tabhair freagratabhair freagra #1 Seán Ó L 4 Aibreán 2011, 11:29 GMT
Cúpla rud suimiúil ansin, ach bheadh drogall orm glacadh le cúpla rud beag a luaitear ann:

1. Bíodh agus go dtarraingíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla drocháil air féin babhtaí, tá tábhacht níos mó ag baint leis ná leagain Ghaeilge de cháipéisí a chur ar fáil. Tá an cumas san Acht fostaíocht teangabhunaithe a chur ar fáil d'aistritheoirí. Nó, d'fhéadfadh go gcinnteodh sé amach anseo go bhfuil Gaeilge ag lucht cumtha na gcáipéisí rud a bhfuil dlúthnasc aige leis an nGaeilge sa státchóras, dar ndóigh.

2. Ní as an aer a roghnaíodh an tairseach 250,000 cainteoir; tá sé ar cheann de na crítéir a luann UNESCO le go mbeadh teanga slán, bíodh agus nach bhfuil sé ar an t-aon cheann amháin acu agus seans nach é an ceann is tábhachtaí é, fiú.

3. Tá sé de chead agus de cheart cheana féin ag saoránaigh Éireannacha leagain Ghaeilge dá n-ainmneacha a bheith acu, más é sin a rogha. N'fheadar dén buntáiste a bheadh le baint as breis sloinnte Gaeilge seachas mar chomhartha go mb'fhéidir go bhfuil Gaeilge ag an té a bhfuil sloinne Gaeilge aige/​aici. Dar ndóigh is iomaí duine a bhfuil sloinne as Gaeilge acu go hoifigiúil ná labhrann Gaeilge, sa tslí chéanna gur iomaí ceantar le logainm oifigiúil as Gaeilge inar beag cainteoirí Gaeilge ann. San am céanna is iomaí duine le hainm agus le sloinne Béarla a bhfuil togha na Gaeilge acu.
tabhair freagratabhair freagra #2 Rg 4 Aibreán 2011, 20:48 GMT
Sloinnte a ath-Ghaelú : Chinn mé 35 bliain ó shin ar an leagan Gaeilge amháin de mo shloinne a úsaid - athghabháil mo shloinne a thug mé air. Ní raibh fadbh ar bith agam leis an gcinneadh sin ó shin (ach amháin le mo mhuintir féin b'fhéidir!) Cé gur i mBéarla amháin atá mo dheimhniú breithe i gcónaí, tá mo phas, ceadúnas tiomána srl. go léir as G. Mar a deir Nike, Just do it √
tabhair freagratabhair freagra #3 Concubhar O Liathain 5 Aibreán 2011, 12:54 GMT
Aontaím le Donncha maidir le hAcht na dTeangacha, na h-aistriúcháin aiféiseacha, doléite seo a chur ar ceal. Níl éinne á léamh, cainteoirí Ghaeilge ach go h-áirithe. B'fhearr liom na h-aistritheoirí a chur ag aistriú Harry Potter go Gaeilge ná an meamraiméis seo a aistriú. Na sceimeanna- ní fiú faic iad. Má sharaíonn eagras foráil na scéime, ní feidir faic a dhéanamh leo, fiú ní féidir fíneáil a chur orthu. Ba cheart go mbeifeá ábalta gnó a dhéanamh leis an Stat beag beann ar scéimeanna - agus chun seo a bhaint amach ní gá do Ghaeil ach beart a dhéanamh agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stat....
tabhair freagratabhair freagra #4 Eibhlin 6 Aibreán 2011, 18:41 GMT
smaointe suimiúla anseo. Ach an mbeidh an tAire nua misniúil go leor le gníomh dána a dhéanamh.
tabhair freagratabhair freagra #5 Peadar Ó Maolain Leitir Mealláin. 7 Aibreán 2011, 09:34 GMT
Aontaím le Donnacha. Tá an ceart agus an fhírinne aige. Modhanna simplí agus éifeachtach an bealach le dul. Is cinneadh Gaeilge agus Gaeltachta atá i gceist agus ní cinneadh polataíochta.
tabhair freagratabhair freagra #6 rossa ó snodaigh 7 Aibreán 2011, 12:34 GMT
Is míshamhlú é go gcaithfear buiséad aistriúcháin cháipéisi Gaeilge ar aistriúcháin Harry Potter.
Is bun chuid de chearta saoranaigh le agus gan gaeilge go gcomhlíonfar an dlí de reir mar ata si scríofa: go mbeidh chuie cáipéis stát ar fáil i dteanga náisiúnta an stát agus in aon teanga eile a aithnítear. Sa Ucráin foilsítear chuile cáipéis stát i Úcráinis agus ins na 30 mionteangacha eile gan éinne bheith ag casaoid.
Molaim do ghaeilgeoiri fáiltiú le haon tacaíocht ata á chur ar fáil don teanga. Tá daoine i ngach rannóg stát ag troid ar son cearta gaeilge, bíonn rath ar roinnt des na hiarrachtai sin, roinnt eile ní bhíonn. Tá cath cearta an aistriúchán buaite, stad ag baint den éacht sin. Caithigí bhur gcuid fuinnimh leis sna cathanna atá fós le buachaint. Comhionnanas do ghaeilge ón stát ó thaobh caitechas, seirbhísí, foilsiú, tráchtaireacht, scoilíocht 7rl 7rl 7rl.
Séidigí gaoth i seolta na Gaeilge mar ni éireoidh len ár dtogra má táitear de shior ag tabhairt sonc sa bholg di
tabhair freagratabhair freagra #7 Fionn Ó Deá 14 Aibreán 2011, 23:05 GMT
Caithtear Gaeltachtaí a bhunú sna cathaireacha, go háirithe i mBÁC. Tá na milte daoine óga ann a bhfuil an-chuid suime acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil na deiseanna ann í a úsáid - mé féin ina measc. Bheadh an-rath ag Gaeltacht sa chathair agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil rud éigin cosúil le seo déanta ag an rialtas go fóil.

Anuas ar sin, caithtear deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga sa Ghaeltacht an Gaeilge a úsáid lena chéile - clubanna óige, clubanna spóirt etc. agus leabhair, comics a fhoilsiú dóibh. Tá an todhcaí leis na daoine óga.
tabhair freagratabhair freagra #8 Síneadh 19 Aibreán 2011, 14:52 GMT
Rud a dhéanfadh míorúilt don teanga: iachall a chur ar chomhlachtaí a gcuid pacáistíochta a chur ar mhargadh na hÉireann go dátheangach. Idir an dá linn, d'fhéadfaimis scríobh chuig na comhlachtaí céanna; pinginí beaga do na comhlachtaí a bheadh i gceist ach chuirfeadh sé lear mór focal laethúil i mbéal na ndaoine gan mórán stró. Rud eile: ní ghlacann suíomh idirlín Aer Lingus le síntí fada, agus níl suíomh idirlín an CLG dátheangach!!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!