Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #110 · MEITHEAMH 2010
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Íomhá
AGALLAMH BEO
Colm Mac Séalaigh

Labhair Colm Mac Séalaigh le Curadh na hEorpa agus Curadh an Domhain dornálaíocht, Katie Taylor. Ní hé amháin gur scoth an domhain sa dornálaíocht í Katie, ach chaith sí cúig bliana ag imirt do fhoireann sacair na hÉireann san iliomad cluiche idirnáisiúnta, éacht ann féin mura mbeadh ann ach é. Tá a haird dírithe ar an mbliain seo chugainn, 2011, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha i Londain, 2012. Thagair Katie san agallamh don Chumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann, dá creideamh láidir agus don eachtra a shaighdigh í i mbun athfhoghlaim na Gaeilge.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Alex Hijmans

Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh. Beidh sé ag seasamh sa toghchán an mhí seo. Tá an scéal ag Alex Hijmans.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Tá taobh eile ar an mbád - níl deireadh caillte - i gcás teangacha dúchais na hAstráile, ná baol air. Tá an dea-scéala ag Bearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

cinneadh déanta ag an Chúirt Uachtarach a chuirfidh teorann ar an mhéid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge de réir an léamh atá ag Breandán Delap ar bhreithiúnas a tugadh le gairid.

»»»
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

éacht déanta ag Balor na Súile Nimhe an mhí seo, a léitheoirí dílse. D’éirigh leis agallamh eisiach a chur ar Ardeaspag na nDub, Dermo Martino, ina labhraíonn sé go hoscailte faoina chuid deacrachtaí pearsanta (agus ina labhraíonn an tArdeaspag faoi chuid trioblóidí s’aigesean fosta).

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Ba cheart na deiseanna a thapú ar na líonraí sóisialta, ar nós LinkedIn agus Weedle, in ionad fanacht siar uathu, dar le Roseanne Smith.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
P.J. Mac Gabhann

Tábhacht na hiomána i gcroí an duine óig, caithfear a aithint agus a thabhairt sa mheá más ag imeacht as Éirinn seal a bheas do thriall. Bhog PJ Mac Gabhann lena theaghlach go Páras.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Tomás Ó Maolalaidh

Níl saoi gan locht agus tá Tomás Ó Maolalaidh den tuairim gurb shin é an scéal ag Maradona, bainisteoir na hAirgintíne, é. Tá sárpheileadóirí fágtha as agus tá seanfhondúirí roghnaithe ina n-áit.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne. Chun donachta a chuaigh an scéal in Arizona le déanaí.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Tá Maidhc Ó Cathail in amhras faoi Yousef Al-Khattab, fear conriochtúil, fear agartha an mhíle mhurdar, más fíor dó féin tráth a mbeidh ceamara FoxNews ag dearcadh isteach faoin smut aige.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfágfaidh cuid d’oidhreacht an Lucht Oibre ‘Nua’ sa Bhreatain domlas ar roinnt dá lucht tacaíochta ina ndiaidh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Tiocfaidh athrú suntasach ar mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge deonacha de réir struchtúr nua atá fógraithe ag Foras na Gaeilge don earnáil sin. Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh  ar thionscadail éagsúla. Déanann Breandán Delap cur síos ar a bhfuil ann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair sa bhliain 1991. Bhí baint ag Donncha Ó hÉallaithe lena eagrú. Tá sé á reáchtáil go bliantúil ó shin. Ag breathnú siar ar fhéile na bliana seo, deir sé go mba é an nuanós, seachas an sean-nós, a chuaigh i bhfeidhm air agus go bhfuil glúin nua tagtha chun cinn sa Ghaeltacht atá sásta an tóirse a choinneáil lasta.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.