AR NA SAOLTA SEO
Litir Oscailte Chuig Enda Kenny T.D.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Litir oscailte atá seolta ag ár gcolúnaí Donncha Ó hÉallaithe chuig ceannaire Fhine Gael,Enda Kenny T.D. Léiríonn sé a imní sa litir faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag plean Fhine Gael, deireadh a chur le éigeantas na Gaeilge san Ardteist, cé go ndeir sé go n-aontaíonn sé leis an bpolasaí i bprionsabal!

Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny TD
Íomhá
Ceannaire an Lucht Oibre, Éamonn Gilmore TD
Íomhá
Áille deartha Oifig an tSoláthair
Íomhá
I gcló 1970 agus 1947
Íomhá
Seanchló agus úrchló uilig imithe as feidhm

Enda Kenny T.D.,
Ceannaire Fhine Gael,
Teach Laighin,
Baile Átha Cliath 2.

A Enda, a chara,

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh tú i do Thaoiseach faoi cheann ráithe. Tharlódh sé, ar ndóigh, go dtacódh Fianna Fáil le hÉamonn Gilmore. Is beag an baol, le bheith réadúil, go dtarlóidh sin agus mura dtarlaíonn, ní bheidh de rogha ag Páirtí an Lucht Oibre ach tacaíocht a thabhairt duitse mar Thaoiseach ar Chomhrialtas, cé gurb é Éamonn atá mar rogha na ndaoine do réir na bpobalbhreitheanna.

Lá stairiúil a bheas ann: an chéad Taoiseach ariamh as an Iarthar. Beidh Maigh Eo mórtasach asat, tá mé cinnte, ach sin ráite, beidh go leor leor daoine, ar chás leo an Ghaeilge, imníoch.

Tá sé ráite agat féin cúpla uair nach mbeidh ar dhaltaí scoile an Ghaeilge a ghlacadh mar ábhar scrúdraithe tar éis an Teastais Shóisearaigh, má fhaigheann tusa cead do chinn. B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort a chloisteáil go n-aontóinnse leis an bpolasaí sin i bprionsabal, dá bhféadfainn a bheith réasúnta cinnte nach n-éireodh formhór na mac léinn as an nGaeilge tar éis na Meánteiste. Rinne mé cuardach ar shuíomh idirlín Fhine Gael féachaint an raibh aon pholasaí oibrithe amach ag an bpáirtí chun a chinntiú nach dtréigfí an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe Ardteiste, dá mbeadh sé roghnach cosúil le, beagnach, chuile ábhar eile. Níor éirigh liom tíocht ar aon cheo, a thabharfadh le tuiscint dom go bhfuil aon mhacnamh déanta agat féin ná ag Fine Gael ar an mbealach a dhéanfaí an Ghaeilge tarraingteach mar ábhar roghnach do dhaltaí Ardteiste.

An Laidin

B’fhéidir gur cuimhneach leat féin an bealach a tréigeadh an Laidin sna seachtóidí, th’éis gur cuireadh deireadh leis mar ábhar riachtanach sa maithreánach, le fáil isteach san ollscoil. Thóg 138 dalta an Laidin san Ardteist anuraidh! Tuigim nach ionann Laidin agus an Ghaeilge. Fós féin, tá sé saonta a cheapadh go dtógfaidh mórán mac léinn an Ghaeilge mar ábhar Ardteiste as ‘grá’ don teanga, nuair is féidir ábhair i bhfad níos éasca a roghnú fá choinne na bpointí ollscoile. Tuigim go bhfuil an Ghaeilge fós riachtanach mar ábhar maithreánaigh i gcoláistí atá mar chuid den NUI, ach tá an NUI le briseadh suas agus leis an bhfírinne a inseacht, ní deacair dom a shamhlú go seasfaidh UCD, mar shampla, le Gaeilge, mar ábhar riachtanach san Ardteist sa gcóras iontrála, mura mbeidh sé riachtanach mar ábhar scrúdaithe san Ardteist.

Aontaím leat nach bhfuil an t-éigeantas, a bhaineann leis an nGaeilge san Ardteist, ag obair. Ní bhíonn ach mionlach beag de na mic léinn in ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga laethúil cumarsáide ar imeacht as an scoil dóibh: beagán Gaeilge ag go leor daoine ach ní bhíonn a dhóthain Ghaeilge ag mórán le go mbeidís in ann comhrá a dhéanamh ná litir a scríobh. Is í mo thuairim nach fiú airgead agus acmhainní múinteoireachta a chur amú ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do dhaltaí nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim. B’fhearr i bhfad díriú orthu siúd a roghnódh an Ghaeilge mar ábhar Ardteiste. Polasaí ar bith a mhéadódh líon na ndaltaí a mbeidh Gaeilge mhaith acu, ag tíocht amach as an gcóras oideachais, táimse ar a shon sin.

