69
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.
»»»Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Féachann Carmen Rodríguez ar an tslí a ndearna páirtí an rialtais sa Spáinn, an Partido Popular, iarracht dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne i ndiaidh bhuamáil Mhaidrid.
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta i measc na mBriotánach agus tá sí ag cur aithne dá réir ar mhuintir na Briotáinise. Bíonn a dteanga, urlabhra na ‘collabos’ - lucht tréasa - ina hábhar grinn i measc lucht na Fraincise.
»»»Tá daoine ag dul amú agus solas acu. Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.
»»»Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl. de réir a chéile. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.
»»»Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag caint le daoine go leor sa Bhruiséil ar na mallaibh. Is cosúil go bhfuil brú mór ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Ní hé amháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist, dar leis.
»»»Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta. Caitheann sé súil san alt seo ar an tuarascáil a tháinig amach deireadh mí Iúil ón gComhchoiste Oireachtais. Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
»»»Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal. Níl an Rí céanna ar son na Vatacáine ná na ‘feiceann’-Eorpa.
»»»Tá logainmneacha leithinis Wirral, in aice le Learpholl, an-suimiúil, dar le Tony Birtill, de bhrí go bhfuil meascán den Ioruais, den Ghaeilge agus den Bhéarla le fáil iontu.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann in ann eolas ar Thaispeántas suntasach a roinnt leat anseo. Má bhíonn am le caitheamh agat faoin ardchathair, agus roinnt pingneacha le caitheamh uait, thig leat súil a chaitheamh thart ann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.