Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 68
Íomhá
Eagrán 98, Meitheamh 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Bíonn cleas le foghlaim i gcónaí. Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonn sé gur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.

»»»
Íomhá
Eagrán 97, Bealtaine 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!

»»»
Íomhá
Eagrán 96, Aibreán 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.

»»»
Íomhá
Eagrán 95, Márta 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Lá ’le Pádraig, lá ceiliúrtha na nGael ar fud an domhain ag teannadh linn. Ach céard faoi Lá ’le Palladius a cheiliúradh? Ardaíonn Donncha Ó hÉallaithe an cheist faoin easpa aitheantais a thugtar don té a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn sa bhliain 431AD.

»»»
Íomhá
Eagrán 94, Feabhra 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist: an mbeidh Barack Obama in ann beart a dhéanamh do réir a bhriathair, nó an dteipfidh air, mar a theip ar John F. Kennedy roimhe?

»»»
Íomhá
Eagrán 93, Eanáir 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Chaith Donncha Ó hÉallaithe, a vóta anuraidh in aghaidh glacadh le Conradh Lisbon. Céard a dhéanfaidh sé i mbliana 2009, nuair a bhéas sé ag vótáil don dara uair ar an gConradh céanna? Ar athraigh sé a intinn?

»»»
Íomhá
Eagrán 92, Nollaig 2008
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar an damhsa ag Club na Féile le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh agus ardaíonn sé an cheist: an bhfuil deireadh ag tíocht leis an gcéilí traidisiúnta?

»»»
Íomhá
Eagrán 91, Samhain 2008
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Tá 35 bliain caite ag Donncha Ó hÉallaithe, ag múineadh in Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo. Tá sé éirithe as le mí anuas. Ag tosnú san eagrán seo, beidh sé ag roinnt a chuid tuairimí le léitheoirí Beo faoi cúrsaí an tsaoil. An mhí seo, míníonn sé cén fáth a bhfuil sé i bhfábhar táillí Ollscoile a ghearradh ar mhic léinn tríú leibhéal !

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.