Gníomh Dick Burke

Rinne Fine Gael botún mór sa bhliain 1973, nuair a chuir an tAire Dick Burke deireadh le riachtanas na Gaeilge do Státsheirbhísigh. Tá muid ag íoc as an mbotún sin anois. Ní féidir gnó a dhéanamh trí Gaeilge le go leor de na ranna stáit, cheal státseirbhísigh atá in ann Gaeilge a úsáid. Admhaíodh nach bhféadfadh an Roinn Oideachais freastal ar an éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge a bhí ag tíocht ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachts sa bhliain 2005, mar go raibh níos lú ná 3% den bhfoireann riaracháin “líofa sa Ghaeilge”. Tá an scéal faighte níos measa ó shin agus gan ach 1.5% den bhfoireann riaracháin in ann seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar i 2010. Tá mé cinnte go raibh sé níos airde ná sin i measc na Státsheirbhíseach a bhí ag rialú cúrsaí oideachais faoi réimeas na Breataine!

Chuir Fine Gael deireadh le riachtanas Ghaeilge sa Státseirbhís gan machnamh ceart a dhéanamh faoina dtarlódh dá bharr. Botún tubaisteach a bhí ann. Ach tá cuid mhór den locht ar Fhianna Fáil, chomh maith le Fine Gael. Rinne Fianna Fáil gleo go leor faoi agus dúirt go gcuirfi gach ní ina cheart nuair a bheadh Fianna Fáil ar ais i gcumhacht ach ní dhearna. Ní féidir ligint do thubaiste mar sin tarlú arís don Ghaeilge. Sin é an fáth a bhfuilim ag scriobh chugat faoin tuairim atá agat deireadh a chur le héigeantas na Gaeilge san Ardteist.

Tá go leor daoine a chreideann go mba é Fianna Fáil a chuir tús le Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais. Níorbh é, ar ndóigh, ach Cumann na nGael, as ar fáisceadh Fine Gael. Socraíodh sa bhliain 1927 go mbeadh an Ghaeilge éigeantach mar ábhar scrúdaithe agus mura bhfaighfí pas sa Ghaeilge, theipfeadh ort sa scrúdú ar fad. Chuir Fine Gael deireadh leis an dúnghaois sin sa bhliain 1973 ach tugadh cairéad do na mic léinn an Ghaeilge a dhéanamh ag an Ardleibhéal, mar gur comhairíodh an onóir sa Ghaeilge mar dhá onóir, fá choinne na ndeontas tríú leibhéal a bhí ar fáil do dhaltaí a n-éireodh leo 4 onóir a bhaint amach.

Iad a Mhealladh

I mbeagán focal, seo mar a fheicimse an scéal: múintear an Ghaeilge do thart ar 90% de na scoláirí Ardteiste faoi láthair, ach ní bhíonn ach thart ar 12.5% inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bhliain. Dá n-úsáidfí na acmhainní céanna le Gaeilge a mhúineadh le abair 60% de na mic léinn, a roghnódh í, b’fhéidir go bhféadfaí an tríú cuid acu a thabhairt chun inniúlachta sa Ghaeilge. Toradh níos fearr a bheadh ansin: 20% de na daltaí ag tíocht amach as na meánscoileanna le Gaeilge líofa in áit an 12.5% atá ag tíocht amach faoi láthair. Ach ní tharlóidh sin, mura mbeidh cairéad éicint curtha sa gcothromóid.

Seo an rud a mholfainn: an 25 pointe breise a bheith le fáil as Mata ag Ardleibhéal go mbeadh an dúthracht chéanna le fáil as an nGaeilge agus as an mBéarla chomh maith, ar an mbonn

  • (i) go mbíonn i bhfad níos mó oibre i gceist leis na trí ábhar sin agus
  • (ii) mar go bhfuil sé ríthábhachtach don tír go mbeadh sciar maith daoine ag tíocht amach as an gcóras meánscoile le hinniúlacht i mBéarla agus le hinniúlacht i nGaeilge chomh maith le hinniúlacht i Matamaitic.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúpla mí eile agat le beartais a réiteach don bhfeachtas olltoghchánaíochta. Mholfainn duit meitheal atá dílis don Ghaeilge a tharraingt le chéile le tíocht aníos le pacáiste tarraingteach, a chiallóidh amach anseo, go mbeidh acmhainní an stáit á gcaitheamh go feidhmiúil ar Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine atá ag iarraidh í a fhoghlaim. Má fhágann tú an polasaí mar atá sé curtha in ár láthair go dtí seo, níl cúis ag daoine ar chás leo an Ghaeilge muinín a chur ionat féin ná i bhFine Gael sa gcéad ollthoghchán eile.

Athbhliain faoi mhaise dhuit,

Is mise,

Donncha Ó hÉallaithe

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.