AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An tslándáil ag déanamh scime do phobal na Stát Aontaithe
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá go leor de phobal na Stát Aontaithe an-bhuartha faoi chúrsaí slándála agus níl ag éirí leis an Uachtarán Bush iad a chur ar a suaimhneas, dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Méara Nua-Eabhrac Michael Bloomberg
Íomhá
Dianslándáil i Stáisiún Penn, Nua-Eabhrac
Íomhá
An tUachtarán George W. Bush ag glaoch ar bhaill de na fórsaí slándála, Oíche Nollag 2005
Íomhá
Michael D. Brown (sa lár), a bhí os cionn an Federal Emergency Management Agency go dtí gur éirigh sé as i mí Mheán Fómhair 2005, ag plé Spéirling Katrina lena chara George Bush

cuma fhaiteach ar na saighdiúirí armtha atá ar patról timpeall Penn Station i Manhattan, ceann de na stáisiúin traenach is gnóthaí i Nua-Eabhrac. Agus tuige nach mbeadh? Tar éis gur fhógair an Méara Michael Bloomberg le déanaí go raibh gníomhairí de chuid Al Qaeda ag pleanáil ionsaithe ar subway Nua-Eabhrac, tá atmaisféar bogfhaiteach ann. Ní hé go bhfuil pobal na cathrach ag carnadh bia stánaithe ina n-árasáin agus ag fanacht sa bhaile, ach d’aithneofá go raibh lucht na cathrach san airdeall. Tá siad ag súil go ciúin leis an “gcéad cheann eile”, agus shíleadar go raibh sé tagtha go luath i mí na Nollag nuair a phléasc foirgneamh mór cois an Hudson. Agus an deatach ag néalú os cionn na cathrach, taispeánadh na híomhánna beo ar an teilifís go dtí gur fógraíodh nach raibh taobh thiar den eachtra ach gasphíopa briste.

Díoltóir maith is ea an eagla. Seachtain nó dhó i ndiaidh a fhógra faoin sceimhlitheoireacht i Nua-Eabhrac, atoghadh an Méara Bloomberg do théarma eile ceithre bliana, agus níor chualathas níos mó faoi sceimhlitheoireacht ina dhiaidh sin.

Ach ní dhéantar dearmad ar an mbagairt. Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, “Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor. Táimid i gcogadh. Níl áit ann don ghreann agus don bhogás”. Ach lena chéad anáil eile, rinne sé clamhsán faoi chomh deacair agus a bhí an pháirceáil san ionad siopadóireachta ina bhaile dúchais i Nua-Gheirsí.

Léiríonn dhá ráiteas an aeróstaigh an teannas atá ann in intinn phobal Mheiriceá i gcoitinne. Níl uathu ach go leanfaí ar aghaidh leis an bpeitreal saor, na hearraí iompórtáilte, agus an mheanma “cuma liom”, ach ag an am céanna, táid ag iarraidh dianslándáil a choimeád i bhfeidhm. Ní fheadar an féidir an dá mhian seo a shásamh ag an am céanna. Más féidir, ní mór ceannairí glice, cliste, agus láidre a bheith ann. I láthair na huaire, mar is léir, táthar in amhras faoin cheannaireacht sin.

Cuireadh iontas orm le déanaí nuair a chonaic mé fógra lánleathanaigh sa New York Times ina raibh pictiúirí de Richard Nixon agus George Bush taobh le taobh. Faoi phictiúr Nixon bhí an manaNí raibh cead raide ag an bhfear seo” le feiceáil agus faoin phictiúr eile bhí na focail “Agus níl ag an bhfear seo ach oiread”. Tá a fhios agat go bhfuil uachtarán i dtrioblóid nuair is féidir é a chur i gcomparáid le Nixon.

Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith. Bhí léi, a dúirt an t-uachtarán, ach glacadh go fuar lena mhíniú. Tá córas cúléisteachta dlíthiúil i bhfeidhm i Meiriceá cheana féin, córas a d’úsáid an tUachtarán Bush 1,758 uair in 2005. Sa chóras seo, ní mór breitheamh a aimsiú a shíneoidh an ceadúnas cúléisteachta. Bhí na hoibríochtaí slándála rórúnda dá leithéid, a dúirt an Teach Bán.

Faoin cheist seo agus faoi cheisteanna eile, ámh, is féidir amhras a aimsiú sa rialtas, sa Chomhdháil, agus sa phobal féin. D’fhéadfaí a bheith dianslándálach i 2001 ach ceithre bliana i ndiaidh na n-ionsaithe i Nua-Eabhrac tá intinn mhuintir Mheiriceá fillte písín ar na hionaid siopadóireachta. Tá laethanta na slándála gan teorainn thart i Meiriceá arís. Den chéad uair tá na Meiriceánaigh féin ag caint ar an uachtarán a bheith as smacht, agus tá Daonlathaigh na Comhdhála ag caint go hoscailte ar ionchúisitheoirí speisialta agus táinseamh.

