AR NA SAOLTA SEO
An Inimirce Neamhdhleathach
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne. Chun donachta a chuaigh an scéal in Arizona le déanaí.

Íomhá
Jan Brewer
Íomhá
Felipe Calderon, Uachtarán Mheicsiceo ag Fóram Geilleagair an Domhain i nDavos
Íomhá
An t-oibrí thuas ag Cala Átha Cliath
Íomhá
Scottsdale, Arizona

Ar 23 Aibreán chuir gobharnóir Poblachtach Arizona, Jan Brewer, a síniú le SB1070, dlí nua atá le bheith ina chuid thábhachtach den troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí ina Stát féin. Is féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, gur mó de chonspóid ná de dhul chun cinn a bheidh de thoradh an dlí seo.

Faoin reachtaíocht eisceachtúil seo, má stopann póilíní stáit is áitiúla duine éigin ar chúis dhlisteanach, beidh sé de dhualgas orthu doiciméid aitheantais a iarraidh ar an duine sin má bhíonn amhras measartha orthu go bhfuil sé in Arizona go neamhdhleathach. Anuas air sin, beidh na póilíní in ann duine a ghabháil gan bharántas má bhíonn cúis dhóchúil acu chun a chreidiúint gur ‘inimirceach neamhdhleathach’ é.

Ciníochas

Is léir mar sin gur ar bhonn ciníoch a chuirfear an dlí i bhfeidhm. Is cinnte nach n-iarrfaidh póilíní a gcáipéisí aitheantais ar fhir mheancógacha mheánaosta fhionngheala. Is é an 30% de dhaonra Arizona ar Easpáinnigh iad a bheidh thíos le dualgais is cumhachtaí nua na bpóilíní.

Ar ndóigh, ní ‘inimirceach neamhdhleathach’ é gach Easpáinneach a bhfuil cónaí air in Arizona. Ach ní chiallaíonn sé sin nach gcuirfear náiredóiteacht ar Easpáinnigh a bhfuil doiciméid acu nuair a bhraitheann póilín go bhfuil seans réasúnta gur go neamhdhleathach atá sé ag cur faoi sa Stát. Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go ndearbhófar stádas an inimircigh?

Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a nochtadh. Níor luaithe síniú an ghobharnóra curtha leis an dlí nua ná go raibh línte gutháin na bpóilíní i dTucson, dara cathair an Stáit, gafa agus an méid sin daoine ag iarraidh aird na n-údarás a tharraingt ar inimircigh ar chóir a bheith in amhras orthu.

An Cion ina Choir in Arizona

An ghné is suntasaí de thionscadal Arizona, is dócha, ná go ndéanann sé coir den inimirce neamhdhleathach den chéad uair sna Stáit. Faoin reachtaíocht nua is ionann a bheith i láthair i Stát Arizona go neamhdhleathach agus coir na foghla. Áireofar mar choir, leis, iompar agus fostú ‘inimirceach mídhleathach.’ Bhain cúrsaí inimirce roimhe seo le réimse an dlí shibhialta. Ní coirpeach é duine a fhanann i dtír gan cead sa tslí chéanna nach coirpeach é duine a fhaigheann ticéad páirceála nó a sháraíonn an luasteorainn. Tá an chuma ar an scéal gur ar mhalairt tuairime atá reachtóirí Arizona.

Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.

Ní hionadh mar sin go bhfuil an méid sin raice tógtha ag iarrachtaí Arizona dul i ngleic le ceist na hinimirce neamhdhleathaí. Tá fógartha ag feisire amháin de chuid an Stáit go mba chóir Arizona a bhaghcatáil mar gheall ar an dlí nua. Is é sin díreach atá déanta ag roinnt eagraíochtaí a bhí chun comhdhálacha éagúla a thionól sa Stát. Agus gan oiread is mí go leith imithe ó chuir Jan Brewer a síniú le SB1070, tá buille trom buailte ar thionscal turasóireachta an Stáit a bhfuil sí mar ghobharnóir air.

Ní sna Stáit Aontaithe amháin atá lucht cáinte na reachtaíochta. Bhí focal géar le rá ag uachtarán Mheicsiceo, Felipe Calderón, agus é ar cuairt i Washington ag deireadh mhí na Bealtaine. Ní hionadh é sin agus Meicsicigh iad suas le caoga faoin gcéad den 12 milliún ‘inimirceach neamhdhleathach’ a áirítear a bheith i SAM agus slám airgid nach beag á chur abhaile acu in aghaidh na bliana.

Éiginnteacht Téarmaíochta

Cé gur gnách le rialtais an téarma ‘inimirceach neamhdhleathach’ a úsáid, níl lucht cosanta na gceart daonna rócheanúil air. Ní féidir le duine daonna, dar leo, a bheith neamhdhleathach, cé gur minic a bhíonn a iompar neamhdhleathach. Thairis sin, samhlaítear an aidiacht ‘neamhdhleathach’ le coiriúlacht, agus ní gá go bhfuil aon choir déanta ag inimircigh a bhfuil stádas neamhrialta acu, mar is fearr agus is cruinne cur síos a dhéanamh ar na daoine sin. Glactar leis an téarma ‘inimircigh neamhrialta’ chomh maith. Cé go dtugann rialtas na hÉireann ‘inimircigh neamhdhleathacha’ orthusan atá in Éirinn gan cead, is é ‘inimircigh gan doiciméid’ an téarma a úsáidtear agus tagairt á dhéanamh do na hÉireannaigh neamhrialta i SAM. ‘Feiceann súil ghlas saol glas’ a deir an seanfhocal agus is fíre ná riamh é ar cheist an chárta den dath céanna!

