CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Beo!
Íomhá
Éamonn Ó Dónaill
(le Justin Mac Innes, Mac Innes Photography)
Íomhá
Gearoidín, Liam & Siobhán

A chairde Beo!

Is é an t-eagrán seo an ceann deireanach againn faraor. Riamh ó foilsíodh Beo! den chéad uair i mí na Bealtaine 2001, is i mbláth agus i mbeatha a bhí sé ag dul de bharr éifeacht ár ndearthóra, Michal Boleslav Měchura, agus cumas ár n-eagarthóirí, Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus Seosamh Mac Muirí.

Mheall Beo! na hiriseoirí is fearr i saol na Gaeilge sa dóigh go mbíodh a gcuid alt á léamh in Éirinn agus ar fud an domhain. Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne.

Ba bheag iris ar líne a bhí le fáil i mórtheangacha féin an domhain nuair a tháinig Beo! ar an saol -- gan trácht ar theangacha neamhfhorleathana -- ach d’imigh sin agus tháinig seo. Glacaim buíochas ó chroí leis na daoine a chuidigh linn ó thosach ama, go háirithe na heagarthóirí, na colúnaithe agus na scríbhneoirí (fiú an deamhan úd, Balor na Súile Nimhe, nár chaill eagrán ar bith den chéad seasca agus sé cinn acu a foilsíodh); leis na dearthóirí, Michal agus Rónán Ó Dochartaigh; an fhoireann oibre anseo i nGleann Cholm Cille (Siobhán agus Gearóidín) agus libhse, ach go háirithe, ár gcuid léitheoirí.

Gabhaim buíochas le Foras na Gaeilge a phléigh linn go tacúil ón chéad lá amach -- nó gur tháinig uair úd na sceanartála go deireanach.

Guím gach uile rath ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, ar fhoireann Tuairisc.ie, agus ar Thomaí Ó Conghaile le Nós Mag.

Fágfar Beo! ar líne don am atá romhainn sa chruth go mbeidh fáil ag cách feasta ar an chartlann luachmar atá cnuasaithe thar na blianta ann.

Le dea-mhéin

Liam Ó Cuinneagáin

oifig@beo.ie

For non-Irish speakers

BEO! is an Irish language current affairs magazine published monthly online since May 2001. The publication was funded by Foras na Gaeilge, the all-Island agency responsible for the promotion of the Irish language and established as a part of the Good Friday agreement. The final edition was September 2014. The magazine, while not being updated with new articles, will stay online and leave its archive accessible; the archive contains the 166 editions and over 3,000 articles by Ireland’s foremost Irish language columnists and journalists.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.