AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

éacht déanta ag Balor na Súile Nimhe an mhí seo, a léitheoirí dílse. D’éirigh leis agallamh eisiach a chur ar Ardeaspag na nDub, Dermo Martino, ina labhraíonn go hoscailte faoina chuid deacrachtaí pearsanta (agus ina labhraíonn an tArdeaspag faoi chuid trioblóidí s’aigesean fosta).

Íomhá
Balor ag Dúnfort an Ard-Easpaig i nDroim Conrach
Íomhá
Cór na hInse, áit ar rugadh Diarmó
Íomhá
Na Park Forces, Áras Íosa Mhic Giolla Mháire i nDuibhlinn

Le deacracht agus le mórdhua a d’éirigh le Balor a bhealach a streachailt go Droim Conrach sa chathair cois Life, áit a bhfuil dúnfort daingean ag Ardeaspag na gCaitliceach i mBaile Átha Cliath. fiche troigh curtha ag Dermo le hairde na mballaí thart ar a dhúnáras, geataí a fuair ó champa Arm na Breataine i gCrois Mhic Lionnáin; agus meaisínghunnaí móra suite i neadacha iarainn gach deich slat óna chéile bharr na mballaí. Trí agus trí oíche a thóg ar Bhalor a chur ina luí ar ghardaí an Ardeaspaig nach raibh ina spiaire do na heaspaig, ina shagart i mbréagriocht.

Nuair a d’éirigh leis an pálás a bhaint amach faoi dheireadh, bhí Dermo ag fanacht leis chun fearadh na fáilte a chur roimhe. Shocraigh Balor é féin go sócúlach ar tholg breá bog, agus chuaigh Dermo ar a ghlúine ar an urlár, in áit a raibh dhá chlaig choinne a chuid glún ar chláir adhmaid an urláir. Bhí cuma theolaí air, amhail is go raibh i dtaithí ar bheith ar a ghlúine ann an t-am ar fad. Nuair a bhí an bheirt acu socraithe, bhuail cloigín beag airgid agus tháinig bean rialta isteach le cúpla buidéal agus cúpla gloine. D’fhliuch siad a ngoib le braon de shú na braiche, ar mhaithe leis an bheirt acu a chosaint ó luaithreach na hÍoslainne, agus chun Balor bocht a mhisniú i ndiaidh trí agus trí oíche a chaitheamh ag an gheata, gan aon ghreim bia néal codlata.

Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil Jameson 15 Year Old Reserve, dúirt Balor go dtosódh le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas:

Balor: Ar mhiste leat a liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?

Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean thall is abhus nuair a bhí i mo shagart cúnta. Agus, dar ndóigh, bhí beirt mhamó agam fosta.

Clann an Easpaig

Balor: Agus an bhfuil aon pháistí agat, a Ardeaspaig?

Dermo: Páistí atá agam, a Bhaloir, a chroí. milliún go leith páiste faoi mo chúram san ard-deoise. Sin iad mo chuid páistí. An é sin a bhí i gceist agat?

Balor: Go díreach, a Ardeaspaig, go díreach... Ach an miste leat théim go cnámh na huillinne anois, agus cúpla ceist chasta a chur ort?

Dermo: Ar aghaidh leat, más ea. Cuir leat.

Balor: Ceart go leor. Inis dom faoi d’óige i mBaile Átha Cliath, agus an dóigh a ndeachaigh sin i bhfeidhm ort.

Dermo: Bhuel, a Bhaloir, rugadh i mBaile Átha Cliath agus chaith m’óige thart ar Inse Chór. Ba ghnách linn ár gcuid laethanta saoire a chaitheamh i mBaile Formaid. Áit álainn a bhí ann an t-am sin. raibh mórán den phúdar bán thart ag an am, ach bhí muid ábalta an snaoisín a cheannach gan stró ar achan choirnéal. Caitlicigh a bhí i mo mhuintir ar an thaobh, dar ndóigh, siar chomh fada le Naomh Pádraig.

