
Léirigh pobalbhreith, a foilsíodh le gairid san Irish Times, gur mó tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre i measc an phobail ná mar atá ag aon pháirtí eile faoi láthair. An bhféadfadh níos mó votaí a bheith ag Éamonn Gilmore sa chéad Dáil eile ná ag aon pháirtí eile? Tá Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh nach mbeidh, ach go bhféadfadh sé tarlú fós go mbeadh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach ar an gcéad Rialtas eile, mura bhfaighidh Fine Gael réidh le Enda Kenny idir an dá linn.
»»»Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Cuimhníonn Donncha Ó hÉallaithe siar ar chorraíl na hardchathrach a lean Domhnach na Fola 1972. Maidir le Tuarascáil Saville, deir sé gur deacair a chreidiúnt, gur tharla sléacht Dhoire mar gheall nár chloigh oifigeach airm amháin le horduithe agus de dheasca saighdiúirí a bheith ag marú as a stuaim féin, rud a thugann Saville le fios.
»»»Reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair sa bhliain 1991. Bhí baint ag Donncha Ó hÉallaithe lena eagrú. Tá sé á reáchtáil go bliantúil ó shin. Ag breathnú siar ar fhéile na bliana seo, deir sé go mba é an nuanós, seachas an sean-nós, a chuaigh i bhfeidhm air agus go bhfuil glúin nua tagtha chun cinn sa Ghaeltacht atá sásta an tóirse a choinneáil lasta.
»»»Ní aontaíonn Donncha Ó hÉallaithe leo siúd a chreideann gur tubaiste a bhéas ann má chuirtear deireadh le Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais.
»»»Ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uí Chuív i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, tá Donncha Ó hÉallaithe den bharúil gur lig sé an deis amú, mar nach raibh sé de mhisneach aige dul i ngleic le fadhb bhunúsach na Gaeltachta, ceist na teorann.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar scéal Phádraig agus ar an bhFaoistin a scríobh sé agus é i mbun a mhisean in Éirinn.
»»»Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
»»»Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ré ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.
»»»Údarás na Gaeilge a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta, atá beartaithe ag an rialtas de réir An Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Céim mhór ar gcúl a bheadh ann, dar le Donncha Ó hÉallaithe.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.
»»»Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.
»»»Tá an t-eagrán deireanach den nuachtán Foinse ar na seilfeanna sna siopaí ar fud na tíre. Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig agus a d’imigh. Molann sé go mba cheart iontaobhas a bhunú le tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, leis an mbearna atá fágtha ag Foinse a líonadh.
»»»Bíonn cleas le foghlaim i gcónaí. Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonn sé gur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.
»»»Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!
»»»An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
»»»Lá ’le Pádraig, lá ceiliúrtha na nGael ar fud an domhain ag teannadh linn. Ach céard faoi Lá ’le Palladius a cheiliúradh? Ardaíonn Donncha Ó hÉallaithe an cheist faoin easpa aitheantais a thugtar don té a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn sa bhliain 431AD.
»»»Cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist: an mbeidh Barack Obama in ann beart a dhéanamh do réir a bhriathair, nó an dteipfidh air, mar a theip ar John F. Kennedy roimhe?
»»»Chaith Donncha Ó hÉallaithe, a vóta anuraidh in aghaidh glacadh le Conradh Lisbon. Céard a dhéanfaidh sé i mbliana 2009, nuair a bhéas sé ag vótáil don dara uair ar an gConradh céanna? Ar athraigh sé a intinn?
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar an damhsa ag Club na Féile le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh agus ardaíonn sé an cheist: an bhfuil deireadh ag tíocht leis an gcéilí traidisiúnta?
»»»Tá 35 bliain caite ag Donncha Ó hÉallaithe, ag múineadh in Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo. Tá sé éirithe as le mí anuas. Ag tosnú san eagrán seo, beidh sé ag roinnt a chuid tuairimí le léitheoirí Beo faoi cúrsaí an tsaoil. An mhí seo, míníonn sé cén fáth a bhfuil sé i bhfábhar táillí Ollscoile a ghearradh ar mhic léinn tríú leibhéal !
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.