Feiniméan Domhanda

Ar ndóigh, is rud é an inimirce neamhdhleathach a tharlaíonn i ngach cearn den domhan. De réir na staitisticí is déanaí atá le fáil i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, tá suas le 6 milliún inimirceach a bhfuil stádas neamhrialta acu inár measc. Tá na figiúirí sin bunaithe ar eolas ó 2005, áfach. Tá gach seans go bhfuil laghdú tagtha ar an uimhir sin mar gheall ar an gcúlú geilleagair.

Cé go bhfeictear do roinnt den phobal gur súmairí geilleagair iad inimircigh neamhrialta a fhanann is a oibríonn i dtíortha gan cead, is amhlaidh nach é an sochar leasa shóisialta ach an infhaighteacht oibre an rud is mó a tharraingíonn daoine isteach i dtíortha eile gan na doiciméid chuí.

Dar le Migrant Rights Centre Ireland go bhfuil suas le 30,000 inimirceach neamhrialta sa tír seo agus Sínigh, Filipínigh, Brasaíligh, Úcránaigh agus Banglaidéisigh ina measc. Rud eile atá tugtha chun solais ag taighde an MRCI ná gur tháinig formhór mór na n-inimirceach sin go hÉirinn ar bhonn víosaí bailí ach nár fhág siad an tír nuair ba chóir. Is í tuairim na heagraíochta neamhrialtasaí PICUM go bhfuil sé sin fíor i gcás thromlach na n-inimirceach san Eoraip nach bhfuil stádas dleathach acu. Ar ndóigh, níl aon tír ná réigiún ar dhroim an domhain in ann eolas cruinn a sholáthar faoi líon na n-inimirceach neamhrialta atá acu. Is beag duine a d’admhódh go poiblí nó go hoifigiúil gur go neamhdhleathach atá sé ag obair is ag cónaí ar eagla go ndíbreofaí é.

Saol faoi Eagla

Fágann an fhíric aonair sin gur suarach an saol a bhíonn ag roinnt mhaith inimirceach neamhrialta. De dheasca na heagla atá orthu roimh ionnarbadh bíonn drogall orthu drochiompar fostóra nó pá faoi bhun an íosphá, mar shampla, a chur in iúl do na húdaráis, rud a thuigeann fostóirí go maith. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaidís an otharlann a sheachaint nuair ab fhearr freastal air.

Fuascailt na Faidhbe

Réiteach amháin ar cheist chrua na n-inimirceach neamhrialta ná cead a thabhairt dóibh a stádas a thabhairt chun rialtachta. Ciallaíonn sé sin go mbeadh próiseas ann a ligfeadh d’inimircigh a chomhlíonann coinníollacha áirithe fanacht go dleathach sa stát. Is sás é seo a bhfuil úsáid bainte as i bhformhór mór de thíortha na hEorpa. Ar ndóigh, bíonn coinníollacha éagsúla le comhlíonadh i dtíortha éagsúla agus ag amanna éagsúla ach, de ghnáth, bíonn ar an té a chuireann isteach ar phróiseas rialtachta taispeáint nach bhfuil taifead coiriúil aige is go bhfuil obair nó tairiscint oibre aige.

Dá mbeadh stádas dleathach ag an dream seo daoine, d’íocfaidís cáin, laghdófaí an dúshaothrú a d’fhéadfadh fostóírí neamhscrupallacha a imirt orthu agus ní bheidís ag maireachtáil in eagla roimh an ionnarbadh. Bheadh ar an rialtas na céadta milliún euro a chaitheamh chun suas le 30,000 duine a dhíbirt as an tír. I mbeagán focal, ba thairbhide an stát agus na hinimircigh araon an rialtacht stádais.

Ach maíonn idir rialtais an Domhain Thiar agus Choimisiún an Aontais Eorpaigh go spreagfadh próiseas rialtachta inimircigh eile teacht trasna na teorann ag súil le deis a a fháil ar stádas dleathach am éigin sa todhchaí. Is tuairim dhiongbháílte í seo ach níl ann ach tuairim. Níl aon chruthú le fáil go méadaíonn próiseas rialtachta líon na n-inimirceach neamhrialta a chuireann fúthu i dtíortha eile.

B’fhéidir gur fíor, mar sin, dóibhsean a mhaíonn gur fearr le rialtais reitric mar gheall ar an troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí seachas gníomhartha cruthanta a chosnódh cearta daonna na n-inimirceach ar gnách leo gabháil d’obair nach ndéanfaidh an pobal dúchais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.