AR NA SAOLTA SEO
Teip Thubaisteach Uí Chuív mar Aire Gaeltachta
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?

Íomhá
An Ghaeltacht (le Anita, Flicker, ar Picasaweb)
Íomhá
An Bord Pleanála
Íomhá
Deireadh scríbe

Tá sé molta ag Bord Snip go gcuirfí deireadh leis An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (An RGPT&G), an Roinn ar a bhfuil Éamonn Ó Cuív ina Aire air. Nílimse i bhfábhar mórán dena moltaí atá déanta ag An Bord Snip, ach táimse i bhfách leis an gceann áirithe sin. Creidim go bhféadfadh sé a bheith chun leas na Gaeltachta, an RGPT&G a bhriseadh suas agus Roinn faoi leith a dhéanamh de Roinn na Gaeltachta, le hAire Sóisearach i gceannas air agus é/í freagrach don Taoiseach. Ba roinn stáit faoi leith é Roinn na Gaeltachta ó 1956 go dtí gur deineadh a chuid cúraimí a chomhthathú sa bhliain 1993, leis na cúraimí eile a thóg Micheal D. Higgins air féin mar Aire Ealaín, Cultur agus Gaeltachta. Cé go ndearna Michael D. maitheas ó thaobh bhunú an bhealaigh teilifíse, TnaG, ba bhotún mór é, im’ thuairimse, deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta mar aonad riaracháin as féin mar gur chaill sé an fócas a bhí aige ón tús. (http://www.youtube.com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.

teipithe go tubaisteach ar Éamonn Ó Cuív dul i ngleic le fadhb na dteorainneacha sa Ghaeltacht, an chéad rud a chaithfear a réiteach sarar féidir aon bheart tarrthála a chur i bhfeidhm. Chleachtmoilleadóireacht ón tús: ag bunú Coimisiún na Gaeltachta le moltaí a dhéanamh, coistí le staidéar a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún, staidéar eile le tíocht aníos le critéir teangeolaíoch agus coiste eile fós le breathnú ar na moltaí ón staidéar sin. Tá an chraic seo ar bun aige le 10 mbliana anois, é ag cosaint go leor airgid ar mhaithe le cinneacha crua a chur ar an méar fhada. Idir an dá linn, tá dochar millteanach déanta don Ghaeltacht, mar phobal foirfe Gaeilge. (http://www.youtube.com/watch?v=uOOJUH8Uqp8&feature=related) Ag éisteacht leis an Aire Ó Cuív ag caint ag an bhFóram a d’eagraigh Conradh na Gaeilge mar chuid de Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn an mhí seo caite, bhí sé le tuiscint uaidh go mbeadh athbhreithniú ar theorannacha na Gaeltachta, mar chuid den Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go gairid, má tá. Gheallcheana ach níor tharla mórán ach airgead a chaitheamh ar staidéar, ar choimisiúin is ar choistí, le moilleadóireacht a dhéanamh.

Le Deich mBliana Anuas Níor mhiste cúpla dáta a roinnt anseo le go dtuigfear an mhoilleadóireacht atá i gceist agam:

