AR NA SAOLTA SEO
Slán leis na Náideanna agus le Smacht Fhianna Fáil
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.

Íomhá
An tIar-Thaoiseach Bertie Ahern
Íomhá
'ligeadh síos muid'
Íomhá
An tIar-Thaoiseach Cathal Ó hEachaidh

Tá ‘annus horribilis’ tagtha chun deiridh. Ba é 2009 an bhliain a tuigeadh go forleathan an fhíric bhunúsach: gur ar mhaithe leis an eagraíocht a chosaint a rialaítear eagraíochtaí ollchumhachtacha agus ní ar mhaithe leis an bpobal ar a mbíonn siad ceapaithe a bheith ag freastal. Is mar sin atá i gcás córas lofa na mbanc sa tír seo, agus tá sé léirithe go soiléir ag Tuarascáil Murphy gur mar sin a bhí is atá i gcás na hEaglaise Rómhánaí sa tír seo chomh maith. De bharr na bhfiosraithe éagsúla le deich mbliain anuas, tuigtear go raibh ceannasaíocht Fhianna Fáil i bpócaí na bhforbróirí agus gur ar mhaithe leis na forbróirí céanna a rialaíodh geilleagar na tíre, faoi Ahern, faoi Mc Creevy agus faoi Cowan.

Ní iontas ar bith go bhfuil fearg ar dhaoine: ligeadh síos muid mar gur cuireadh muinín sna bancanna, sa gcóras rialaithe agus i bhFianna Fáil. Tar éis a bhfuil faighte amach againn le bliain anuas, ní féidir muinín a chur a thuilleadh iontu. Theip ar na bainc mar go bhfuair saint na mbaincéirí an ceann is fearr ar dhea-chleachtas. Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach, de ir an tseanteagaisc Chríostaí, a mhúintí fadó ar scoil. Ach tá an stát ceapaithe a bheith ag smachtú an dúil chun sainte ar mhaithe le leas an phobail. Theip ar an stát an smachtú sin a dhéanamh, ní hamháin in Éirinn, ach i gcuid mhaith tíortha eile chomh maith. Bhí an dream polaitíochta agus na dreamanna a bhí i gceannas na mbanc ag brath ar a chéile chun fás a choinneáil faoin mbaothgheilleagar, a cruthaíodh ar bhonn neart creidiúna a dháileadh ar na forbróirí le praghas tithe agus talaimh a ardú is a ardú is a ardú tuilleadh. Seachas an chorreisceacht, theip ar an lucht acadúil an fheadóg a shéideadh in am, faoina raibh ag tarlú. An corrdhuine a raibh sé de ghus iontu labhairt amach go poiblí, dheántaí magadh fúthu: dúirt Bertie Ahern i 2007, nár thuig sé cén fáth nár chuir na saineolaithe geilleagair, a bhí ag ceistiú a chuid polasaithe ag an am, deireadh leo féin!

Bonn Náisiúnach Ilaicmeach

D’fhás mise aníos in Éirinn, a bhí faoi smacht polaitíochta ag Fianna Fáil. D’éirigh le Fianna Fáil a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile. Bhíodh idéalachas náisiúnach ag baint le Fianna Fáil, agus ar bhonn an idéalachais sin, a tógadh páirtí láidir ilaicmeach, a raibh cumann aige i mórán gach pobal sa tír. Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht. Má bhí lucht Fhianna Fáil faoi dhraíocht ag Dev uair amháin, bhíodar faoi dhraíocht chomh maith ag an mbreallaire Bertie ar feadh i bhfad.

An Uimhríocht

Níl muintir na hÉireann sásta a thuilleadh, muinín a chur i bhFianna Fáil. Sna toghcháin áitiúla a reáchtáladh i gcaitheamh 2009, fuair FG 32% den vóta i gcomórtas le 25% do Fhianna Fáil: an chéad uair go bhfios dom, gur tháinig FG amach chun tosaigh ar FF ó bunaíodh é. Ar an gcaoi sin, i gceann dhá bhliain eile, tiocfaidh athrú mór i leagan amach polaitíochta na tíre, leis an gcéad olltoghchán eile. Ar 25% den vóta, rachaidh sé sách rite ar Fhianna Fáil 50 suíochán a ghlacadh sa chéad Dáil eile. Má sheasann tacaíocht an pháirtí ag 32% agus le haistriú láidir ón Lucht Oibre, beidh os cionn 65 suíochán ag Fine Gael, D’fhéadfadh an Lucht Oibre greim a fháil ar suas le 35 suíochán. Beidh suíochán nó dhó ag na Glasaigh agus d’fhéadfadh Sinn Féin suas le 10 suíochán a thógáil. Brisfear Fianna Fáil as cumhacht agus cuirfear comhrialtas le chéile idir Fine Gael agus an Lucht Oibre. Beidh sé le caitheamh i gcoinne Fhianna Fáil, ar feadh i bhfad, go mba é ba chúis leis an gcliseadh geilleagair agus leis an bhfulaingt a bheas le seasamh ag cuid mhaith den dream a bhíodh ag tabhairt tacaíocht dílis don pháirtí a bhunaigh Dev.

Níl amhras ar bith orm ach go ndéanfaidh Fianna Fáil é féin a athnuachan, agus é sa bhfreasúra, faoi cheannaire nua. Beidh na cneámhairí a tháinig isteach sa pháirtí faoi Ahern imithe agus seans maith go n-aimseoidh Fianna Fáil idéalachas nua ar chlé, le gnáthmhuintir na hÉireann a mhealladh chun muinín a chur iontu arís.

Ní raibh Fianna Fáil as chumhacht aon uair ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliain agus ceithre mhí ó 1932 i leith! Tar éis an chéad olltoghchán eile, ní hamháin go mbeidh Fianna Fáil as chumhacht, ach beidh ar an bpáirtí a rialaigh an tír le fada, dul i dtaithí ar pháirtí eile a bheith níos mó ná é. Ní le haon ghrá do Fhine Gael, a deirim gur ábhar dóchais domsa go mbeidh cumhacht Fhianna Fáil briste tar éis an chéad olltoghchán eile ach le gráin ar an mbealach a thruailligh Fianna Fáil polaitíocht na hÉireann le 30 bliain anuas faoi Charlie Haughey, faoi Albert Reynolds agus faoi Bhertie Ahern. Naisc:Bainc http://www.youtube.com/watch?v=5zagThBw_ikhttp://www.youtube.com/watch?v=-x32QJjWqL4&feature=relatedhttp://www.rte.ie/news/2009/1222/houses.pdfhttp://www.canada.com/business/Ireland+aims+humane+treatment+home+repossessions/1274085/story.htmlIar-Thaoiseach http://www.youtube.com/watch?v=ARiqSqgaWkc&feature=relatedFíseán le Max Keiser ar Inforwars i Mí Aibreáin http://info-wars.org/2009/04/02/max-keiser-financial-collapse-controlled-implosion-just-like-9-11/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.