AR NA SAOLTA SEO
Ar Seachrán sna Rossa
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá Donncha Ó hÉallaithe agus a chairde ag déanamh bealaigh ar an bhfarraige mhór ó thuaidh ach ní hí an aimsir is fearr atá feicthe acu ó d’fhágadar Gaillimh ina ndiaidh leis an Íoslainn a bhaint amach.

Íomhá
An Fear Marbh ó dheas
Íomhá
Bruscar
Íomhá
Meas an duine ar shruthán

Sna Rossa ar chósta Iarthar Dhún na nGall atá mé ag scríobh. Tá seisear fear faoi láthair ar an luamhAr Seachrán” agus é ceangailte de chéibh Ailt an Chorráin le seachtain anuas, de dheasca na drochaimsire geimhriúla. Is leis an sárthaistealaí mara Paddy Barry an luamh agus cineál oilithreachta atá ar bun againn, ag leanacht na manaigh Éireannacha ó thuaidh. Ar bord chomh maith tá an staraí agus an saineolaí ar logainmneacha, Breandán Ó Cíobháin; an file agus an sárscéalaí Danny Mac an tSithigh as Corca Dhuibhne; Dónal de Barra as an gCláir agus mo chomhbhádóir as Conamara, Ruairí Ó Tuairisg. Bhí ar an seandálaí Finbar Moore muid a fhágaint in Ailt an Chorráin

Faoin am a bheas an t-alt seo á léamh, tá súil agam go mbeidh muid ar an mbealach go hAlbain. D’fhág an bád Daingean Uí Chúis ar an 18 Bealtaine ag tabhairt aghaidh ó thuaidh le hochtar ar bord. Ag dul chomh fada leis an Íoslainn atá an bád, ag bualadh isteach go háiteacha éagsúla atá luaite le Naomh Breandán agus le Colm Cille. Bhí sé i gceist bualadh isteach go hOileán Í, áit ar bhunaigh Colm Cille an mhainistir, as ar deineadh an chríostaíocht a leathnú isteach go hAlbain. Tá Bíobla na Críostaíochta i nGaeilge againn ar bord, aistrithe ag an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta agus bronnta go huathúil orainn le fágáil sa mhainistir ar Oileán Í, taobh leis na Bíoblaí i dteangacha eile atá le fáil ann. Tá seans ann anois nach mbeidh muid in ann bualadh isteach go hOileán Í mar gheall ar an aimsir.

Ní raibh sé sa phlean go mbeadh muid ag stopadh in Ailt an Chorráin ach i ngeall ar an drochaimsir a bhuail an bád ag trasnú Cuan Dhún na nGall, beartaíodh sos gearr a ghlacadh ó chruatan farraigí cáite agus gálaí gaoithe an Atlantaigh in Ailt an Chorráin. Ach lean an drochaimsir agus faoin am a imeoidh muid beidh naoi lá caite againn i measc mhuintir na Rosann, in Iarthar Dhún na nGall. D’fhéadfadh muid a bheith sáinnithe in áiteacha i bhfad níos measa.

Gaeltacht na Rosann

Is ceantar oifigiúil Gaeltachta an ceantar seo agus is cinnte go bhfuil Gaeilge ag neart daoine ach ní raibh mé i bhfad anseo gur thuig mé nach raibh aon mhaith a bheith ag labhairt Gaeilge le daoine. Béarla atá in uachtar sa gceantar thart ar an gClochán Liath agus Ailt an Chorráin le fada an lá, mar atá i bhformhór na gceantracha atá sa Ghaeltacht oifigiúil. D’éirigh liom bean amháin a chur ag Gaeilgeoireacht liom ar an mbád farantóireachta idir Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin ach ní mba as ceantar na Rosann í. Ba as Gaoth Dobhair í agus mar is dual do mhuintir Ghaoth Dobhair, ní raibh aon leisce uirthi Gaeilge a choinneáil liom.

