsaí eile in Pennsylvania, Montreal, Kingston, Ontario agus Ottawa.

Tharla tragóid an-mhór i saol Sheáin in 2001 nuair a maraíodh a mhac, John Patrick (27), in uafás 9/11. B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York agus bhí i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.

Ghoill bás a mhic go mór ar Sheán, ar a bhean chéile Helen agus ar an teaghlach ach chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh i gcuimhne ar John Patrick: scoláireacht a bhunú chun cur ar chumas múinteora de chuid Daltaí na Gaeilge dul go hÉirinn gach bliain chun oiliúint bhreise a fháil.Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar mór é. Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann anngan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus iarrfadh aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.

B’onóir é aithne a chur ar Sheán Ó Tiarnaigh, fear eisceachtúil agus duine a rinne a chion féin don Ghaeilge.

Seo thíos an méid a bhí le ag beirt chairde de chuid Sheáin faoi.

Liam Guidry, Rúnaí / Cisteoir Daltaí na Gaeilge gur chaith Seán blianta fada anseo, dhearna dearmad riamh ar a thír dhúchais ar an nGaeilge. D’aimsigh Daltaí na Gaeilge breis is deich mbliana ó shin, agus thosaigh ag múineadh ranganna dúinn beagnach ar an bpointe. Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus raibh in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. raibh leigheas aige air. Bhí croí éadrom aige agus chuir gach cuid shaol gliondar aira theaghlach agus a chairde, a phost, a chultúr, agus an Ghaeilge. D’fhoghlaim muid uilig a lán uaidh, agus an chuid is de i bhfad níos tábhachtaí aon cheacht gramadaí.”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, OregonBhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoiba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta. Bhí bua na scéalaíochta aige agus is é mo thuairim nach raibh a shárú ann. Bhí a fhios aige gur bhain féin an-taitneamh as a chuid scéalta agus go minic deireadh ,Ar chuala an ceann faoi ...? Ba chuma cén freagra a thiocfadh uaim, bheadh scéal grinn ag teacht.

Bhain an-sásamh as an gceol Gaelach agus d’éist leis go a bháis.

Ar feadh deich mbliana roinnimis seomra ag deirí seachtaine Gaeilge, le linn comhdhálacha agus gach turas go hÉirinn. raibh focal searbh eadrainn riamh.

In earrach na bliana 2002 d’iarr orm dul go hÉirinn ina theannta mar thaca agus é ag tabhairt cártaí Aifrinn a mhic ghaolta. Turas brónach ab ea é. Sheas taobh leis agus é ag caint faoina mhac leo; bhí a fhios agam gur bhriseadh croí a bhí ann ach fós bhris an gáire amach agus iad ag caint faoin seanam.

Agus muid ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, bhraith an bochtanas a bhí ann le linn a óige. Chuaigh ar imirce agus é fós ina dhéagóir. Thug aghaidh go dearfach agus go gealgháireach ar an saol. Mar a deirtear, ‘ bheidh a leithéid arís ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.