AR NA SAOLTA SEO
Sacar Shasana i Seilbh Lucht Rachmais
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn an cheist faoi chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!

Íomhá
Samir Nasri
le Ronnie MacDonald ar Vicipéid
Íomhá
Wayne Rooney
le Gordon Flood ar Vicipéid
Íomhá
Rupert Murdoch
le World Economic Forum ar Flickr

City in aghaidh Arsenal a imríodh in Eastlands ar an Domhnach 24 Deireadh Fómhair. Bhíos ann in éindí le daoine as Cumann Sacair Chois Fharraige, club sacair Ghaeltachta lena mbíonn mo mhac ag imirt. Bhí na seastáin lán don chluiche idir péire de na foirne sacair is fearr san Eoraip. Tháinig na himreoirí ar an bpáirc thart ar 20 noiméad roimh thús an chluiche le téamh suas.

Díreach amach os ár gcomhair, bhí imreoirí Man City ag tógaint ciceanna in aghaidh fhear Dhún na nGall, Shay Given, a bhí ag seasamh idir na cuaillí os ár gcomhair amach, ag cleachtadh a chuid cúl báiríochta. Níor aithin aon duine eile de na imreoirí ach bhí mo mhac in ann inseacht dom cérbh é chuile dhuine ar an bpáirc imeartha agus cén tír arb as iad. Seans go mbeadh a fhios aige chomh maith mhéad a chosain siad agus cén tuarastal seachtainiúil ar a mbíonn siad bhfiafróinn de é.

Chuir iontas orm a laghad Sasanach a bhí ar an bpáirc. raibh oiread is Sasanach amháin i measc an 11 imreoir a thosaigh do Arsenal. Bhíodar as an Fhrainc, an Spáinn, an Rúis, an Pholainn, as Poblacht na Seice, an Bhrasaíl, Maracó, an Danmhairg agus as an gCamarún. Ach ba chuma mba as na himreoirí, bhí a lucht leanúna tagtha as Londain go Manchain le tacú lena laochra agus thug na laochra neart údair dóibh le bheith ag canadh is ag gleo le linn an cluiche.

Tar éis 20 nóiméad chuir Fabregas (An Spáinn) an liathróid chomh fada le Nasri (An Fhrainc), a thug pas do Arshavin (An Rúis), a chuir ar ais ag Nasri é, chun go gcuirfeadh thar Hart (Sasana) san eangach é. Bhí corr-Shasanach ar fhoireann Man City: Joe Hart, Gareth Barry, Micah Richards agus James Milner.

Úinéirí agus Bainisteoirí

Is as Strasbourg na Fraince do bhainisteoir Arsenal, Arsene Wenger; is as an Iodáil do bhainisteoir Man City, Roberto Mancini. an chuid is de na scaranna in Arsenal i lámha an Mheiriceánaigh Kroenke, an Iaránaigh Moshiri agus an Rúisigh Usmanov; is le Mansour, billiúnaí ola ó Abu Dhabi an club Manchester City; is le billiúnaí ola eile, an Rúiseach Roman Abromovich, Chelsea, an club atá ar bharr na Príomhshraithe i Sasana agus cheannaigh Meiriceánach amháin Manchester United le déanaí ó Mheiriceánach eile, Malcolm Glazer, a fuair greim ar scaranna Man U nuair a dhíol an bheirt Éireannach, Dermot Desmond agus J.P. Mc Manus, a gcuid scaranna leis.

Ba chuid lárnach do chultúr na Sasanach, an cluiche sacair ar an Satharn ag 3.00. imrítí na cluichí maidin Sathairn mar go mbíodh go leor oibrithe monarchan ag obair maidin Sathairn, mar go raibh seachtain oibre cúig go leith i bhfeidhm go dtí deireadh na seascadaí. ar an Domhnach a imrítear na cluichí sacair. Go cultúrtha, ba thír Phrotastúnach í Sasana agus réir sin, fhéadfaí spórt a chleachtadh ar an Domhnach, na sabóide.

