AR NA SAOLTA SEO
Damhsa ar an Sean-Nós ina Nuanós
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar an damhsa ag Club na Féile le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh agus ardaíonn sé an cheist: an bhfuil deireadh ag tíocht leis an gcéilí traidisiúnta?

Íomhá
Edwina Nig Eochaidhean, an sárdhamhsóir
Íomhá
Féile Chóilín Sheáin Dharach
Íomhá
Róisín Ní Mhainnín, bean de na sárdhamhsóirí ar an sean-nós

Tá an damhsa ar an sean-nós tar éis seilbh a ghlacadh ar Oireachtas na Gaeilge. Bíonn an-éileamh ar na comórtais damhsa ar an sean-nós, le linn an Oireachtais. Bhí an Opera House i gCorcaigh beagnach lán do na comórtais damhsa i mbliana, ach níos tábhachtaí ná sin, bhí na mílte ag breathnú ar na damhsóirí ar fud na tíre. Is cuid den Oireachtas atá éasca do chuile dhuine, mar nach gá aon Ghaeilge a bheith agat lena bhlaiseadh.

Is le gairid a thosaigh an tOireachtas ag tabhairt aitheantais ar bith don stíl damhsa seo, a mhair i gConamara agus i roinnt pócaí eile ar fud na tíre. Nuair a tháinig an tOireachtas go Conamara sa bhliain 1974 - an chéad bhliain ar bhog Oireachtas na Gaeilge taobh amuigh de Bhleá Cliath - ní raibh an coiste náisiúnta sásta aon aitheantas a thabhairt don stíl damhsa seo. Le scéal fada a dhéanamh gearr, d’eagraigh roinnt againn taispeántas damhsa ar imeall an Oireachtais, i dTigh Mharcais Dick. Bhí an lounge lán. Thart ar sheachtar damhsóirí a tháinig ann, ina measc Máirtín Beag Ó Gríofa, damhsóir cumasach a bhásaigh go hóg roinnt bheag blianta ina dhiaidh sin. B’shin an oíche ar baisteadh ‘damhsa ar an sean-nós’ ar an saorstíl damhsa, a bhí sealbhaithe ó dhúchas i gConamara ag dornán beag damhsóirí. Bhí an stíl ar an dé deiridh an uair sin, gan aon duine óg á chleachtadh.

Club na Féile

Nuair a deirim go bhfuil an damhsa ar an sean-nós tar éis seilbh a ghlacadh ar Oireachtas na Gaeilge, ní ar na comórtais atá mé ag smaoineamh go príomha, ach ar an spraoi a bhíonn ag Club na Féile le roinnt blianta anuas. Ag Oireachtas na bliana seo i gCorcaigh, ba dheacair dom an radharc a bhí os mo chomhair i gClub na Féile a chreidiúint: na céadta daoine ag damhsa is ag pocléimneach thart, mar a bheidís ag club oíche, ach amháin gur ceol gaelach a bhí á chasadh. Na mná óige téisiúla, bhíodar gléasta go gleoite, i sciortaí a bhí gearrtha go speisialta le mianta gnéasúla na bhfear a mhúscailt: na colpaí nochtaithe agus clais brollaigh ar thaispeáint agus na cíocha ag coinneáil ama leis an gceol. Fear óg nach scórálfadh anocht, dúirt mé liom féin, ní fhéadfadh sé locht a chur ar na mná. Ach ar ais ag an damhsa.

An tOireachtas ar Youtube

Seo mar a tharlaíodh. Ghlaotaí amach damhsóir aitheanta le céapar a dhéanamh ar an sean-nós. Th’éis píosa, thagadh roinnt damhsóirí eile ar an urlár in éindí leis an gcéad damhsóir. Ba ghearr ina dhiaidh sin go mbeadh an t-urlár lán le daoine, an áit ar mire, daoine ag dul fiáin, ag preabadh thart faoi dhraíocht ag ceol meidhreach ríleanna ón gCiarraíoch ar an mbosca, Pádraig Ó Sé. “One more time” a deireadh Pádraig agus ghabhadh an slua leis na craobhacha ar fad le rithim na ríleanna a bhí ag tíocht as na callairí: damhsa ag an Oireachtas gan “Ionsaí na hInse”, gan “Fallaí Luimnigh”, gan seiteanna fiú amháin. Dála an scéil, tá blaiseadh íontach den atmaisféar spleodrach le feiscint ar Utube faoin teideal “Oireachtas Uncovered”.

Níl spéis ag an dream óg sa chéilí traidisiúnta: línte daoine i ngreim láimhe ag damhsa in aghaidh a chéile, do réir foirmlí agus gluaiseachtaí socraithe, a chaithfidh a bheith ar eolas ag gach duine le go n-oibreodh sé. Stíl stálaithe, is ea é, nach réitíonn leis an duine óg. Is cuma liom, mura bhfeicim ‘Caidhp an Chúil Aird’ nó ‘Soláistí na Bealtaine’ nó ‘Col Seisear Déag’ arís go deo. Fáiltím roimh an ‘Saor Chéilí’. An t-aon áiféal atá orm, nár tháinig sé níos túisce. An iomarca de laethanta m’óige curtha amú agam, ag déanamh na rincí foirmeáilte ag céilithe. Ní leadrán go dtí iad.

Tá an damhsa gaelach fuascailte faoi dheireadh ag an damhsa ar an sean-nós. Tugann an saorstíl nua deis do dhaoine a rud féin a dhéanamh i mbealach pearsanta, saor ó na rialacha a bhaineann le damhsaí foirmeáilte. Is mó an spraoi, a bheith ag bobáil thart, do ghéaga ar fad ag gluaiseacht le rithim an cheoil. Tá an damhsa ar an sean-nós ina nuanós anois, ag leathnú mar a bheadh víorus tógálach. Is breá liom é. Go maire an damhsa ar an sean-nós ina nuanós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.