AR NA SAOLTA SEO
Cé Dhó a dTabharfaidh mé an Vóta?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoghchán na huachtaránachta agus ar na hiarrthóirí atá le seasamh. Cuireann sé an cheist an bhféadfadh sé tarlú go mbeadh Uachtarán ar Éirinn, le linn comóradh Éirí Amach na Cásca, nach mbeadh in ann a chuid dualgaisí a chomhlíonadh trí Ghaeilge?

Íomhá
Máire Mhic Róibín, mí Iúil, ag ionad sláinte le Trócaire sa tSomáil
Trócaire ar Flickr. com
Íomhá
Mary Davis, faoi stró ag gnóthaí airgid
le Quasihuman ar Vicipéid
Íomhá
Pat Cox, fear Gaeilge nach mbeidh san iomaíocht
le א [Aleph] ar Vicipéid
Íomhá
An t-iarrthóir David Norris
le Jaqian ar Vicipéid
Íomhá
Mícheál Martin, gan iarrthóir a chur chun tosaigh
SAM ar Vicipéid

Bronntanas polaitiúil ó Fhianna Fáil a bhíodh san uachtaránacht, go dtí gur shocraigh Páirtí an Lucht Oibre, Mary Robinson a ainmniú le seasamh in aghaidh iarrthóir Fhianna Fáil Brian Lenihan sa toghchán i 1990. Ní raibh an uachtaránacht ná Fianna Fáil mar a chéile ó shin.

D’úsáid Mary Robinson agus Mary McAleese an oifig le haird a tharraingt ar cheisteanna bunúsacha agus creidim go bhfuaireamar luach ár gcuid airgid ón mbeirt acu. Le cúlra dlí na beirte, bhíodar cáilithe go maith le dualgaisí bunreachtúla na huachtaránachta a chomhlíonadh. Ag deireadh thiar thall, tá dualgas bunreachtúil fíorthabhachtach amháin ag Uachtarán na hÉireann: gach Bille ón Oireachtas a mheas le cinnte a dhéanamh dhó go bhfuil sé ag teacht leis an mbunreacht agus, má tá amhras ann faoi, é a chur os comhair na Cúirte Uachtaraí, lena scrúdú. Is séisín gach ní eile a dheineann an tUachtarán ina dhiaidh sin.

Leathnaíodh ról na huachtaránachta ar bhealach suntasach faoi réimeas Mary Robinson. Feictear dom gur chothaigh a huachtaránacht muinín i nglúin nua Éireannach, a chabhraigh go mór linn ar bhealaí éagsúla mar náisiún. Bhí an mhuinín agus an dóchas nua a chothaigh Robinson ionainn ina chúnamh mór chun an tír a tharraingt amach as an bpoll dubh domhain inar thit sí le linn na n-ochtóidí. B’fhéidir gur éirigh cuid againn rómhuiníneach asainn féin agus go bhfuil an chuid eile againn ag íoc go daor as anois. Ach sin scéal eile.

Chaith Mc Aleese agus a fear chéile Martin dúthracht go leor ag cothú caidrimh le ceannairí na ndílseoirí sa Tuaisceart, rud a chabhraigh go mór chun an tsíocháin a chothú sa Tuaisceart. An mbeidh an chéad uachtarán eile sách tuisceanach ar an dá thaobh ó thuaidh le go bhféadfaí tógáil ar an obair thábhachtach sin?

Ba é buaicphoinnte a huachtaránachta, gan amhras, gur éirigh le Mary Mc Aleese, banríon na gcomharsan a mhealladh le cúpla lá a chaitheamh inár measc, níos túisce i mbliana. Don chéad uair bhí Coróin Shasana, ag tabhairt aitheantais do neamhspléachas an stáit seo agus ba dheas a fheiceáil go raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann sásta fáilte croíúil a chur roimpi.

An tUachtarán is an Ghaeilge:

Chuaigh an dá Mhary i bhfeidhm orm chomh maith maidir leis an mbealach inar fhoghlaim siad Gaeilge, le go bhféadfaidís Gaeilge a labhairt nuair a d’fheil sé don ócáid. Is cuimhneach liom castáil le Mary Robinson ag tús an fheachtais toghchánaíochta agus ní mórán Ghaeilge a bhí aici. Ní fhéadfadh sí comhrá a choinneáil suas ná agallamh a dhéanamh sa dteanga náisiúnta, gan na ceisteanna a bheith tugtha di roimh ré, le go mbeadh sí in ann na freagraí a chleachtadh. Ba léir gur thuig sí a thábhachtaí is a bhí sé go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hÉireann agus d’éirigh leí líofacht réasúnta a bhaint amach taobh istigh de bhliain nó mar sin.

Is éacht a rinne Mary Mc Aleese, i dtaobh na Gaeilge. Is ar éigean go raibh Gaeilge ar bith ag an mbean ag tús an fheachtais ach is cainteoir líofa go maith anois í. Deirtear liom nuair a thugann sí cuairt ar Ghaelscoil go mbíonn sí in ann labhairt leis na gasúir i dteanga na scoile gan aon stró. Tá moladh mór tuillte aici dá bharr sin. Bheinn ag súil leis an dúthracht chéanna sa chéad Uachtarán eile ach tá amhras orm.

Níos túisce i mbliana bhí a dhóthain Ghaeilge ag an triúr a bhí ag iarraidh post an Taoisigh a líonadh, le cur ar a gcumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht teilifíse beo trí Ghaeilge ar TG4, seachtain roimh an Olltoghchán. Tá an chuma ar an scéal dá mbeadh díospóireacht bheo idir na hiarrthóirí don uachtaránacht nach mbeadh ach duine amháin as an seachtar sa stiúideo, agus ionadaithe ag seasamh isteach don chuid eile acu! Is bocht an scéal é.