Aibreán 1999: Dúirt Éamonn Ó Cuív sa Dáil (29/04/1999), mar Aire Sóisearach na Gaeltachta, go raibh "issues as regards Gaeltacht boundaries on which we will have to bite the bullet ". Aibreán 2000: Bunaítear Coimisiún na Gaeltachta agus Peadar Mac an Iomaire ina chathaoirleach air. Bealtaine 2002: Foilsítear tuarascáil 30 leathanach ón gCoimisiún ina bhfuil 19 de mholtaí, ceann acu a bhaineann le teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú, ina bhfuil critéir agus cur chuige molta go soiléir. (http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/TuarascailChoimisiunnaGaeltachta2002-dulchuncinnoshin/index.html) Deireadh Fómhair 2002: Bunaíonn an tAire Ó Cuív Coiste Comhairleach le hanailís a dhéanamh ar na moltaí atá déanta ag Coimisiún na Gaeltachta. Eanáir 2004: Fógraítear Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar an nGaeltacht "chun aithbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta". (http://www.pobail.ie/ie/Preaseisiuinti/2004/Eanair/htmltext,4017,ie.html) Deireadh Fómhair 2007: Foilsítear an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus fógraíonn an tAire go bhfuil Coiste faoi Chathaoirleacht an Taoisigh le tíocht le chéile chun féachaint ar na moltaí atá déanta agus deirtear, sa phreasráiteas, go dtiocfaidh an coiste rialtais "ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite, laistigh de dhá mhí dhéag, chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú". (http://www.pobail.ie/ie/anghaeltacht/anstaidearteangeolaioch/) Aibreán 2008: Tagann an Coiste Rialtais le chéile don chéad uair! Márta 2009: Deir an tAire Ó Cuív, gur faoi bhriseadh na Cásca nó tús an tsamhraidh a d’fhéadfaí a bheith ag súil le aon cheo ón gCoiste Rialtais. Deireadh Fómhair 2009: Do réir Clár nua an Rialtais, foilseofar ‘An Stráitéis 20 Bliain don Gaeilge agus don Ghaeltacht" roimh dheireadh na bliana seo. (http://plean2028.ie/node/11) (http://www.kildarestreet.com/wrans/?id=2009-10-06.425.0) (http://www.irishpressreleases.ie/2009/10/28/caithfear-acmhainn-na-gaeilge-a-chosaint-o-chiorruithe-sna-20-bliain-romhainn-arsa-conradh-na-gaeilge-seiminear-oireachtais-chonradh-na-gaeilge-2009/) An Dóchas i dTosach

Nuair a cuireadh cúraimí na Gaeltachta ar Éamonn Ó Cuív sa bhliain 1997, bhí an dóchas agam as, mar gur duine dílis díograiseach díocasach agus gaelach a bhí ann, a raibh sárthuiscint aige ar fhadhbanna na Gaeltachta. Is minic a phléamar rudaí le chéile. Is mise a mhol dó Coimisiún na Gaeltachta le fianaise a bhailiú agus le moltaí a dhéanamh maidir le stráitéis tarrthála don Ghaeltacht, mar cheantar ina labhraítear Gaeilge. Rinne sé é sin, ach ó shin i leith tá na cinneachaí crua curtha ar an méir fhada aige. Le 12 bhliain anuas, cé is moite de bhriseadh beag, le linn dó a bheith ina Aire Sóisearach sa Roinn Talamhaíochta, is air atá an fhreagracht faoin nGaeltacht. Ba iontach an tréimhse mar Aire le rudaí móra a bhaint amach sa Ghaeltacht, agus flúirse airgid ag an Rialtas. Im’ thuairimse, tá teipithe ar Éamonn Ó Cuív a chuid cúraimí a chomhlíonadh go sásúil. Chlis a mhisneach air, faoi cheist na dteorainneacha agus thosaigh sé ag cur rudaí ar an méar fhada. Tá sé ag caint anois ar aitheantas Gaeltachta a fhágaint ag áit ar bith a bhfuil 7%+ den phobal ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachtais. Níl sé sásta aird ar bith a thabhairt ar chritéir a leag na saineolaithe síos, cé gur caitheadh airgead go leor le teacht ar an saineolas. Ag smaoineamh ar a chuid vótaí féin atá sé, sna ceantair taobh thoir de Chathair na Gaillimhe nach bhfuil aon scolaíocht trí Ghaeilge le fáil iontu, ach a fhaigheann a sciar de dheontais na Roinne mar sin féin, ó Éamonn Ó Cuív.

Tá sé thar am anois cúraimí na Gaeltachta a bhaint uaidh, le go mbeidh deis ag polaiteoir níos misniúla ná é dul i ngleic le fadhb theangeolaíoch na bpobal sin, ina bhfuil an Ghaeilge fós i ngnáthúsáid mar theanga labhartha, sara mbeidh sé ródheireannach. (http://www.youtube.com/watch?v=q91o5WC5plM)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.