AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Tuar agus tairngreacht Bhalor
Balor Balor Balor

Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá

Tá muid idir dhá Nollaig anois ag tús na bliana. Tá casadh na bliana thart agus is i dtreo na gile atá muid ag dul anois. Tá an oíche ag dul chun giorraithe agus an lá ag dul chun síneadh. Má tá coiscéim coiligh leis an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois – san áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh. “Ár mór ort an bhliain seo chugainn,” a ghuíonn siad ar a chéile, agus iad ag guí Dé gur sa bhaile a bheidís féin ag fanacht seachas “ag dul faoin tua”! (Hó feckin’ Hó!)

Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus dinnéar na Nollag anois ite agus díleáite; poitín agus pórtar na Nollag anois diúgtha ag an chosmhuintir – agus an Chablis agus an Cabernet Sauvignon anois ólta ag aos óg yuppie na Gaeilge. Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag. Tá na paidreacha maoithneacha mainséaracha ráite agus na coinnle lasta sna fuinneoga ag bunadh an tí agus sna tithe pobail ag lucht minic nach dtig. Tá na puntaí meáchain curtha suas agus na puntaí airgid curtha síos. Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh sos cogaidh sealadach sobhriste a fhógairt sa chath síoraí leis na neasghaolta sa teach. Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach go ndéanfaidh Balor Críonna Eagnaí Éigseach tuar agus tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach.

“Tosóidh an bhliain seo díreach mar a thosaigh an bhliain seo a chuaigh thart: ar Lá Caille,” a mhaíonn Balor Fáidh, “agus beidh aimsir againn. Ní fios fós an dea-aimsir nó drochaimsir a bheas ann, ach beidh aimsir againn. Beidh an chéad chuid den bhliain fuar, ach téifidh cúrsaí suas cuid mhór nuair a fhógróidh Ceannasaí úr Raidió na Gaeltachta, an Seanadóir Daithí Ó Norris, go léifear An Nuacht i mBéarla ar mhaithe le mionlach an daonra, agus i bPolainnis ar mhaithe leo siúd sa tromlach. Beidh sé sásta gach seachtú Nuacht a bheith i Laidin ar mhaithe leo siúd atá tugtha do na teangacha neamhfhorleathna, agus gach tríú ceann déag a bheith i nGaeilge ar mhaithe leo siúd atá fós ceanúil ar na teangacha marbha.

Ag deireadh an earraigh admhóidh fear na casóige goirme, Enda Ó Ceanúil, go raibh sé i ndiaidh a bheith, le scór go leith bliain, ina spiaire, íoctha ag fórsaí slándála California. Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach Soupspoon, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.

Faoi Cháisc na bliana fógrófar olltoghchán gan choinne, chun buntáiste a bhaint as cuid trioblóidí Enda Soupspoon Ó Ceanúil. Beidh Bertie Ó Hernia agus a dhrong muiníneach go leor as toradh a gclis, ach ní bheidh siad ag súil leis an pháirtí úr a bhunófar i bPoblacht na hÉireann agus sna Sé Chontae ag an aon am amháin: An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas, a rachaidh i gcomhrialtas leis an Chomhaontas Bándearg, agus a chruthóidh rialtas úr le Séamus Walesa mar Thaoiseach.

Faoin samhradh buailfear Raidió na Gaeltachta le scannal nuair a cheapfaidh Daithí Ó Norris a fhear céile mar Oifigeach Teangacha Marbha, post úr a chruthófar le muintir na Gaeilge a choinneáil sásta. Beidh comórtas ag Ryanair nuair a bhunófar Polskair, aerlíne a bheidh ag tairscint eitiltí idir an tír seo agus an Pholainn ar €3.50 an ticéad fillte, cáin san áireamh. Beidh na mílte Polannach ag teacht go hÉirinn chun buntáiste a ghlacadh as na jabanna ar thuarastail ísle, agus na mílte Éireannach ag tarraingt ar an Pholainn chun buntáiste a ghlacadh as na hearraí ar phraghsanna ísle. Ní baol don aerlíne.

Faoin fhómhar beidh caint faoi na cainteanna a rinneadh an bhliain seo caite faoi na pleananna a pleanáladh chun cainteanna a chur ar bun idir na daoine atá ar son athlonnú an M3 agus an chuid eile den domhan atá fós ina éadan. Beidh cainteanna arís ann faoi Chnoc na Teamhrach a athlonnú go dtí na Beanna Beola. Beidh muintir Dhomhnach Seachnaill chomh saibhir sin le go mbeidh siad ábalta bogadh go dtí áit nach mbeidh an trácht leath chomh holc. Tá na milliúin euro tuillte acu as an chleas is úire dá gcuid: na bealaí rúnda tuaithe thart ar an bhaile a thaispeáint do na gluaisteánaithe bochta a bhíonn ag iarraidh taisteal idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath gach lá.

Faoi dheireadh na bliana beidh an saol mar a bhí ag deireadh na bliana seo a chuaigh thart, a bheag nó a mhór. Beidh na polaiteoirí ón iasacht i ndiaidh teacht ar an tuiscint gur muintir na hÉireann amháin a thuigeann polaitíocht dhothuigthe na hÉireann. Beidh Bertie Ó Hernia ar ais mar Thaoiseach, mar dhaidí stáit, mar gharda mór... agus beidh an saol ina cheart. Nó sin a déarfas Bertie! Agus cé nach gcreidfidh é? Bliain úr mhaith.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.