CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Is Fearr a Bheith Fáiltiúil ná a Bheith Faiteach
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Ba cheart na deiseanna a thapú ar na líonraí sóisialta, ar nós LinkedIn agus Weedle, in ionad fanacht siar uathu, dar le Roseanne Smith.

Bhí na comhlachtaí móra Facebook agus Google ag rith ar thanaí le déanaí nuair a d’fhógair siad eolas faoina seirbhísí a bhagair príobháideacht a gcuid úsáideoirí. Bhí Google i dtrioblóid nuair a d’admhaigh siad ar dtús gur bhailigh siad eolas faoi ghréasáin gan sreang sa Ghearmáin is iad ag glacadh grianghraif dá seirbhís Streetviewi. Tá imscrúduithe ar siúl i dtíortha eile san Eoraip maidir leis an eolas a bhailigh na carranna Streetview agus, de réir foinsí áirithe, tá ár gCoimisinéir um Cosanta Sonraí Billy Hawkes sásta go bhfuair Google réidh leis an eolas a bhailigh siad de thaisme. Go luath ina dhiaidh sin, bhí ar Facebook athruithe ar na socruithe príobháideacha a tharraingt. Rinneadh raic fúthu toisc go raibh an iomarca eolais faoina n-úsáideoirí ar fáil go poiblí d’aon ghnó.

Bhí alt an-speisiúil ag Karlin Lillington i Weekend Review an Irish Times an deireadh seachtaine seo chaite de bharr na scéalta nuachta seo. San alt seoii, tá staidreamh a bhailigh Lillington a léiríonn an caidreamh atá idir daoine agus a n-eolas pearsanta ar an líon agus an bealach atá an caidreamh sin ag athrú. Pointe amháin a tharraingíonn sí as an taighde ar fad, atá mionscagtha aici, ná go bhfuil níos mó tuiscint agus feasacht acu siúd idir 18 is 29 bliain d’aois faoina socruithe príobháideachais ar na líonraí a úsáideann siad ná mar atá acu siúd atá níos sine. Is fíor é leis go mbaineann an dream óg feidhm i bhfad níos mó as na líonraí seo freisin ó lá go lá.

Tá buairt ann go gcuirfeadh an t-eolas atá ar fáil bac ar dheiseanna nuair a bhíonn post á chuardach: go ndéanfadh fostaitheoir ionchais cuardaigh ar líne faoi iarrthóir oibre agus go bhfaigheadh siad amach drochscéala faoin iarrthóir. Caithfidh mé a admháil go dtagann miongháire ar m’aghaidh nuair a léim a leitheid, go háirithe nuair a luann siad grianghraif den iarrthóir is iad ar meisce. Mise mé féin, ní ólaim mórán ach tuigim go bhfuil saol sóisialta ag daoine eile nach bhfuil baint ag aon líonra leis! Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn deoch nó dhó sa bhreis acu. In ionad feachtas feasachta a chur ar bun a dhéanamh faoi conas socruithe príobháideacha a thabhairt faoi smacht, ba chóir feachtas feasachta a dhéanamh faoi conas deasú ar son an cheamara!

LinkedIn

Go pearsanta, rud a chuirfeadh níos mó imní ormsa ná cuardach a dhéanamh faoi dhuine agus gan aon eolas gairmiúil a fháil fúthú a léiríonn a saineolas nó spéiseanna. Sin rud nach luaitear nuair a bhíonn colún á scríobh: go bhfuil an-chuid deiseanna ann dóibh siúd a úsáideann na líonraí seo i gceart. Tuairiscítear dom gur tairgeadh postanna do dhaoine de bharr a bpróifíl ar leithéidí LinkedIn.

Rud a thuig cruthaitheoirí LinkedIn go luath ná go mb’fhearr linn i bhfad gnó a dhéanamh leo siúd inár gcomhluadar aitheantais féin, go háirithe má tá moladh faighte acu ó theagmháil eile. Nuair a chruthaíonn tú próifíl LinkedIn, tá tú ag cruthú taisce stairiúil de na rólanna proifisiúnta a bhí agat. A luaithe a chuirfeas tú ionad oideachais nó fostaíochta leis, molfaidh LinkedIn úsáideoirí eile duit a bhfuil baint acu leis na hionaid sin. Is féidir le hiar-chomhghleacaí moladh a thabhairt duit ansin (má tá sé tuillte agat ar ndóigh!)

Weedle

Trí úsáid algartaim sóisialta a thuigeann na naisc idir daoine, tá seirbhís nua Weedle, a bunaíodh in Éirinn le déanaí, ag roinnt scileanna daoine trí ghreasán. Má dhéantar cuardach ar Weedleiii, taispeánfar torthaí de réir baint leis na heocharfhocail díreach mar a bheifeá ag súil leis. Má logaítear isteach ar an líonra, áfach, taispeánfar torthaí de réir bainte, ach taispeánfar freisin líon na gcomhtheagmhálaithe agat féin leo siúd a bhfuil an scil sin acu. Is féidir mar sin na moltaí a léamh agus breis eolais faoi dhuine a fháil ó do líonra féin. Ligeann na naisc seo duit, cinneadh a dhéanamh faoi ghnó a dhéanamh leis an duine seo. Braitheann do chinneadh ar an muinín atá agat as do chomhluadar Weedle féin. Díreach cosúil leis an saol ‘réadúil’ nuair atá fostaí nua uait, b’fhearr i bhfad moladh ó dhuine a bhfuil muinín agat as ná CV duine éicint ó shuíomh earcaíochta. Ar ndóigh, níl aon srian ort na grianghraif den duine céanna ar an ndrabhlas a lorg ar Facebook freisin!

An rud a thuigeann Weedle agus LinkedIn agus na líonraí soisialta eile ná nach ceist príobháideachais atá ann, ach ceist smachta. A fhad is a mbíonn smacht againn féin ar an eolas a roinneann muid agus cé leis a roinntear an t-eolas, beimid sona sásta. Ach an bhfuil fógróirí ina measc siúd a bhfuil fonn orainn an t-eolas sin a roinnt leo, is cuma cé chomh anaithnidte is atá sé?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.