Éagóir na bPáirtithe Orainn:

Bhí rogha ag Fine Gael idir triúr. Is í mo thuairim gur roghnaíodh an duine ba mheasa den triúr. Do réir na bpobalbhreitheanna, níl Gay Mitchell (FG) ach ar comhleibhéal tacaíochta le Mary Davis (Neamhspléach) agus taobh thiar de Martin Mc Guinness (Sinn Féin)! Ó thaobh na Gaeilge dhó, ceapann sé gur leor a rá go bhfuil páistí leis ag freastal ar Ghaelscoil! Iontach, ach nuair a théann sé féin ar chuairt ag Gaelscoil, chuig pobal Gaeltachta nó chuig imeacht Gaeilge, an mbeidh sé in ann labhairt le daoine i nGaeilge? Sin í an cheist nach bhfuil curtha air fós ag aon iriseoir go bhfios dom.

Ar roinnt cúiseanna, rinne Fine Gael éagóir ar an dtír, nuair a dhiúltaigh siad ainmniúchán d’iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox. Iarrthóir den scoth a bheadh ann, a dhóthain Ghaeilge aige le hagallamh raidió a dhéanamh. Togha cainteora agus seasamh idirnáisiúnta aige, a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach do leas na tíre agus an tsáinn ina bhfuil muid. Ach de bharr intinn treibheach an pháirtí, roghnaíodh Gay Mitchell mar go mba dhílseoir Fhine Gaelach é ón tús.

Níorbh é Fine Gael amháin a rinne éagóir ar an bpobal le roghnú an iarrthóra don uachtaránacht. Céard faoi Shinn Féin? Thar aon pháirtí eile shílfeá, leis an méid cainte a bhíonn ar bun ag Sinn Féin faoin nGaeilge, go mbeadh an oiread sin measa acu ar an dteanga is ar lucht a labhartha is go roghnóidís duine le Gaeilge le seasamh i dtoghchán na huachtaránachta. Ba chuma ach bhí rogha na n-iarrthóirí le Gaeilge mhaith acu: Pierce Doherty, Bairbre de Brún, Lucillita Bhreathnach, Caoimhín Ó Caoláin agus tá Gaeilge maith go leor ag Gerry Adams, mar is maith leis a thaispeáint don domhan mór, aon uair a fhaigheann sé an deis agus moladh tuillte aige dá bharr. Dá mbeadh a théarma faoi ghlas déanta ag Martin Mc Guinness sa Jailtacht ó thuaidh seachas a bheith i gcarchair an tSaorstáit, b’fhéidir go mbeadh smeadar den teanga aige.

Botún Fhianna Fáil:

Tá botún ollmhór déanta ag Micheál Martin, gan iarrthóir ó Fhianna Fáil a scaoileadh ar aghaidh. Creidim go gcaillfidh Martin ceannaireacht ar an bpáirtí mar gheall ar a bhotún. Sa toghchán ag deireadh na míosa seo beidh roinnt mhaith den 17% a vótáil do Fhianna Fáil san olltoghchán, ag vótáil d’iarrthóir Shinn Féin. Má vótáileann siad uair amháin do Shinn Féin, beidh sé i bhfad níos éasca dóibh vótáil arís d’iarrthóirí Shinn Féin sa gcéad olltoghchán eile, phé ’ brith uair a bheas sé ann. Fuair Sinn Féin 10% de na vótaí san olltoghchán san earrach. Creidim go dtiocfaidh méadú suntasach ar an vóta sin i dtoghchan na huachtaránacha Tá seans go mbeidh níos mó vótaí ag iarrthóir Shinn Féin ná mar a bheas ag iarrthóir Fhine Gael, cuirim i gcás.

Maidir le David Norris, is léir go raibh sé ar a intinn le fada é féin a chur ar aghaidh don uachtaránacht. Nach raibh tagairt déanta sa litir chonspóideach a sheol sé ag an mbreitheamh sa gcúirt in Iosrael go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh sé ina uachtarán ar Éirinn uair éicint! Más amhlaidh a bhí, cén fáth nár chaith sé beagán dúthrachta leis an nGaeilge a fhoghlaim? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Eabhrais aige, más fíor dhó féin. Cén fáth, má bhí sé ag iarraidh a bheith ina Uachtarán ar Éirinn, nár fhoghlaim sé an Ghaeilge chomh maith?

Tá an rud céanna le rá faoi Dana. Sheas sí cheana don uachtaránacht agus ní léir go bhfuil aon iarracht déanta aici tabhairt faoi bheagán Ghaeilge a chur ina cloigeann ó shin.

Déanfar Éirí Amach na Cásca a chomóradh sa mbliain 2016. Beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an Uachtarán le linn an chomóraidh. Ba mhór an náire dhúinn mar náisiún, a bhfuil an Ghaeilge mar bhunús lenár bhféiniúlacht, má tharlaíonn sé go mbeidh orainn Seachtain na Cásca a chomóradh le hUachtarán gan Ghaeilge i gceannas na tíre. Sin an fáth nach mbeidh de rogha agam ach mo vóta a thabhairt, le drogall, do Mhichael D., cé go gceapaim go bhfuil sé róshean le bheith ag seasamh. Dá mbeadh Pat Cox san iomaíocht is aige a bheadh mo vóta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.