AR NA SAOLTA SEO
Scaoil amach an Nuanós
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair sa bhliain 1991. Bhí baint ag Donncha Ó hÉallaithe lena eagrú. Tá sé á reáchtáil go bliantúil ó shin. Ag breathnú siar ar fhéile na bliana seo, deir sé go mba é an nuanós, seachas an sean-nós, a chuaigh i bhfeidhm air agus go bhfuil glúin nua tagtha chun cinn sa Ghaeltacht atá sásta an tóirse a choinneáil lasta.

Íomhá
Muc á Róstadh ag Pléaráca Chonamara
Íomhá
Láithreoir RnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí a thug an Cabaret Craiceáilte dúinn
Íomhá
Henreta Game

Is cuimhneach liom go maith an scata a tháinig le chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain sa gCeathrú Rua le Pléaráca Chonamara a eagrú don chéad uair. Ba é an rud a thug le chéile muid ná an ‘tuarascáil’ a chuir Breandán Ó hEithir le chéile do Bhord na Gaeilge, scór bliain ó shin ar ‘Staid Láithreach na Gaeilge’. Cuireadh an doiciméad 35 leathanach le chéile go gairid sara bhfuair sé bás agus ba é Liam Mac an Iomaire a sceith an doiciméad, más fíor a chuala mé, trína thabhairt don chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.

Ní raibh an doiciméad bunaithe ar aon saineolastaighde. Bhí sé éadócasach, searbh agus maslach go deimhin faoi chás na Gaeltachta, go háirithe Gaeltacht Chonamara. Dúirt sé sa tuarascáil gur “10,000 nó mar sin cainteoir dúchais atá fanta sa tír”. Bhí a fhios againne go maith go raibh 10,000 cainteoir dúchais i nGaeltacht Chonamara as féin, ó Bhearna siar go Carna, gan caint ar Ghaoth Dobhair ná ar chainteoirí dúchais a bhí scaipthe ar fud na tíre.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí an smaoineamh ag roinnt againn, ar ghoill an tuarascáil orainn, ‘Sochraid na Gaeltachta’ a eagrú, ag tosnú i gCarna agus ár mbealach a dhéanamh aniar le cósta, ag bailiú isteach sa chónra iarsmaí de chultúr na Gaeltachta ar an mbealach aniar agus sa deireadh an cónra a ligint le sruth ag Cladach na Gaillimhe.

Thugamar ionadaithe le chéile ó na heagraíochtaí éagsúla pobail a bhí gníomhach i gConamara ag an am, le cúnamh a iarraidh orthu “Sochraid na Gaeltachta” a eagrú. Ag an gcruinniú, dúirt fear amháin as Charna, Pádraig Ó Cosgordha, go mb’fhearr comóradh a dhéanamh ar shaíocht na Gaeltachta. Dúirt sé go bhféadfaí míthuiscint a bhaint as ‘sochraid’. Glacadh lena mholadh láithreach. Moladh ainmneacha éagsúla. Sa deireadh ba é an Dub, Colm Ó Cinnseala, atá anois ina phleanálaí teanga do cheantar an Spidéil, a tháinig aníos leis an ainm ‘Pléaráca Chonamara’.

Ó Chamas i Leith

Ní raibh aon airgead againn ach bhí fuinneamh, misneach agus samhlaíocht ag an ngrúpa a thug faoin gcéad Phléaráca a eagrú. Bhí sé i gceist é a eagrú ar an gCeathrú Rua ach nuair a eagraíodh cruinniú sa gCeathrú Rua leis an gclár a phleanáil, níor fhreastail oiread is ionadaí amháin as an gCeathrú Rua air. Socraíodh é a eagrú i gCamas, áit nach raibh aon teach tábhairne, ach áit a raibh pobal beag bríomhar a bhí sásta neart oibre a dhéanamh go deonach. Fuaireamar an puball mór, eagraíodh ceadúnas óil, cuireadh bannaí ceoil den scoth in áirithe agus lár mí Meán Fómhair 1991, in ainneoin míoltógaí Chamais, bhí deireadh seachtaine den scoth ann de cheol, damhsa is de phléaráca.

Féile aon uaire a bhí i gceist ach d’éirigh chomh maith leis is gur eagraíodh go bliantúil ó shin é. Is i gceantar an Chnoic, Cois Fharraige, a eagraíodh Pléaráca Chonamara 2010. Cosúil leis an gcéad Phléaráca ní raibh aon chinnteacht ann go mbeadh airgead ar fáil lena eagrú. Ach ba chuma. Bhí daoine misniúla sásta tabhairt faoi. Bhí eagraíochtaí sásta áiseanna a chur ar fáil. Bhí an aimsir thar barr agus bhí an deireadh seachtaine againn ag ceiliúradh chultúr na Gaeltachta, idir shean is nua.

Taispeánadh scannán, oíche Dé hAoine, amuigh faoin aer, le scáileán mór crochta ar bhinn Tí Mholly. Ar an Domhnach deineadh muc a róstadh ar tine, le blaiseadh a fháil in aisce ag duine ar bith a raibh a ndóthain foighde acu le fanacht ar a chócaireacht.

An Cabaret Craiceáilte

Ba leis an nuanós seachas an sean-nós is mó a bhíos tógtha, le linn an deireadh seachtaine. Ba é oíche Shathairn an buaicphointe domsa, nuair a fuair mé deis an banna ceoil ‘Henrietta Game’ a fheiceáil is a chloisteáil sa bPoitín Stil, tugtha ann ag Rónán Mac Aodha Bhuí mar chuid den Chabaret Craiceáilte. D’oscail a bhfaca is a chuala mé ón mbanna ceoil iontach seo, mo shúile is mo chluasa don nuachultúr Gaelach atá ag iarraidh marc a dhéanamh agus aitheantas a fháil. Ceathrar atá sa bhanna: Aongus Mac Amhlaigh, Christy Leech, Judy Mc Namara agus Aisling O Connor. Nuair a chuala mé an ceol cumasach a bhí ag ‘Henrietta Game’, rith sé liom gur mór an peaca nach ndéanann TG4 an nua-aimsireachas gaelach seo a chothú agus an nuanós gaelach a scaoileadh amach ar na scáileáin, níos mó ná mar a dheineann.

Le fírinne, is mó seans a bheadh ag bannaí cosúil le ‘Henrietta Game’ a bheith le feiceáil ar TG4 dá mbeidís ag canadh Irish C&W trí Bhéarla. Sin scéal eile do lá eile.

Ar filleadh dom ar Phléaráca Chonamara 2010, ba dheas liom a fheiceáil go bhfuil glúin nua tagtha chun chinn, atá sásta an tóirse a choinneáil lasta sa Ghaeltacht. Ní raibh an chuid is mó acu ach ina ngasúir bunscoile le linn an chéad Phléaráca i 1991. Tá samhlaíocht acu, tá misneach acu agus níl siad sáinnithe ag an sean-nós stálaithe, mar a bhí an ghlúin a chuaigh rompu. Chomh maith le sin, tá siad iontach ag comhoibriú le chéile le rudaí a fháil déanta agus ag baint usáid as modhanna cumarsáide nua. Gur fada buan iad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.