AR NA SAOLTA SEO
Murach Cumann Lúthchleas Gael
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.

Íomhá
Halla na bhFear Buí ag Boveva (le D. Colt)
Íomhá
Áiseanna CLG an Droma Aird (Dromard GAA a tharraing)
Íomhá
Gaeilge ar an tslí isteach (Droim Ard GAA a tharraing)

Drochshamhradh Éireannach eile. Níl tada níos measa ná Domhnach fliuch fadálach i lár Lúnasa. Céard a dhéanfadh muid murach Cumann Lúthchleas Gael? Bíonn cluichí den scoth le feiscint beo gach Domhnach ar an dteilifís. Bíonn na géarchoimhlintí idir na contaethe lán le dóchas agus díocas, misneach agus mórtas, áthas agus aiféala.

Tá an Cumann Lúthchleas Gael ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí sa tír. Síneann sé isteach i mórán chuile bhaile agus chuile phobal. Tá áiseanna spóirt den scoth tógtha ag an gCumann ar fud na tíre, le fíorbheagán cúnaimh ón Stát. Cuirtear áiseanna traenála agus caitheamh aimsire ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Bheadh saol sóisialta na hÉireann sách bocht gan é, go háirid i gceantair tuaithe, i bhfad ó na bailte. ’Sé an Club Peile/Iománaíochta an áisínteacht is tábhachtaí chun féinaitheantas pobail a mhunlú is a chothú.

Tugaim faoi deara difríocht shuntasach idir bailte beaga na nDílseoirí agus bailte na Náisiúnaithe nuair a thaistealaím trí dheisceart Chontae Dhoire: bíonn áiseanna iontacha ag an gclub áitiúil den Chumann Lúthchleas Gael, idir pháirc, chlub sóisialta agus phiniúir. Faoin Union Jack nó faoin Lámh Dearg, bíonn an Halla Oráiste ag na Dílseoirí. Ní iontas ar bith é go bhfuil éad ina measc leis an méid atá bainte amach ag náisiúntóirí faoi bhrat an Chumann Lúthchleas Gael.

Iomáint is fearr liom

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mórán spéise agam sa bpeil. Domsa, ní cluiche tarraingteach é. Tá an iomarca úsáid á baint as an bpasáil láimhe. Fós féin, caitheann sé an Domhnach dom, nuair a bhíonn an aimsir go dona.

Ach an iomáint, sin scéal eile. Dúisíodh mo spéis san iománaíocht agus mé im’ ghasúr. Deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí ag fás aníos dom i gCluain Meala, bhíodh fíórchoimhlint i gCúige Mumhan idir Corcaigh agus Tiobraid Árann. Ar thaobh amháin bhí an sárthosaí Christy Ring. Ar an dtaobh eile bhí fear láidir scafánta John Doyle.

Thug mo dheaide mé ag mo chéad chluiche iománaíochta idir chontaethe: Cluiche Cheannais na Mumhan a imríodh i nDúrlas Éile idir Tiobraid Árann agus Corcaigh, ar an lá deiridh de mhí Iúil 1960. Bhí laochra móra iomána ar an dá fhoireann. Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.

Ní fhaca mé mórán den chluiche. Ní raibh mé ach 11 bhliain, timpeallaithe ag fir mhóra. D’ardaíodh mo dheaide mé anois is arís le go bhfeicfinn cuid den imirt. Tá cuimhne ghlégheal agam ar mhír amháin den imirt. Ag tíocht ag deireadh an chluiche, bhí Corcaigh dhá chúilín chun deiridh, nuair a fuair Christy Ring an sliotar ina láimh agus chuaigh sé ar ruathar i dtreo cúl Thiobrad Árann, caipín ar a cheann. Dá mbáfadh sé san eangach é, b’shin deireadh le Tiobraid Árann. Thosaigh an slua ag béicíl: muintir Corcaigh á ghríosadh le coinneáil air. D’ardaigh mo dheaide mé in am, le Christy Ring a fheiceáil á chur go talamh ag cúlaithe Thiobraid Árann. Tá an pictiúr sin i mo chloigeann ó shin.

Chuir an cluiche sin deireadh le réimeas Chorcaigh san iomaíocht i gCúige Mumhan agus chuir sé tús le ré órga Thiobraid Árann, a mhair go Cluiche Ceannais na hÉireann i 1967, nuair a bhuail Cill Chainnigh na Tiobradaigh go cuimsitheach agus 4 cúilín le spáráil.

Na Cait ar Sárchaighdeán

Chonaic mé foirne maithe thar na blianta ach ní fhaca mé aon fhoireann a bhí chomh iomlán ná chomh hoilte le Cill Chainnigh sa gCluiche Ceannais in aghaidh Phort Láirge anuraidh. Tá an iománaíocht tugtha go ardleibhéal nua i measc a chuid imreoirí ag Brian Cody. Tá Eddie Brennan chomh maith le Christy Ring, tá Henry Shefflin chomh cruinn le Jimmy Doyle agus tá Tommy Walsh chomh crua aclaí céanna ag marcáil is a bhí John Doyle ariamh.

Is cuma faoin drochaimsir. Is cuma faoi ghéarchéim airgeadais.

Bíodh an deabhal ag an Slasher Mac Carthy agus a chuid moltaí. Táimse ag tnúth go mór leis an gcéad Domhnach de mhí Mheán Fómhair. Déanfaidh sé Cluiche Ceannais iontach i mbliana idir dhá chontae, ag a bhfuil stair, traidisiún agus paisean acu faoin iomáint. Tá stíl Thiobraid Árann ina mhacasamhail den stíl atá ag foireann bhuach na gCat: stíl chrua fhisiciúl a chuireann an duine ag a bhfuil an sliotar faoi bhrú agus a ghearrann éiric ar an a dheineann botún agus é ina sheilbh.

Is le dóchas a bheas mé ag dul go Páirc an Chrócaigh, go bhfeicfidh mé na Tiobradaigh ag cur deireadh le réimeas Chill Chainnigh. Ach murach an fhís a bhí ag an seachtar a tháinig le chéile i nDúrlas Éile sa bhliain 1884, ní bheadh tada speisialta ag baint leis an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair agus ní bheadh aon chúis agamsa an gháir ‘Up Tipp’ a chur dhíom, mar nach mbeadh san iomáint ach cuimhní cinn roinnt seanbháireoirí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.