CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Roinnt tairngreachtaí don bhliain 2006

Féachaimid anseo ar an mhéid a d’fhéadfadh bheith i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí sa bhliain seo atá amach romhainn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bertie Ahern

Seans maith go mbeidh Bertie sásta olltoghchán a ghairm i mbliana agus dul sa seans go n-éireoidh le Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach fanacht i gcumhacht. Ach an mbeidh sásta dul i ngleic le híomhá nua Fhine Gael agus dúshlán Enda Kenny a thabhairt, seachas seasamh siar agus glacadh leis na hionsaithe mar gheall ar chur amú airgid, an córas sláinte agus an t-ardú sa choireacht? Tuigeann Bertie go bhfuil páirtí an Lucht Oibre lag faoi cheannaireacht Pat Rabbitte agus gur fearr an seans atá aige i mbliana fanacht go Bealtaine na bliana 2007.

George W. Bush

An mbeidh Bush sásta glacadh le comhairle sa deireadh agus fórsaí na Stát Aontaithe a tharraingt amach as an Iaráic? cinnte nach mbeidh agus tiocfaidh méadú ar an líon saighdiúirí Meiriceánacha a mharófar (go dtí seo breis is 2,200 acu tar éis bás a fháil sa tír) agus méadú fosta ar an méid daoine san iomlán a mharófar. Bush tar éis an-dochar a dhéanamh do cháil Mheiriceá ar fud an domhain. tharlóidh aon ghníomh fiúntach a chuirfidh feabhas ar chúrsaí sa bhliain atá romhainn. Beidh Meiriceá fágtha leis féin, gan cara ar bith seachas Tony Blair, agus is duine eisean nach mbeidh timpeall i bhfad eile.

Éamon Ó Cuív

Bhí bliain mhaith ag Ó Cuív in 2005. D’oibrigh gach rud amach , go raibh na gnáthionsaithe i gceist óna shean-naimhde i nuachtán an Sunday Independent. Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar aireacht shinsearach sa Roinn Talmhaíochta sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.

Is dócha go dtuigeann lucht na Gaeilge anois a thábhacht mar Aire Gaeltachta, go bhfuil duine dhó ann a bhíonn de shíor á cháineadh. Beidh Gaeltachtaí (más féidir sin a thabhairt ar chuid acu) faoi bhrú i mbliana nuair a chuirfear torthaí an staidéir teangeolaíochta faoi bhráid an phobail.

Mary Hanafin

Beidh ar an iarmhúinteoir scoile seo díriú ar cheist na Gaeilge sna scoileanna, go háirithe sna Gaeltachtaí. Feictear do dhaoine go bhfuil an córas Gaelscolaíochta ag dul i dtreise agus na scoileanna Gaeltachta ag imeacht mar an sneachta san earrach. An ndéanfar cinneadh ar deireadh rogha a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a chur chuig scoil amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? An gcuirfear taisteal ar fáil do na páistí sin agus an bhféachfar le córas scolaíochta ar nós na Gaelscolaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht?

Mary Harney

Harney faoi bhrú mar go bhfuil daoine i scuainí i ngach cearn den tír ag fanacht le seirbhísí ospidéil. daonra na hÉireann tar éis méadú 12.5% le deich mbliana anuas, ach níl an fhoireann na seirbhísí méadaithe réir. an caiteachas méadaithe ach níl go leor den airgead sin á chaitheamh ar sheirbhísí nua. Harney ar dhuine de na polaiteoirí sin a thugann íomhá mhaith dóibh siúd atá bainteach leis an bpolaitíocht. bheidh aon athrú ina saol i mbliana ach amháin bhíonn an t-olltoghchán ann. Is é Michael McDowell an namhaid is atá aici de bhrí go bhfuil ag cailleadh tacaíochta don Rialtas ar bhonn leanúnach.

Paisley agus Adams

bheidh Ian Mór sásta cumhacht a roinnt le Sinn Féin ar aon slí. an dainséar ann go n-éireoidh cuid de na poblachtánaigh mífhoighdeach nuair a fheicfidh siad an mhoilleadóireacht ar fad a bheas ann. tharlaíonn sin, cuirfear brú ar Adams dul chun cinn éigin a dhéanamh sa phróiseas. Beidh brú ar Adams go pearsanta de bharr go dtiocfaidh tuilleadh eolais chun solais maidir le cuid gníomhaíochtaí Denis Donaldson. a fhios ag Donaldson an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh!

Páid sa tSráid

Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le a chaitheamh i mbliana ar SUV nua ar shaoire in Oileáin Mhaildíve. Déanfaidh an Rialtas seift nua a mholadh: déarfaidh le Páid an t-airgead a chur isteach i scéim speisialta pinsin. Bheadh níos fearr do Pháid glacadh le moladh an Rialtais ach an SUV agus Oileáin Mhaildíve thar a bheith tarraingteach

Ivor Callely

Bhí Callely faoi bhrú ag deireadh 2005 ach beidh brú níos air sa bhliain atá romhainn. imní ar Bhertie go gcaillfidh Fianna Fáil suíochán ina dháilcheantar féin nuair a bheidh Mary Lou McDonald ó Shinn Féin san iomaíocht. Gan Callely bheith ag rith sa dáilcheantar béal dorais, beidh brú ar Fhianna Fáil Seán Haughey agus duine eile a fháil ar ais de bharr Richard Bruton agus Finian McGrath a bheith ann cheana féin. D’fhéadfadh Fianna Fáil an toghchán a chailleadh i gceantar dúchais an Taoisigh féin i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Ligfear do Callely rith arís agus ainmneofar an a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.

An Gaeilgeoir

Coinnigh do chloigeann síos, féach ar TG4, iarr seirbhísí i nGaeilge ar an Stát, ceannaigh Foinse agus , léigh Saol gach , agus ag gearán faoi Fhoras na Gaeilge faoi Údarás na Gaeltachta. Agus, gan amhras, léigh *Beo! *go rialta!

Guímid Bliain Úr shábháilte shláintiúil ar ár léitheoirí go léir!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.