Ní mba ábhar iontais dom a laghad Gaeilge atá thart ar an gClochán Liath agus Ailt an Chorráin. Bhí a fhios agam an méid sin ó bheith ag breathnú ar uimhreacha Scéim Labhairt na Gaeilge don cheantar. An t-ábhar iontais ba mhó dom ná chomh rite síos is atá an ceantar. Ní meath na Gaeilge an fhadhb is mó atá ag an gceantar seo ach meath an gheilleagair ar bhonn áitiúil. Tá an bheocht a shíleas a bheith in Ailt an Chorráin, an uair dheireanach dom ann, imithe i léig go mór.

An Tóin Tite as Geilleagar na hÁite

Bhíodh Ailt an Chorráin ag brath ar dhá rud: an t-iascach agus an turasóireacht. Tá an tóin titithe as tionscail na hiascaireachta. Tá na monarchana éisc dúnta agus tá na báid iascaigh ceangailte suas. Tá tionchar aige sin ar sheirbhísí eile, ar ndóigh. Níl aon siopa sa sráidbhaile in Ailt an Chorráin a thuilleadh agus tá an stór breá a bhíodh ag an Cope, dúnta chomh maith, an comharchumann cáiliúil a bhunaigh Paddy ‘the Cope’ Gallagher.

Tá dhá theach leanna deasa ann i gcónaí agus beatha den scoth le fáil i gceann acu. Bíonn na báid farantóireachta isteach is amach go hÁrainn Mhór, ag tarraingt roinnt daoine ag an áit ach tá Ailt an Chorráin chomh lagtha ag an bpointe seo, nach mbeadh aon fhonn ar dhaoine fanacht ann, mura mbeadh orthu.

Slí na Rosann

Tráthnóna inné, lean mé comhartha soir le cósta ón gcéibh a d’fhógair Slí na Rosann. Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine. In áit mo chroí a chrochadh, ’sé an chaoi gur chuir an tsiúlóid dath dubh ar sin chomh maith.

Ach b’é an rud is mó a chuir lagmhisneach agus múisiam orm faoin tsiúlóid ná an méid bruscair agus an dramhaíola, de gach cineál atá caite anseo is ansiúd ar feadh an bhealaigh. Glacaim leis gur crochadh fógraí “Slí na Rosann” le cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh le háilleacht na háite a bhlaiseadh ach b’fhearr iad a bhaint anuas arís go dtí go nglanfar an dramhaíl agus an bruscar as an mbealach. Bhain cuid mhaith den bhruscar le tionscal na hiascaireachta: seantéada, cáblaí agus eangachaí is mó a bhí ann ach bhí cuid mhaith bruscar tí ann chomh maith, caite ar an gcladadh amhail is go raibh lucht a chaite ag súil go réiteodh an taoille fadhbanna dramhaíle na Rosann.

Ní Mheallfaidh an Bruscar na Daoine

Ach níl gach rud diúltach faoi Ailt an Chorráin. Tá daoine cairdiúil, oscailte agus groíúil ann. Tuigeann cuid mhaith acu an fharraige go rímhaith agus tá sé an-éasca caidéis a chur ar dhaoine.

Faoin am a bheas an píosa seo á léamh ag léitheoirí Beo, tá súil agam go mbeidh muid ar an dturas farraige aríst ag déanamh ar chósta thiar na hAlban, ag leanacht an chúrsa a thóg Breandán agus é ar an mbealach ó thuaidh go dtí na Scigirí agus an Íoslainn. Ba dheacair dom a shamhlú go mbeidh aon áit eile ar an mbealach chomh millte le bruscar is dramhaíl is atá Ailt an Chorráin. Má tá aon tíocht aniar le bheith ann dóibh, níor mhiste don phobal áitiúil caoi a chur orthu féin agus an áit a ghlanadh suas sara ndéantar iarracht na turasóirí is na cuairteoirí a mhealladh chun na háite.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.