AR NA SAOLTA SEO
Pádraig – an Chéad Bhrit.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar scéal Phádraig agus ar an bhFaoistin a scríobh sé agus é i mbun a mhisean in Éirinn.

Íomhá
Mise Pádraig (F Ó Spioradálta 1982)
Íomhá
Seaníomhá de chara Phádraig, An tEaspag Assach
Íomhá
Uaigh Phádraig ag Sabhall, Co. an Dúin (le Man Vyi ar Vicipéid)

Bhí cúrsa staire spéisiúil, ar bun agam, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcaitheamh an gheimhridh. Scéal Phádraig agus a pháirt i leathnú na críostaíochta go hÉirinn a bhí á scagadh againn le linn an chúrsa. Ag iarraidh an fhírinne a aimsiú faoi Phádraig Naofa, ón gcáipéisíocht chomhaimsearach a mhair anuas na céadta bliain. Tá a scéal chomh casta leis an ‘Da Vinci Code’ le Dan Brown!

Tá go leor ar eolas againn faoi Phádraig, an Bhreataineach chráifeach a tháinig go hÉireann sa gcúigiú aois. Scríobh sé féin doiciméad tábhachtach i Laidin ar a dtugtar an Confessio, a thosnaíonn leis an abairt seo:

‘Mise, Pádraig peacadh, an té is tuathaighe agus is lugha de sna fíreannaigh go léir, as is táir ag a lán mé.’ *

Ní thugann sé aon dáta sa Confessio faraor, agus níl a fhios againn go baileach cén bhliain ar tháinig sé i measc na nGael leis an gCríostaíocht a scaipeadh. Is léir go raibh mórán deacrachtaí aige in Éirinn agus é i mbun oibre. Ní hamháin go raibh daoine in Éirinn ina aghaidh, rud a mbeifeá ag súil leis, ach is léir go raibh lucht eaglaise sa Bhreatain ag cur go láidir ina aghaidh chomh maith agus á cháineadh go géar. Is le freagra a thabhairt ar lucht a cháinte sa Bhreatain, a scríobh sé an Confessio.

Ón Confessio tá a fhios againn gur tháinig Pádraig ó shliocht racmasach áit éicint sa Bhreatain, gur tugadh go hÉirinn é mar sclábhaí ag 16 bliana d’aois, gur aimsigh sé Dia le linn a thréimse i mbraighdeanas agus gur iompaigh sé ar phaidreoireacht, rud a thug suaimhneas dhó. Tar éis 6 bliana faoi sclábhaíocht, dúirt guth leis i mbrionglóid go raibh long réidh dhó agus d’éalaigh sé ar bhord na loinge. Ar ais sa Bhreatain i measc a mhuintire bhí brionglóid eile aige: samhlaíodh dhó gur chuala sé ‘Guth na nÉireannach’ ag impí air filleadh le ‘siúl aríst’ i measc na nGael. Seo mar a scríobh sé féin faoin bhfís chinniúnach sin ina Confessio, a mba chúis leis filleadh go hÉirinn.

Agus annsúd go deimhin i bhfís oidhche do dhearcas fear darab ainm Bhictoricus fé mar a bheadh sé ag teacht ó Éirinn, agus litreacha do-áirithe aige; agus do shín sé ceann aca chugam, agus do léigheas tosach na litreach mar a raibh guth na nGaedheal; agus tráth is mé ag aithris tosaigh na litreach, dar liom gur chuala, an nóimeint sin, guth na ndaoine bhí ina gcomhnuidhe i n-aice le coill Fochluid, atá i gcomhgar na farraige thiar, agus sid é mar do ghlaodhadar ós árd, d’aon ghlór béil mar déarfa: “Aitcheam ort, a ógánaigh naomhtha, teacht chughainn is siubhal fós i n-ar measc.” *

Meascán Eolais

Bheadh scéal Phádraig réasúnta simplí murach an beagán eolais atá againn faoi fhear darb ainm Palladius, a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn thart ar an am céanna. Cé go nglactar go traidisiúnta leis an dáta 432 mar tús mhisean Phádraig i measc na nGael, níl aon bhunús stairiúil leis an dáta sin. Ach tá fianaise doshéanta ann ón 5ú aois gur ceapadh Palladius, fear as an bhFrainc, le bheith ina chéad easpag ar Éirinn sa bhliain 431 agus le freastal ar na Gaeil a bhí ina gCríostaithe cheana féin, nó mar a deirtear sa doiciméad a scríobh Prosper ag an am, “ad Scotos in Christum credentes”.

