AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Sealanna leis na seandálaithe
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.

Íomhá
Mainistir Naondroma ag luí na gréine
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Mainistir Liath
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An dolmain i lár Fháinne an Fhathaigh
Grianghraf: Liz Curtis

Thart fá chúig bliana ó shin chláraigh mé le Cumann Seandálaíochta Uladh. Ní raibh suim speisialta sa tseandálaíocht agam ag an am, ach chuala mé gur eagraigh an cumann turais éagsúla.

Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.

Cibé eile is féidir a rá faoi “na Sé Chontae Atá Faoi Chois”, na flaithis atá iontu ó thaobh seandálaíochta de. Agus déanann an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta jab an-mhaith, measaim, maidir le haire a thabhairt dóibh.

Ag seanmhainistir Naondroma, mar shampla, atá amuigh i Loch Cuan ar oileán atá ceangailte leis an mhórthír ag cabhsaí, tá ionad beag cuairteoirí i dteach bán adhmaid. Chuaigh mé ann Domhnach amháin i mí Eanáir, agus cuireadh iontas orm go raibh sé oscailte agus an fear cúraim, atá an-eolach ar an áit, i láthair.

Téann Naondroim siar go dtí an seachtú haois. Suíomh cruinn atá ann, agus trí bhalla thart air, agus iarsmaí séipéil agus cloigthí ina lár. Ar an taobh eile de Loch Cuan, tá mainistir ón dara haois déag ann, Mainistir Liath. Bhunaigh Affreca í - ba ise iníon rí Mhanainn agus bean chéile John de Courcy, an t-ionróir Angla-Normannach a fuair greim ar oirthear Chúige Uladh.

Tá ionad beag cuairteoirí ag Mainistir Liath fosta, agus tá luibhghort ann agus luibheanna ó na meánaoiseanna ag fás ann. Tá fear cúraim an-deas ansin fosta, agus an-scéalta aige faoi na luibheanna. Mhínigh sé an méid seo dúinn:

“Tá finéal ann, a chuidíonn le gaoth, agus *milk-thistle *do mhná a bhfuil naíonán cíche acu. Tá ann fosta, a chuireann an ruaig ar dhragain.”

Thug mé suntas don ghoirmín, is é sin an luibh as a bhfaightear an dath gorm a chuireadh an bhanríon Boudicca agus Ceiltigh eile orthu féin. Rinne mé iontas de na bláthanna, mar go raibh dath buí orthu.

Carrchlóis

In áiteanna áirithe, cuireann an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta carrchlós ar fáil. Tá cuid de na carrchlóis sin in áiteanna ciúine cúlráideacha, mar sin baintear úsáid astu mar ionaid choinne.

Is cuimhin liom am amháin a chuaigh mé go dtí Fáinne an Fhathaigh, imfhálú ollmhór neoiliteach ar imeall Bhéal Feirste. Bhí iontas orm nuair a chonaic mé líne gluaisteán sa charrchlós agus fear amháin istigh in chóir a bheith gach ceann, agus spéaclaí dorcha orthu ar fad. Cad é a bhí ar siúl? Cruinniú paraimíliteach? Thuig mé an scéal nuair a thug mé faoi deara go raibh cúpla gluaisteán folamh, ach ní raibh duine ar bith seachas mé féin ag siúl thart ar an imfhálú.

Suíomh eile a bhfuil carrchlós suaimhneach ann ná an tSruthail in aice le Dún Pádraig. Áit álainn lán atmasféir atá inti, ar tháinig daoine ann ar feadh na gcéadta bliain fá choinne leigheas a fháil ón uisce, a éiríonn ó shruth faoin talamh. Chomh maith le toibreacha, tá dhá theach folctha ann, ceann acu d’fhir agus ceann eile do mhná. Nuair a chuaigh mé ann i lár an gheimhridh, bhí an suíomh féin ciúin folamh - ach bhí dhá ghluaisteán sa charrchlós gan duine ar bith le feiceáil iontu, ach a gcuid fuinneog galach.

Caithfidh mé a rá go mbainim an-sult as an tseandálaíocht atá timpeall orainn i mBéal Feirste, agus as imeachtaí an Chumainn Seandálaíochta fosta. Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.

Bíonn roinnt mhaith léachtaí againn idir an fómhar agus an t-earrach, ansin bíonn turais againn sa samhradh. Cé go maith liom na léachtaí, taitníonn na turais go speisialta liom. An bhliain seo caite, mar shampla, chuaigh muid thart ar Chontae Dhoire i mionbhus ag amharc ar uaigheanna meigiliteacha; thug muid cuairt ar Leathinis Chuaille le caisleáin ón mheánaois a fheiceáil; agus chaith muid deireadh seachtaine thíos i gContae Chorcaí, ag taiscéaladh áiteanna éagsúla, Cionn tSáile ina measc.

Tá clár an-mhealltach againn arís i mbliana, a chuimsíonn turais lae go dtí Cósta Aontroma agus Aird Uladh agus deireadh seachtaine i gContae an Chabháin. Táim ag tnúth go mór leis na turais uilig!

Tuilleadh eolais:

*Tá leabhar iontach ann faoin tseandálaíocht i dtuaisceart na hÉireann, darb ainm *Living Places le Colm Donnelly (ISBN 0 85389 475 2). Cuireann sé síos ar áiteanna áirithe mór le rá ón Aois Mhéisiliteach go dtí an seachtú haois déag, agus léiríonn sé modhanna taighde fosta, mar shampla dátú radacarbóin agus anailís phailine. Tá grianghraif bhreá ann fosta.

Le heolas a fháil faoi na suímh atá faoi chúram na Seirbhíse Comhshaoil agus Oidhreachta, is féidir amharc ar a suíomh gréasáin: www.ehsni.gov.uk. Má tá suim agat i gCumann Seandálaíochta Uladh, scríobh chuig: Ulster Archaeological Society, c/o Dept. of Archaeology and Ethnography, Ulster Museum, Botanic Gardens, Belfast, BT9 5AB, nó cuir ríomhphost chuig arcethno.um@gov.uk (UAS).

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.