Chuir airgead an Astrálaigh, Rupert Murdoch deireadh leis an dearcadh sin. Ceannaíodh na cearta chun na cluichí ón Premier League a thaispeáint ar a stáisiún nua saitilíte, ar airgead ollmhór, a dáileadh amach ar chlubanna na Príomhshraithe. Ach bhí praghas le híoc ar airgead Murdoch. Le go bhféadfaí an líon is de na cluichí a thaispeáint ar Sky Sports, fhéadfaí leanacht den traidisiún go dtosnódh gach cluiche sacair i Sasana ag a trí ar an Satharn. Aistríodh cuid de na cluichí móra go dtí an Domhnach. Anois is féidir le junkie sacair suas le 5 chinn den ocht gcluiche a imrítear gach deireadh seachtaine den Phríomhshraith i Sasana, a fheiceáil ar an scáileán teilifíse.

Íocfas an Téiléaracht?

Bhí ciste mór airgid ag na clubanna móra, a chuir ar a gcumas na himreoirí sacair is fearr ar domhan a mhealladh le tíocht ag imirt i Sasana. Bhí ag éirí níos deacra de réir a chéile d’imreoirí ó Shasana teacht ar na foirne is fearr agus deirtear liom gurb é sin an t-údar gur chruthaigh Sasana go dona i gCorn an Domhain, an samhradh seo caite.

na clubanna santach, an iontas ar bith é gur éirigh na himreoirí santach chomh maith? De réir na dtuairiscí ar na nuachtáin, d’éirigh le Wayne Rooney an pionna a chur i Manchester United, an club a cheannaigh a thalann ó Everton. Bhí ar bharr na nuachta ar feadh cúpla , go raibh le Man U a fhágaint ina dhiaidh, mar nach raibh an club sin ag caitheamh a dhóthain airgid ag ceannach imreoirí maithe, le himirt taobh leis. Ansin d’oibrigh an cleas céanna is a úsáideann go leor craoltóirí le RTÉ: mura n-íocann sibh airgead mór liom, gabhfaidh ag obair le TV3 le Today FM, lena bhfuil sibh i gcoimhlint, chun lucht éisteachta a mhealladh agus ioncam fógraíochta réir. Wayne Rooney ag oibriú ar an bprionsabal céanna is a d’úsáid Gay Byrne le RTÉ agus atá ag oibriú do Phat Kenny i gcónaí.

Anois chuid mhaith de na clubanna i ngar do bheith bancbhriste, mar nach féidir leo an t-airgead mór atá imreoirí ag éileamh, a íoc. ar Man U, os cionn €200,000 sa tseachtain a íoc le Wayne Rooney len é a choinneáil in Old Trafford, nach gearr go mbeidh na imreoirí maithe eile ag éileamh an chineáil chéanna airgid? Braithim go bhfuil cosúil le bolgán tithíochta na hÉireann.

Pingneacha Gann

Ag deireadh thiar thall, is ceist ghnó atá ann do na comhlachtaí a bhfuil greim fáiscithe acu ar an gcluiche sacair i Sasana. Beidh ar na clubanna níos airgid a ghearradh ar an ngeata, agus ar na léinte a cheannaíonn daoine lena ndílseacht chlub a léiriú. Beidh orthu níos a éileamh ó Sky. Ach cúlú geilleagair ann. níos airgead ag daoine le caitheamh ar dul chuig chluichí, le caitheamh ar na léinte is ar na giúirléidí a cheannach agus brú ar ioncam fógraíochta Sky chomh maith. gach seans ann go bpléascfaidh an bolgán, mar a phléasc bolgán na tithíochta. B’fhéidir gur maitheas a thiocfadh as a leithéid de phléascadh sa bhfadtéarma.

Bhain an sásamh as an gcluiche idir Arsenal agus Man City. Ba phribhléid dom a bheith ag breathnú ar imreoirí chomh maith le Fabregas, le Nasri, le Tevez, le Arshavin, le Silva ag léiriú a oilte is atá siad os comhair mo dhá shúil. Chuir díocas na himeartha gliondar orm. Mar sin féin, raibh goir ar bith aige ar Chluiche Cheannais Iomána na hÉireann, idir Tiobrad Árann is Cill Chainnigh.

Ar fhágáil na páirce dom, dúirt comhleacaí eile as Cois Fharraige liomis gnó é seo go príomha”. Ar chúl mo chinn ó shin, ag smaoineamh ar an intinn atá ag roinnt mhaith iriseoirí spóirt, atá ag iarraidhpay to playa thabhairt isteach sna Cluichí Gaelacha: an bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh sárimreoirí iomána is peile ag éileamh suimeanna airgid ollmhór le fanacht ag imirt lena gclubanna áitiúla agus lena gcontaethe dúchais? dóigh liom é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.