AR NA SAOLTA SEO
Céard is Ceart don Rialtas Nua a dhéanamh faoin nGéarchéim Teanga?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tar éis dhó breathnú ar an mír faoin dteideal ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht’ atá i gClár an Chomhrialtais, tá 10 moladh le déanamh ag Donncha Ó hÉallaithe le cur os comhair Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit ar a bhfuil cúramaí na Gaeilge is na Gaeltachta curtha.

Íomhá
An tAire Stáit Dinny Mag Fhionnghaile TD
Íomhá
An Taoiseach agus an Tánaiste
Íomhá
An iris Cuisle
Íomhá
Éamon Ó Cuív TD
Íomhá
An Dr. Conchobhar Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Íomhá
TG4, freastal ar an aos óg

Is ar éigean gur luadh ceist na Gaeltachta le linn an fheachtais toghcháin, go bhfuil sí ar an dé deiridh, ach pléadh ceist na Gaeilge éigeantaí sa gcóras oideachais. A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh. Dúisíodh lucht na Gaeilge as an suan. Le 14 bhliain roimhe sin, bhí lucht na Gaeilge curtha faoi gheasa ag Éamonn Ó Cuív. Caithfidh mé a rá gur chuireas féin dóchas ann chomh maith nuair a ceapadh é i 1997 mar Aire Sóisearach le freagracht na Gaeltachta/Gaeilge. Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais. Theip ar a mhisneach agus ligeadh síos muid. Chaill sé an deis go leor rudaí a chur ina cheart, nuair a bhí airgead fairsing.

Mar a theip Éamonn orainn:

Nuair a ceapadh é ina Aire Sóisearach sa mbliain 1997, chuireas agallamh air don iris Pléaráca ’97 faoi na freagrachtaí nua a bheadh air maidir leis an nGaeltacht. San agallamh sin ghlac sé leis go gcaithfí teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú. “Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste”. An méid a rinne sé ná am a mheilt agus airgead stáit a chur amú ar dhá staidéar costasacha. Iarradh ar an dá staidéar critéir theangeolaíochta a leagan síos do phobail ag a dtabharfaí stádas Gaeltachta. Chomh luath is a bhí na critéir foilsithe ag Coimisiún na Gaeltachta (2002) agus ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007), dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis na critéir sin. Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta. Chomh maith le sin ní bheadh sé in ann airgead na Gaeltachta a chaitheamh, mar a rinne, ar áiseanna caitheamh aimsire taobh thoir de Ghaillimh dá mbainfí stádas Gaeltachta ón gceantar thart ar Bhaile Chláir na Gaillimhe, áit ina bhfuil an Ghaeilge imithe le fada mar theanga pobail.

Leisce orm Dóchas a chur i Dinny:

Tá Dinny Mc Ginley sa gcás céanna anois is a bhí Éamonn Ó Cuív i 1997: é roghnaithe ina Aire Sóisearach i gcomhrialtas nua, le freagrachtaí na Gaeilge is na Gaeltachta ar a ghualainn. Tá leisce orm an dóchas céanna a chur i Dinny Mc Ginley is a chuireas in Éamonn Ó Cuív i 1997. B’fhéidir go mbeidh níos mó misneach ag Dinny ná mar a bhí ag Éamonn tabhairt faoi chuid de na ceisteanna achrannacha a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. B’fhéidir go mbeidh Enda Kenny ag iarraidh a chruthú don pobal nach bhfuil Fine Gael, mar pháirtí polaitiúil, naimhdeach don Ghaeilge.

Moltaí don Rialtas Nua:

Tá airgead gann agus ní féidir a bheith ag súil le aon chaiteachas breise ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht. Mar sin féin d’fhéadfaí roinnt athruithe a chur i bhfeidhm ar scéimeanna atá ann cheana féin le hairgead a shábhailt anseo is ansiúd agus trí dheireadh a chur le díomailt airgid ar aistriúchán an uafás doiciméidí móra nach léitear.

Seo roinnt moltaí a bheadh agam do Dinny Mc Ginley, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm taobh istigh de na laincisí airgid atá ar a Roinn agus a bheadh ag tíocht le Clár an Chomhrialtais.

Teorainneacha na Gaeltachta: Triúr coimisinéirí a cheapadh, leis an saineolas cuí, agus 6 mhí a thabhairt dóibh chun a gcuid moltaí a chur os comhair an rialtais maidir le teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú. Mholfainn go dtabharfaí dóibh na critéir theangeolaíochta a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach (2007) chun go ndéanfaí gach pobal Gaeltachta a aicmiú A, B, nó C: Gaeltacht Láidir (A), Measartha (B) nó Lag (C). Mholfainn freisin go mbeadh deis ag aon phobal a bheadh gearrtha amach ar fad nó nach mbeadh sásta leis an aicmiú a dhéanfaí orthu, athbhreithniú a iarraidh ach nach mbeadh aon bhaint ag polaiteoirí, an tAire san áireamh, leis an gcinneadh ag an deireadh.