In 2001, vótáladh an US. Patriot Act i bhfeidhm i gComhdháil na Stát Aontaithe gan ach vóta amháin ina aghaidh. I mí na Nollag 2005 is beag nár diúltaíodh don acht go léir sa Chomhdháil chéanna. I ndeireadh báire, tugadh síneadh sé mhí don acht, agus ar éigean a ritheadh sin.

Uachtarán gan bua na cainte

Faraor do na Stáit Aontaithe, níl uachtarán ag an tír a bhfuil bua na cainte aige. Gach uair a labhraíonn sé, tugtar ugach agus armlón dá chriticeoirí sa Chomhdháil. Dá bharr sin, d’fhan an t-uachtarán i bhfad ó cheamaraí agus ó cheisteoirí do mhórchuid na bliana. Ar an drochuair, ámh, níor tháinig feabhas ar chúrsaí san Iaráic. Chuaigh líon na saighdiúirí Meiriceánacha a maraíodh sa tír sin thar 2,000, agus leanadh leis an gcogadh san Afganastáin. Bhris Spéirling Katrina ballaí New Orléans i Louisiana, agus nocht sé neamhchumhacht an rialtais chónaidhmigh nuair a theip glan ar sheirbhísí éigeandála na tíre, faoi stiúir chara Bush, an tUasal Michael Brown. Agus an tUachtarán Bush ag seachaint na meán, bhí an chosúlacht ann nach raibh an tír faoi stiúir ar bith.

Faoin scamall seo, tugadh rogha an dá dhíogha don rialtas Poblachtánach – an tUachtarán a chur ar ais os comhair na gceamaraí, nó é a choimeád i bhfolach agus a rátálacha sásaimh a fheiceáil ag titim níos ísle. Faoi Shamhain bhí na rátálacha sin tite faoi 35% - níos ísle ná uachtarán ar bith le blianta fada. Ba léir nach raibh an dara rogha acu i ndeireadh báire - b’éigean dóibh an t-uachtarán a nochtadh arís.

Agus mar sin, ó Shamhain 2005 amach, thug an tUachtarán Bush cúig óráid don náisiún, faoi shlándáil, shaoirse, agus an Iaráic den chuid is mó. Níor phreasócáidí iad seo; thug sé na hóráidí (ar mar an gcéanna iad go léir, nach mór) den chuid is mó ar maidin lá dálaigh os comhair lucht féachana a bhí roghnaithe go hiomlán ó fhórsaí armtha na tíre. Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d’éirigh leis an tseiftchonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.

Faraor, cé gur mhéadaigh a rátálacha, cuireadh leis an gconspóid freisin. San óráid ba dhéanaí d’admhaigh an t-uachtarán gur cheadaigh sé cúléisteacht gan teorainn, agus seo an fáth go bhfuiltear ag caint faoi ionchúiseamh agus táinseamh.

Leanfaidh an neamhchinnteacht seo sa bhliain nua. Cibé céard a tharlós san Iaráic, is léir go bhfuil arm Mheiriceá tuirseach traochta ag troid sa tír sin agus nach féidir leanacht ar aghaidh leis an méid sin saighdiúirí ann, go háirithe nuair atá freagrachtaí eile orthu timpeall an domhain. Beidh beirt chomhairleoirí de chuid an uachtaráin ag dul os comhair cúirte san athbhliain chun cúiseanna caimiléireachta a fhreagairt freisin.

Agus mar sin, beifear ar ais arís ag rogha an dá dhíogha sar i bhfad. An t-uachtarán a choimeád ó na meáin agus a rátálacha a fheiceáil ag titim arís, nó é a chur os a gcomhair agus a ghuí le Dia nach dtugann sé breis ábhar conspóide dá chriticeoirí.

Ar ais i bPenn Station, tá na saighdiúirí armtha ar ais óna bpatról timpeall an stáisiúin. Tar éis na stailce dhá lá a d’eagraigh oibrithe an chórais iompair, tá an stáisiún agus an chathair ag teacht chucu féin arís. Labhraíonn na saighdiúirí go ciúin lena chéile, a súile ag gliúcaíocht anseo agus ansiúd ar na sluaite ag siúl tharstu.

Is ea, tá faitíos sa chathair an séasúr seo – faitíos na neamhchinnteachta, faitíos na slándála.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.