AR NA SAOLTA SEO
Conspóid South Park
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Maidhc Ó Cathail in amhras faoi Yousef Al-Khattab, fear conriochtúil, fear agartha an mhíle mhurdar, más fíor féin tráth a mbeidh ceamara FoxNews ag dearcadh isteach faoin smut aige.

Íomhá
Times Square
Íomhá
Major Nidal Hasan
Íomhá
Matt Stone agus Trey Parker, cruthaitheoirí South Park

Níl acmhainn ghrinn sa Mhoslamach, ar a laghad, ba mhaith le daoine áirithe go gcreidfeá sin. Cosúil le conspóid chartún na Danmhairge, thug ancarrbhuamai Times Square deis iontach dóibh siúd ar mhian leo drochíomhá d’Ioslam a chruthú.

Thug go leor de na tuairiscí luatha le fios go mb’fhéidir go raibh baint ag an eachtra le South Park, an scigchlár beochana teilifíse, ós rud é gur páirceáladh an SUV, líonta le leasachán neamhphléascach, thart ar bhloc ó cheanncheathrú Viacom ar leis Comedy Central. Nuair a chraoladh mír de South Park i Aibreáin inar léiríodh Mahamad i bhfeisteas mathúna, béir, d’eisigh dream i Nua-Eabhrac darb ainm Revolution Muslim bagairtí báis indíreacha do chruthaitheoirí an chláir. Zachary Adam Chesser, a thugann Abu Talhah al-Amrikee air féin anois, a scríobh an bhagairt ar shuíomh gréasáin na buíne.

Cúpla ina dhiaidh sin, rinne Joshua Rhett Miller, iriseoir le FoxNews.com, scéal faoin bhagairt, inar chuir agallamh ar Chesser. “They’re going to be basically on a list in the back of the minds of a large number of Muslims,” a dúirt an fear óg a d’iompaigh ina Mhoslamach radacach le deireanas. “It’s just the reality.”

Níorbh é seo an chéad uair a phoibligh meán de chuid Rupert Murdoch, tacadóir mór le hIosrael, ráiteas gríosaitheach de chuid Revolution Muslim.

Daniel Pearl, Iriseoir

Ar 28 Márta, 2008, thuairiscigh FoxNews.com ar an dráma puipéad seafóideach a láithrigh an cumann faoi dícheannadh Daniel Pearl, iriseoir Giúdach ó Mheiriceá a dúnmharaíodh sa Phacastáin i 2002. “I could care less about Daniel Pearl,” a dúirt bunaitheoir na buíne, Yousef al-Khattab, in agallamh le Fox. “I’m happy to see that he’s gone.”

Ar 13 Deireadh Fómhair, 2009, tharraing Joshua Rhett Miller aird arphaidira scríobh al-Khattab inar impigh ar Dhia na Giúdaigh a mharú. In agallamh eile le Fox, mhaígh al-Khattab gurb é seopaidir gach fíor-Mhoslamach.”

Ar 8 na Samhna, 2009, thuairiscigh Fox nuair a thug Revolution Muslim ómós do Maj. Nidal Malik Hasan, an síciatraí de chuid arm SAM a cúisíodh as 13 duine a mharú i Fort Hood, Texas. Ba é an New York Post, nuachtán eile de chuid Murdoch, a chuir agallamh ar al-Khattab an uair seo i ndiaidh scríobh: “An officer and a gentleman was injured while partaking in a pre-emptive attack. Get well soon Major Nidal. We love you.”

Cohen » Al-Khattab

In alt amháin chuid, luann Miller gur mar Giúdach darb ainm Joseph Cohen a rugadh al-Khattab, agus gur iompaigh ina Mhoslamach tar éis freastal ar scoil raibíneach Ceartchreidmheach. Sonra neamhthábhachtach?

Scéal áiféiseach is ea é iompú Cohen a hinsíodh sa Jerusalem Post i na Samhna, 2005. Cuireadh agallamh ar thriúr Iosraelach, Cohen ina measc, le haghaidh gné-alt nuachta dar teidealTrue Believersfaoi inimircigh a d’iompaigh ina Moslamaigh.

Fad is a bhí ina chónaí i Netivotan baile is ceartchreidmhí in Iosraelmhaígh Cohen gur éirigh bréan de bheatha thuata na tíre. Thart ar an am sin, dúirt gur chas le síc as Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ar an Idirlíon. Tar éis dhá bhliain i mbundialóige diagaíleis an tsíc áititheach, d’iompaigh Cohen thar oíche ó bheith ina thacadóir do Shaspáirtí chiníoch na nGiúdach Ceartchreidmheach Oirthearachle bheith ina thacadóir ag Hamas agus al-Qaeda.

Ach bhí Moslamaigh na Pailistínelag,” dar leis, mar nár thug siad mórán airde ar Ioslamachasíon chuid féin. D’fhill ar a chathair dhúchais, Nua-Eabhrac, go luath ina dhiadh sin, áit ar chuir tús lena jihad ar an líon le Cailifeacht Mhoslamach a chruthú ar fud an domhain.

fada ó chreid Cohen gur thug Dia an Phailistín do na Giúdaigh. Anois á gur chóir go mbeadh na Moslamaigh i gceannas ar an domhan.

Dúthracht an iompaitheora? B’fhéidir.

Ach daingníonn chomh maith bolscaireacht frith-Ioslamach de chuid leithéidí Daniel Pipes ar mhaith leo Meiriceánaigh a scanrú roimh Ionradh na Moslamach ionas go dtroidfidh siad cogaidh ar son Iosrael.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.