Acht na dTeangacha Oifigiúla: Tá athbhreithniú le déanamh ar an Acht. Ba cheart don Chomhrialtas leasú a dhéanamh ar Alt 11 den Acht faoina bhfuil dualgas reachtúil ar os cionn 600 eagras stáit go leor doiciméidí toirtiúla teicniciúla, ar nós tuarascálacha bliantúla agus cuntais airgeadais, a fhoilsiú ‘go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’. Is cur amú airgid é seo ata ag tarraingt drochcháil ar an Acht Teanga. Tugann sé armlón don dream a bhfuil an ghráin dearg acu ar an dteanga agus gur fada leo í a bheith chomh marbh leis an Manannais. Ba cheart im’ thuairimse fáil réidh leis na Scéimeanna Teanga chomh maith. Tá an mheicníocht a bhaineann lena gcur le chéile místuama agus níl fhios ag an bpobal céard tá iontu. Níl iontu ach cur i gcéill. Ina n-áit, ba cheart go mbeadh bunchearta maidir le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge aontaithe agus foilsithe agus ba cheart go mbeadh idirdhealú déanta idir na cearta atá ag daoine sa nGaeltacht agus daoine nach bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht, an Ghaeilge a úsáid.

An Straitéis 20 Bliain: Ba cheart fáil réidh leis an sprioc seafóideach de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den gcóras oideachais faoin mbliain 2030, atá mar bhunchloch faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Níl bunús eolaíoch ar bith ag baint leis an uimhir 250,000, a cheap Éamonn Ó Cuív as an aer, nuair a bhí an Straitéis á chur le chéile. Go bhfios dom, níl aon saineolaí teangeolaíochta sásta a rá go poiblí go bhfuil an uimhir sin réadúil. Ní bheidh sa Straitéis ach cur i gcéill mura bhfuil na spriocanna inti réadúil agus inbhainte.

Gaeilge sa Státchóras: Is léir nach bhfuil a dhóthain daoine, atá inniúil ar an nGaeilge, ag obair sa Státchóras. Comhrialtas de chuid Fine Gael/An Lucht Oibre a chuir deireadh ar fad le riachtanas na Gaeilge do phoist sa Státseirbhís sa mbliain 1974. Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.”

An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.

Admhaíonn an Roinn Oideachais nach bhfuil ach 1.5% den bhfoireann riaracháin den Roinn sin in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge. Dá bharr seo, caitear go leor airgid ar sheirbhísí aistriúcháin nach mbeadh le caitheamh, dá n-earcófaí a dhóthain foirne le Gaeilge.

Deineadh moladh ciallmhar sa tuarascáil a chuir Fiontar (DCU) le chéile don Rialtas maidir leis an Straitéis, ’sé sin, gur gá ‘gníomh cothromúcháin chun a chinntiú go mbeidh líon dóthaineach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge’ agus chuige sin go mba cheart ‘scéim earcaíochta a cheapadh a bheadh i bhfábhar daoine inniúla dátheangacha’. I bhfocla eile, theastódh ón státchóras a chinntiú go mbeidh a dhóthain daoine á earcú a bheas in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí Ghaeilge. Shábháilfí airgead don stát mar nach mbeadh an oiread gá le seirbhísí aistriúcháin a cheannacht dá mbeadh a dhóthain daoine ag obair sa státchóras in ann déileáil le comhfhreagras i nGaeilge.

géirchéim teanga sna ceantracha Gaeltachta is láidre atá againn. Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith. Deacair a rá céard is féidir a dhéanamh faoi ach seo cúpla moladh a ritheann liom:

(i) Go mba cheart a rá le Foras na Gaeilge/Oireachtas na Gaeilge/TG4/RnaG/Glór na nGael/Gael Linn go bhfuiltear ag lorg moltaí uathu faoin gcaoi a spreagfaidh siad ógchultúr trí mheán na Gaeilge agus idir an dá linn go gcoinneofar 10% den airgead poiblí a fhaigheann na heagraíochta sin siar go dtagann moltaí fiúntacha isteach uathu agus go n-úsáidfear an 10% ar na moltaí sin a chur i bhfeidhm.

