CÚINNE NA nEALAÍON
William Orpen: an pholaitíocht, an gnéas agus an bás
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is díol spéise é an taispeántas péintéireachta de shaothar an ealaíontóra Willaim Orpen atá le feiceáil i Londain faoi láthair, agus a bhogfaidh go Baile Átha Cliath an samhradh seo. Caitheann Ciara Nic Gabhann súil ar shaothar agus ar shaol an Éireannaigh seo a bhí fostaithe ag Rialtas na Breataine mar ealaíontóir oifigiúil le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Íomhá
Féinphortráid de chuid William Orpen
Íomhá
An pictiúr conspóideach To the Unknown British Soldier: b'éigean d'Orpen na saighdiúirí cráite a fhágáil ar lár
Íomhá
The English Nude: thaitin an pictiúr go mór le hOrpen

Fuair William Orpen bás i 1931 agus clú air ag an am mar dhuine de na healaíontóirí ba cháiliúla sa Bhreatain. Is é an taispeántas shaothar atá ar siúl faoi láthair san Imperial War Museum i Londain an chéad mhórthaispeántas a bhí riamh le feiceáil i ndánlann náisiúnta a dhéanann athbhreithniú cuimsitheach ar a shaothar.

Rugadh Orpen, ar Phrotastúnach é, in 1878 agus tógadh é i Stigh Lorgan taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath. Aithníodh agus é ina pháiste go raibh buanna ar leith aige san ealaín agus cuireadh chuig Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath é nuair nach raibh ach aon bhliain déag d’aois. bliana ina dhiaidh sin fuair áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.

Ba línitheoir oilte é agus d’éirigh go maith leis i saol na healaíne ag déanamh portráidí na ndaoine mór le sa tréimhse díreach sular bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am. In ainneoin go raibh lonnaithe i Londain, chaitheadh tréimhsí ag péinteáil in Éirinn agus a thionchar le brath ar ealaíontóirí na tíre ar nós Sean Keating, a bhí ag dul i mbun oibre ag an am.

Ceapadh Orpen ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh agus thaisteal go dtí an Fronta Thiar i 1917. Is anseo a rinne líníocht agus péintéireacht ag léiriú saighdiúirí marbha agus Gearmánaigh a bhí ina bpríosúnaigh, chomh maith le portráidí de na polaiteoirí agus na ginearáil. Chuaigh na radharcanna a chonaic go mór i bhfeidhm air agus is san Imperial War Museum atá an chuid is acu le feiceáil anois.

Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha. In ainneoin go ndeachaigh i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean na figiúir a ghlanadh amach.

Sa taispeántas reatha, suas le 80 staidéar ola agus 40 píosa líníochta chuid le feiceáil san iomlán agus iad tógtha ó fhoinsí éagsúla ar fud na hEorpa, chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe.

Déanann an taispeántas athbhreithniú iomlán ar a shaothar agus léiríonn an éagsúlacht a bhaineann leis, idir na staidéir choirp agus phortráidí de dhaoine éagsúla, chomh maith leis na féinphortráidí ina ndéanann léiriú magúil air féin.

Bhí tábhacht lárnach ag mná ina shaol, ag tosú lena mháthair. Phós bean darbh ainm Grace Knewstub a bhí mar ábhar pictiúir sna blianta tosaigh den phósadh. In ainneoin an ghrá a bhí aige di, ba mhinic a bhí caidreamh aige le mná eile, go háirithe na mná a bhí mar mhainiciní aige. an pictiúr ab fhearr leis féin, The English Nude, atá mar chuid den tsraith nuálach a rinne ar an chorp nocht, le feiceáil sa taispeántas chomh maith.

Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh agus críochnaíonn an taispeántas le sraith ón tréimhse dheireanach shaol, a thaispeánann an t-éadóchas agus an drochshláinte a tháinig air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha shaol.

Beidh an taispeántasWilliam Orpen: Politics, Sex and Deathar siúl go dtí an 2 Bealtaine, agus ansin bogfaidh go Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath, áit a mbeidh le feiceáil idir 1 Meitheamh – 25 Lúnasa 2005.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.