AR NA SAOLTA SEO
Toghchán 2010
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.

Ceacht amháin a foghlaimíodh ón toghchán sa Ríocht Aontaithe is é go bhfuil David Camshrón go maith ag smaoineamh ar iompú na boise, nó mar a deir an Béarla, ‘ar a chosa’. Bhí na Coimeádaigh ag súil le bua glan iomlán ach nuair nach bhfuair páirtí ar bith móramh glan, b’éigean don Chamshrónach straitéis nua a chumadh go tapaí.

Shíl mé féin go raibh an rogha idir comhrialtas de chuid an ‘clé láir’ le Páirtí an Lucht Oibre (PLO) agus Na Daonlathaithe Liobrálacha (DL) lena chéile, nó rialtas mionlach Coimeádach ag brath ar thacaíocht ó an DL. Agus nuair a d’fhogair Gordon Brown go raibh sé ag éirí as a phost mar cheannaire PLO dúirt mé (ar agallamh le TG4) go ndearna sé seo mar nach mbeadh Nick Clegg sásta dul i gcomhrialtas ar bith faoi Brown

dream báúil sa pháirtí d’Ionadaíocht Chionmhar nó PR, rud atá á lorg ag an DL le fada. Bhunaigh PLO coimisiún speisialta i 1997 ar an cheist seo, ach cé gur mhol an coimisiún an córas PR ‘AV+’ agus ní STV (mar atá in Éirinn), tosaíocht na DL, ní dhearna an rialtas rud ar bith faoi. Ach ar a laghad, bhí siad ar son PR ‘ i bprionsabal’ le hais na gCoimeádach, atá glan ina aghaidh.

Bhí fearg ar chuid de na Coimeádaigh faoi na cainteanna idir PLO agus na DL- thug siad ‘striapaigh’ ar na DL agus dúirt Malcolm Rifkind MP (iaraire de chuid Margaret Thatcher) gur “politics of Robert Mugabe” a bhí i gceist.

Thairg an teagmhálaí Choimeádach William Hague MP reifreann ar AV (ní AV+) sa todhchaí, ach níor leor é sin. Ansin, dúirt Camshrón go raibh sé sásta an múnla a bhriseadh agus comhrialtas den ‘deis láir’ a bhunú leis an DL.

Bhí cuid mhaith den pháirtí ‘radacach’ DL míshásta le seo, ach reitíonn Nick Clegg go maith le David Camshrón agus rinne siad an margadh. Aithníonn na ciaróga a chéile, is dócha - d’fhreastail Camshrón ar an scoil ardnósach Eaton agus lean sé ar aghaidh go Oxford; d’fhreastail Clegg ar scoil ardnósach Westminster agus lean seisean ar aghaidh go Cambridge.

Míshásamh i Learpholl

Áit a raibh siad i gcumhacht i Halla na Cathrach roimh an toghchán, d’iarr an DL i Learpholl ar Nick Clegg gan é seo a dhéanamh. “The Tories had decimated Liverpool during previous spells in power” a scríobh siad i litir chuig Clegg. Tá a fhios acu go smaoineoidh daoine anseo as seo amach go bhfuil siad mar a gcéanna leis na Coimeádaigh agus ní bheidh deis ar bith acu dul ar ais i gcumhacht i Halla na Cathrach, gan trácht ar thoghlach/dáilcheantar anseo.

If the Lib Dems put the Tories in power it will be a betrayal of Liverpool and the North of England,” a dúirt iarfheisire PLO Jane Kennedy. “It is an election day I will never forget, with so many people turning out to vote Labour and give an emphatic rejection to the Tories and Lib Dems. It was also a reflection of the anxiety of ordinary people about a Tory government.”

Ní fhaca mé féin a leithéid riamh cheana. Anseo i Walton, an suíochán is sábháilte don PLO sa tír, b’éigean dom dul i scuaine chun vótáil. Agus chuala mé daoine mar fhír an phoist, altraí, oibrí ar pá iseal, ag caint faoin imní a bhí orthu dá mbeadh rialtas Coimeádach ann.