(ii) Go mba cheart leath den airgead a chaitear ar champaí samhraidh sa nGaeltacht faoi láthair a úsáid ar mhaithe le campaí (as baile) a eagrú do dhéagóirí ó Ghaelcholáistí agus ón gcuid sin de na meánscoileanna Gaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu. Faoi láthair tá mí-úsáid á baint as airgead na gcampaí samhraidh céanna sa nGaeltacht, ar mhaithe le spóirt a chur chun cinn seachas leas a dhéanamh don teanga. Is féidir an dá rud a dhéanamh ach tá a fhios agam, ar chuid de na campaí, bíonn teagascóirí fostaithe nach bhfuil líofacht Ghaeilge acu, bíonn gasúir orthu nach bhfuil aon tuiscint acu ar an nGaeilge.

Na campaí do dhéagóirí a bheadh i gceist agamsa, ní ghlacfaí orthu ach déagóirí a bhfuil líofacht mhaith Ghaeilge acu cheana agus atá sásta an Ghaeilge a úsáid lena gcomhaoisigh ar an gcampa. Thabharfadh seo deis do dhéagóirí an Ghaeilge atá acu, ón mbaile nó ón scoil, a úsáid i dtimpeallacht sábháilte, gan aon duine ag piocadh astu nó ag magadh fúthu. D’fhéadfaí na campaí a úsáid le cairdeas nua a bhunú trí Ghaeilge agus le cuid den ógchultúr trí Ghaeilge, a luas cheana, a spreagadh ina measc.

Tar éis athbhreithniú a bheith déanta ar theorainneacha na Gaeltachta ba cheart tabhairt faoi Údarás na Gaeltachta a athrú ó bhun go barr: an bealach a thoghtar an Bord a leasú sa gcaoi is nach mbeidh forlámhas a thuilleadh ag na páirtithe polaitíochta ar an bpróiséas. Tá polaiteoirí tofa ar Bhord an Údaráis a fhaigheann costaisí flaithiúla le taisteal chuig cruinnithe ar fud na tíre. Níl spéis dá laghad ag cuid acu sa nGaeltacht ná sa nGaeilge.

Ba cheart an fócas Ghaeltachta a neartú seachas é a lagú, rud a tharlódh dá gcuirfí cúramaí na Gaeilge ar fud an stáit ar an Údarás, mar a bhí beartaithe ag an Rialtas deireanach faoin Straitéis 20 Bliain.

Bhí an tÚdarás sásta le fada an lá airgead a chur ar fáil do imeachtaí, a eagráitear i mBéarla sa nGaeltacht. Bheinn ag súil go gcuirfí deireadh leis an drochnósmhaireacht seo agus gur i nGaeilge a reáchtáilfí aon imeacht sa nGaeltacht a gheobhfadh tacaíocht airgid ó Údarás na Gaeltachta.

Sloinnte a ath-Ghaelú: Go dtabharfaí deis do dhaoine ar feadh tréimhse 6 mhí, an sloinne oifigiúil atá acu de réir Teastas Breithe/Chlóichead – pas - a athrú go sloinne i nGaeilge. Tá ainmneacha i mBéarla ar Theastais Bhreithe agus ar chlóicheadanna go leor daoine ón nGaeltacht mar nár tugadh an deis dóibh riamh an leagan Ghaeilge a roghnú.

Logainmneacha i nGaeilge: Ar fud na tíre go spreagfaí daoine agus eagraíochtaí leis an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaelacha (Cinn Mhara in áit Kinvara, mar shampla) a úsáid seachas an leagan truaillithe i mBéarla. Is iontach an méid atá bainte amach i gCathair na Gaillimhe maidir le hainmniú eastáit, ó thaobh eolas ar an nGaeilge a scaipeadh ar chuile chineál duine i measc an phobail. Tá iontas orm go bhfuil daoine ag úsáid na n-ainmneacha i nGaeilge go forleathan gan stró ná gearán. A bhuíochas sin do ‘Ghaillimh le Gaeilge’. [Eag: Féach ‘Agallamh Beo’ an eagráin seo.]

Pleanáil sa nGaeltacht: Tuairisc neamhspléach a ullmhú ar an mbealach a bhfuil na húdaráis pleanála éagsúla, le ceantracha Gaeltachta faoina gcúram, ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil, atá leagaithe síos san Acht Pleanála, maidir leis an nGaeilge a chosaint mar theanga phobail.

Tithíocht do Ghaeilgeoirí: Úsáid a bhaint as na cumhachtaí tithíochta atá ag Roinn na Gaeltachta chun scéim phíolótach tithíochta a thógáil ar thalamh an Údaráis sa Spidéal, le freastal ar theaghlaigh nua, ar mhaith leo maireachtáil i gceantar Gaeltachta agus a gcuid gasúr a thógáil sa nGaeltacht.

Sin é mo liosta moltaí don rialtas nua. Anois, céard a cheapann tú féin a léitheoir?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.