Céard a tharla do Phalladius? Níl a fhios againn. Níl aon fhianaise ann gur éirigh leis tíocht go hÉirinn riamh agus má tháinig, níl a fhios againn ar fhan sé i bhfad. Ní dhearna Pádraig aon tagairt dhó, beag ná mór. Tá mé féin den barúil go raibh Pádraig i mbun a mhisean i measc na nGael sular ceapadh Palladius ina chéad easpag ar Éirinn, agus go mba shin an chúis nach bhfuil aon tagairt déanta dhó sa Confessio. Más mar sin atá an scéal is féidir a rá i gcónaí faoi Phádraig go mba é a thug an Chríostaíocht go hÉirinn. Ach má ghlactar leis an leagan traidisiúnta, is é sin, gur tháinig sé i measc na nGael sa bhliain 432, caithfear a admháil nach é a thug an Chríostaíocht go hÉirinn de réir fianaise dhobhréagnaithe na staire a insíonn go soiléir go raibh Críostaithe in Éirinn cheana féin faoin mbliain sin.

Céard a Tharla?

An chuid is spéisiúla domsa ina chuid scríbhinn ná an tagairt a dheineann Pádraig do pheaca mór éicint a rinne sé agus é ina dhéagóir agus a tarraingíodh aníos 30 bliain níos deireanaí sa Bhreatain le smál a tharraingt ar féin agus ar a mhisean in Éirinn. Ní insítear sa Confessio céard é an peaca mór, a rinne sé gan é nuair nach raibh sé ach 15 bliana d’aois. Scaoil sé a rún le cara leis, de bharr an imní a bhí air agus de bharr a bheith in ísle brí agus scaoil a chara an rún le daoine údarásacha san eaglais. Seo mar a scríobh sé féin faoin mbealach ar úsáideadh an peaca a rinne sé ina aghaidh níos deireannaí:

“Mar, i gcionn deich mbliadhna fichead, fuaradar an chaoi orm, agus mar gheall ar fhocal bhí admhuighthe agam sul a rabhas im dhéagánach do b’eadh é. De dheascaibh an tré chéile bhí orm do nochtas dom charaid ró-ionmhuin, is mé buaidheartha im aigneadh, gníomh do dheineas im óige lá, nó i n-uair an chluig féin, mar ná raibh fós ionam buachachtaint.” *

Céard é an ‘gníomh’ a thóg uair a chloig agus é ag tús a fhearúlachta, a d’úsáidfí ina leith tríoca bliain ina dhiaidh sin agus é ag scaipeadh na Críostaíochta i measc na nGael? Táimse den tuairim gur bhain sé le cúrsaí collaíochta. Febrí rud a bhí ann, bhí sé fós ina ábhar conspóide, nuair a scríobh sé an Confessio, mar chosaint air féin ó lucht a cháinte. Má bhí Pádraig faoi ualach le ciontacht de dheasca gníomh barbartha collaíochta, nach tráthúil go bhfuil an Eaglais Rómhánach a thug sé go hÉirinn míle go leith bliain ó shin, faoi ualach trom ag peacaí móra collaíochta chomh maith. ------------------------*Tógadh na sleachta aistrithe den Confessio as an leabhar ‘Faoistin Naomh-Phádraig’ leis an Athair Padraig Ua Duinnín (Baile Átha Cliath, 1906).

Naisc: http://www.ucc.ie/celt/published/G201009/index.htmlhttp://ga.wikipedia.org/wiki/Naomh_P%C3%A1draighttp://www.daltai.com/padraig/npadraig.htmhttp://www.ucc.ie/celt/published/G303000/index.html

Le Rann na nGág agus RnaG: http://ormondo-fon.blogspot.com/2009/06/do-dheineas-trascriobh-don-chlar-leanas_14.htmlhttp://www.stormloader.com/cyberspoke/misepadr.htmSa Laidin: http://www.ucc.ie/celt/published/L201060/index.htmlhttp://www.ucc.ie/celt/published/L201061/index.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.