Chuimhnigh mé ar sin nuair a chuala mé Rifkind ar caint faoi “The politics of Robert Mugabe.” Mugabe, sa treimhse 1982-85 a rinne ionsaí ar Matabeleland, ceantar an fhreasúra i Zimbabwe, díreach an t-am céanna nuair a bhí Thatcher ag déanamh ionsaí ar cheantair an fhreasúra sa Ríocht Aontaithe. “Maggie Thatcher decided she was going to decimate the Sheffield steel industry, which she did over four or five years,” a dúirt an ceoltóir Martyn Ware (iarbhall de Human League) ar chlár faisnéise ar BBC 2 (17.5.10). Na mianadóirí i dTuaisceart Shasana, An Bhreatain Bheag agus na hAlban, na dugairí i Learpholl, an phobal poblachtánach sna sé contae, bhí cos ar bolg orthu uilig. ‘Mairg don té a chailleas,’ an dearcadh a bhí ag Thatcher/Mugabe. An mbeidh Camshrón/Clegg nios fearr ?

An Casadh ar Chlé ó Learpholl na gCoimeádach

Cé go bhfuair Steve Rotheram PLO 71.96% den vótaí anseo i Walton, ní raibh sé mar seo i gcónaí. Cathair Choimeádach ab ea Learpholl sa bhliain inar rugadh mé féin, 1954, le toghlach Walton san áireamh, mar níl drogall ar chuid mhaith den lucht oibre Protastúnach vótáil PLO os rud é gur ‘Páirtí Éireannach’ a bhí ann. Bhí sé chomh seicteach anseo go raibh comhrialtas idir na Coimeádaigh agus an Páirtí Protastúnach (Páirtí Oráisteach) i Halla na Cathrach cuid mhaith den am. I 1951 bhí Ard-Mhéara Learpholl, An tUrramach H.D. Longbottom ina Ard-Mháistir den Ord Oráisteach Shasana ag an am chéanna. Fuair PLO cumhacht i Halla na Cathrach don chéad uair i 1955.

Sir Kenneth Pugh Thompson (1909-1984) a bhí ina fheisire i Walton agus bhí drochmheas aige ar na hÉireannaigh agus ar cheardchumainn. Ach d’athraigh rudaí de réir a chéile agus toghadh Eric Heffer (1922-1991) sa bhliain 1964, saor adhmaid agus ceardchumannaí ón eite clé, agus tá an toghlach seo dearg ó shin. Mar a reic an staraí E.J Hobsbawn é sa leabhar Industry and Empire (1968) : “When in 1964 the Labour Party recorded its largest national gain in and around Liverpool, one reason was that large numbers of non-Irish and non-Catholic workers in that city had at last become ready to vote for a party which had in the past been largely identified with the local Irish community.”

Smaoinigh mé ar sin nuair a chuala mé gur chaill Peter Robinson a shuíochán i mBéal Feirste Thoir, áit a raibh sé ina fheisire ó 1979 le móramh 6,000. Luascadh 20% a bhí ann do Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta.

Fuair Sinn Féin an sciar is mó de na vótaí sna Sé Contae - 25.5%, i gcomórtas le 25% ag an DUP. Fuair Gerry Adams 71% den vótaí i mBéal Feirste Thiar. Dhearbhaigh sé go fuair sé tacaíocht ó roinnt bheag aontachtaithe agus ní raibh siad á cheilt ar aon duine: “It’s not so much they voted for Sinn Féin, but they told us so, because Sinn Féin had done more for them than the unionist parties. I don’t want to exaggerate this. It is small, but it is significant. It comes from a section of working class people,” a dúirt sé.

Agus sin an dóigh gur chaill ‘the Conservative and Unionist Party’ cumhacht i Learpholl, áit nach bhfuil suíochán ar bith acu - idir Halla na Cathrach nó Westminster - le fada.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.