AR NA SAOLTA SEO
Conradh Liospóin
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Chaith Donncha Ó hÉallaithe, a vóta anuraidh in aghaidh glacadh le Conradh Lisbon. Céard a dhéanfaidh sé i mbliana 2009, nuair a bhéas sé ag vótáil don dara uair ar an gConradh céanna? Ar athraigh sé a intinn?

Íomhá
Chun cogaidh - Arm Mheiriceá in Aerfort na Sionainne
Íomhá
Scuaine d'Arm Mheiriceá in Aerfort na Sionainne
Íomhá
Cabhlach na hÉireann ag gabháil ar bord báid iascaigh as Éirinn

Sa teach againne, is minic ina dhíospóireacht é faoi Chonradh Liospóin: mise ar thaobh amháin den argóint agus bean an tí ar an dtaobh eile. Vótáil mé in aghaidh dul isteach san Eoraip sa Reifreann sa bhliain 1972. Is cuimhneach liom go mbíodh muid ag dul thart ag casadh an rainn seo, a thug le tuiscint go mbánófaí an tír, nuair a thosófaí ag mealladh mhuintir na hÉireann, chun glacadh le postanna sa gceantar ba mhó tionscal ag an am sa Ghearmáin, an Rhur.

“We want your little daughter in the Rhur.We’ll eliminate the problem of the poor.We have lovely situations for your granny and relationsWe want your little daughter in the Rhur.”

An vóta a chaith mé i ngach reifreann faoin Eorpa go dtí seo, bhí sé ina aghaidh. No do Mhaastrict. No do Amsterdam. No do Nice I, No do Nice 2. Bhí sé socraithe agam an pátrún a bhriseadh anuraidh agus vótáil ar son Conradh Liospóin, go dtí gur chuala mé Catherine Connolly ag plé Conradh Liospóin ar Raidió na Gaeltachta le linn an fheachtais. Is polaiteoir neamhspleách den eite chlé í Catherine Connolly, a fáisceadh as an lucht oibre, agus a bhíodh i bpáirtí an Lucht Oibre go dtí roinnt bheag blianta ó shin. Bíonn a hintinn féin aici faoi cheisteanna móra an tsaoil agus ní bhíonn scáth ná faitíos uirthi labhairt amach.

Neodracht na hÉireann

Le linn an fheachtais faoi Chonradh Liospóin, chuala mé Catherine Connolly i mbun díospóireachta le mo sheanchomrádaí, Michael D. Higgins, fear a bhfuil ardmheas agam air. D’éist mé go cúramach leis an mbeirt. Dúirt Catherine Connolly go mbeadh ar an dtírín beag seo, faoi mhír áirithe de chuid Conradh Liospóin, ár gcaiteachas ar chúrsaí míleata a mhéadú, dá nglacfaí le Conradh Liospóin. Nuair a bhí deis agam, sheiceáil mé an Conradh agus chonaic mé go raibh an ceart aici. Seo a leanas mír as Alt 28A [42] den Chonradh:

“Member States shall undertake progressively to improve their military capabilities. The Agency in the field of defence capabilities development, research, acquisition and armaments (hereinafter referred to as “the European Defence Agency”) ...shall assist the Council in evaluating the improvement of military capabilities.”

Ag an am céanna, bhí Dick Roche agus Mícheál Martin ag dul thart, agus tá fós, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh isteach ar ár stádas neodrachta. B’fhéidir nach gcuirfeadh, le bheith ciniciúil faoi, mar go bhfuil ár stádas neodrachta caite in aer ag an rialtas, ó ceadaíodh do Stáit Aontaithe Mheiriceá, úsáid a bhaint as Aerphort na Sionainne, le trúpaí a chur go dtí an Iaráic agus iad a thabhairt abhaile arís. Neodrach how do!

Cúiseanna eile

Níorbh é sin an t-aon imní amháin a bhí orm faoi Chonradh Liospóin. Bhí dhá chúis eile agam le vótáil ina aghaidh an uair dheireanach:

muid ag cailliúnt ionadaíochta ar an gCoimisiún ó am go ham agus an tslí a caitheadh le tionscal iascaigh na tíre.

Ní mba mhaith an rud é go mbeadh Éire gan Choimisiún cuid den am. Ní dhéanfadh sin mórán difir do na tíortha móra, ach d’fhéadfadh sé difear mór a dhéanamh do thír bheag, cosúil le Éirinn. Tá an pointe sin géillte agus ní cúis dom a thuilleadh é.

Tionscal iascaigh na hÉireann

An tríú cúis a bhí agam vótáil in aghaidh Liospóin, níor bhain sé leis an gConradh ar chor ar bith. Bhain sé leis an mbealach nár tugadh cothrom na féinne don tír seo, maidir le cúrsaí iascaigh. Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh. Bheadh sin sách dona dá gcuirfidís na héisc i dtír anseo, le go bhféadfaí iad a phróiseáil sna monarchana atá díomhaoin cheal éisc. Cuirtear an t-iasc i dtír anseo go minic ceart do leor, le hiompar ar lorraithe móra ar ais chuig an Spáinn, áit a ndéantar an phróiseáil. Tá sé seo craiceáilte, go speisialta agus muid ag iarraidh an “carbon footprint” a ísliú.

Leis an bhfírinne a insint, ba mhaith liom a bheith in ann vótáil an chéad uair eile do Chonradh Liospóin. Tá an tír i gcruachás mór agus ní cabhair ar bith, go mbeadh chuile thír eile ag cur an locht orainne, faoi mí-éifeacht an Aontais Eorpaigh, de dheasca an mhoill a bhaineann le Conradh Liospóin a aontú. Ach ní dóigh liom go mbeinn in ann a fhad is atá an mhír ann, faoina bhféadfadh an European Defence Agency iallach a chur orainn ár gcaiteachas míleata a mhéadú, do réir mar a theastódh ó lucht cosanta na hEorpa, atá ceangailte le Meiriceá trí NATO. Tá faitíos orm gur NO* *a bhéas aríst ann, domsa ar aon chaoi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.