Balor: Theastaigh uait a bheith i do shagart ó bhí i do ghasúr, is dócha?

Dermo: Níor theastaigh, baol air. Ón tús, theastaigh uaim a bheith i mo Phrotastúnach. bhíonn orthu siúd dul chuig faoistin chuig Aifreann, agus níl peacaí marfacha acu. Thig leo cibé rud is maith leo a dhéanamh, agus ansin a le Dia go bhfuil siad buartha, agus bíonn gach rud i gceart. saol iontach acu, na ... Daoine deasa atá iontu fosta. beirt chairde agam ina bProtastúnaigh.

Balor: Is duine iontach láidir anois thú, a Ardeaspaig. bhfuair an righne agus an stóinsitheacht? Ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, an ea?

Dermo: Go díreach, a Bhaloir, ar na sráideanna. Nuair a shocraigh im’ intinn go mbeinn i mo shagart, b’éigean dom na céadta gasúr eile a throid. Bhí gach aon duine ag iarraidh dul le sagartacht.

Pillte, Pillte, a Rún Ó!

Balor: Ach shíl go ndúirt go mba mhaith leat a bheith i do Phrotastúnach?

Dermo: sin fíor. Theastaigh uainn ar fad a bheith inár bProds, ach raibh an Ministéir sásta glacadh le níos beirt in aghaidh na bliana. nglacfadh le tuilleadh, bheadh in ann a mhaíomh gur mionlach beag bocht faoi ghéarleanúint i stát naimhdeach Caitliceach a bhí iontu. Ba í an tsagartacht an dara rogha.

Balor: Maith dom m’easpa tuisceana, a Ardeaspaig, ach cén fáth sin?

Dermo: Siur nach léir duit, a Bhaloir: thig le sagairt a rogha rud a dhéanamh fosta, agus a gcuid faoistiní féin a éisteacht. saol an mhadaidh bháin acu.

Balor: Agus ós ag caint dúinn ar shagairt, a Ardeaspaig, deacrachtaí agat le sagairt na hArdfhairce, nach bhfuil?

Dermo: Deacracht ar bith, a Bhaloir. a dúirt leat go raibh deacrachtaí agam leo? Déanann siad mar a deirim leo agus sin sin. Agus i dtaca leis na heaspaig sin, déanfaidh siad siúd mar a deirim fosta, Dermo Martino is ainm domsa.

Balor: Is cuma leat nach bhfuil gean na sagart na n-easpag eile agat?

Dermo: Gean? Gean? Maith dom an droch-Ghaeilge, a Bhaloir, ach dhéanaimse gean. sin choinne boigeartán.

Balor: Bhuel, a Ardeaspaig, mura bhfuil deacrachtaí agat leis na sagairt leis na heaspaig, hiad na fórsaí dorchana dark forcessan Eaglais Chaitliceach a ndearna tagairt dóibh ar na mallaibh?

Dermo: Míthuiscint a bhí ansin, a Bhaloir. dark forces a dúirt ar chor ar bith, ach Park forces a fhios agat an Parkagus atá ina cónaí sa Phark, a Bhaloir. Ise a bhí i gceist agam.

Balor: Íosa Mhic Giolla Máire? Ise?

Dermo: Ise! amháin bíonn ag pógadh easpag agus ag pramsáil thart leis an Phápa, agus an ina dhiaidh sin bíonn ag glacadh Comaoineach in eaglais Phrotastúnach! Agus a fear céile gach pioc chomh holc léié féin agus a Your Country Your Call! Sin iad na Park Forces, agus mo chloigeann ar shiúl acu beirt. do sháith ceisteanna agat anois, a Bhaloir; beidh cúpla buidéal eile againn sula n-imí . A Shiúr! A Shiúr! Cúpla buidéal eile ansin, más é do thoil é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.