TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Nikki Ragsdalebean ildánach!
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.

Íomhá
Íomhá
Nikki Ragsdale: níor chuir suim sa Ghaeilge go raibh sna tríochaidí
Íomhá

Beidh neart Gaeilge le cloisteáil sa United Irish Cultural Center, sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco, idir hAoine, 22 Meán Fómhair agus Domhnaigh, 24 Meán Fómhair mar go mbeidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta ar siúl ansin den ochtú bliain as a chéile. Is í Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, a chuir tús leis an chúrsa seo sa bhliain 1999 agus an-rath air ó shin i leith. Bhí Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i láthair ag an chéad deireadh seachtaine sin agus ceangal ag a eagraíocht siúd leis an imeacht go fóill.

Bhí de phléisiúr ag an scríbhneoir seo bheith i láthair ag an chúrsa faoi dhó go dtí seo agus beidh ar ais arís i mbliana, ag múineadh an ardranga, mar is gnách. Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is acu. Ba chúis iontais dom féin an chéad uair a mhúin an rang sin go raibh cainteoirí líofa ag freastal air nach raibh ach seachtain dhó caite acu in Éirinn riamh: daoine mar Galt Barber agus Micheál Robinson, agus, gan amhras, Nikki í féin.

Rugadh Nikki i nGlendale, California agus chaith cuid hóige i gceantair Los Angeles agus San Francisco. B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos, an Iodáil agus an Ghearmáin ina measc.Bhí Nikki sna tríochaidí sular chuir suim sa Ghaeilge ar dtús. Bhí ag cur fúithi i Londain ag an am agus ba mhinic daoine ag fiafraí di cén áit in Éirinn arbh as í de bhrí go raibh cuma Éireannach uirthi, dar leo. Chinn ar chuairt a thabhairt ar Éirinn sa deireadh, i gcuideachta cara cuid. Mar a dúirt liom in agallamh a rinne léi do Beo! (Deireadh Fómhair 2002):

Chaith muid trí seachtaine in Éirinn agus chuala an Ghaeilge ansin den chéad uair, ar an Cheathrú Rua. Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. Bhí brónach agus muid ar ár mbealach ar ais go Sasana, bhí mo chroí trom. Bhí na mothúcháin ba láidre ba cheart dóibh a bheith. Chuala an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí tógtha leo ón nóiméad sin.”

Nuair a chuaigh chun cónaithe i Meiriceá arís, raibh mórán deiseanna ag Nikki an Ghaeilge a labhairt agus sin an fáth gur chuir tús leis an Deireadh Seachtaine Gaeltachta. D’éirigh go geal leis ón tús agus is minic a bhíonn liosta feitheamh ann d’áiteanna ar an chúrsa.

a comhlacht féin ag Nikki, One Source Graphics (www.onesourcegraphics.com), a bhunaigh le cara cuid, Sandy Neal, i 1993, ach duine í a dhíríonn an chuid is haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe. Le cois na Gaeilge, an-suim ag Nikki sa cheol agus san amhránaíocht. Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.

Ach ag éisteacht leis an cheol amháin a bhíonn Nikkiis ceoltóir agus amhránaí sean-nóis í féin a bhfuil albam, Seansaol na hAislinge, eisithe aici. amhráin as gach cearn d’Éirinn le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo, mar aon le poirt thraidisiúnta á seinm ag a dlúthchairde Galt Barber (fidil, guth), Janet Herman (bainseo, feadóg stáin, guth) agus Micheál Long (giotár).

raibh deis ag Nikki an t-albam seo a sheoladh in Éirinn go fóill ach beartaithe aici é sin a dhéanamh nuair a bheidh i mBaile Átha Cliath i Dheireadh Fómhair. Ach ar mhaithe leis an seoladh a dhéanamh amháin atá ag teacht go Baile Átha Cliathbeidh san ardchathair ar feadh deich ag léamh lámh daoine, ceird a bhfuil ag plé léi le blianta fada. Is éard a deirtear san ábhar bolscaireachta donHand Analysis Intensiveseo :

Learn what your hand shape, palmar lines, and finger prints reveal about who you are, what makes you do what you do, and what will help you to experience more fulfillment and purpose in your life.”

céim ag Nikki ón International Institute of Hand Analysis agus bhí ar dhuine den dream a bhunaigh an t-irisleabhar Hand Analysis Journal. na mílte lámh léite aici le fiche bliain anuas, ach dhearna seisiún trí mheán na Gaeilge go fóill. Deir go mbeadh suim aici a leithéid a dhéanamh agus í i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocalildánachach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.

eolas le fáil mar gheall ar an Deireadh Seachtaine Gaeltachta ag:

www.grafxsource.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine.html

eolas le fáil faoin dlúthdhiosca Seansaol na hAislinge ag:

www.nikkilynnragsdale.com

Chun níos eolais a fháil faoi léamh lámh, téigh go:

www.knowthyself.name

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.