AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Samhail Nua Mhaoinithe do Scoileanna na hAstráile?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní lia tír ná córas míchothromaíochta agus ní taise do chóras oideachais na hAstráile é dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Mark Latham, ceannaire an fhreasúra 04
(le Adam Carr ar Vicipéid)
Íomhá
An Príomh-Aire Julia Gillard
(le Adam Carr ar Vicipéid)
Íomhá
Scoil ag Berry Springs
(le Mark Christie Aerial Photos ar Picasaweb)
Íomhá
John Howard, iar-Phríomh-Aire

Chuir muid fúinn san Astráil sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach roinnt míonna sa tír nuair a bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil. Ba mhúinteoir i meánscoil phoiblí mé ag an am agus is cuimhin liom go raibh ceist mhaoiniú na scoileanna príobháideacha ina cnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta san fheachtas. Tá an cheist chéanna i lár an aonaigh i gcúrsaí polaitíochta abhus go rialta ó shin i leith, agus í ina hábhar achrainn idir na páirtithe móra. Foilsíodh tuarascáil, ar a dtugtar an Gonski Report, ar na mallaibh, ámh, a mholann athruithe do mhaoiniú scoileanna na tíre a réiteodh an cheist achrannach seo – i bhfeidhm iad=if they were to be applied">dá gcuirfí ="gloss" title="into effect">i bhfeidhm iad.

Nuair a bhain an Astráil neamhspleáchas amach ina tír chónascach sa bhliain 1901, bhí an fhreagracht ar na sé stát oideachas saor, éigeantach agus saolta a mhaoiniú. Ritheadh reachtaíocht sna sé choilíneach roimh neamhspleáchas a chuir toirmeasc ar státchabhair do na scoileanna príobháideacha, scoileanna a bhí faoi chúram na sainaicmí creidimh éagsúla. Chothaigh an reachtaíocht deiridh seo gangaid sheicteach in amanna.

Níor tháinig aon athrú ar an scéal go dtí 1964, nuair a sholáthair an rialtas náisiúnta deontais do mheánscoileanna na tíre go léir le saotharlanna a thógáil. Níor tuigeadh go forleathan ag an am, ach ba chor tábhachtach é sin i stair mhaoiniú na scoileanna abhus. Bíodh is gur chothaigh an cinneadh naimhdeas láidir, bhí fasach ann do státchabhair eile a thabhairt do na scoileanna príobháideacha. Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh le sonrú ó shin i leith.

Cuidiú le Dream an Ghustail

Bhí conspóid ghéar ann gach uair a leathnaíodh an státchabhair seo agus tharla an chonspóid ba nimhní idir 1996-2007, nuair a bhí John Howard ina Phríomh-Aire. Bhunaigh a rialtas samhail nua mhaoinithe a thug airgead sa bhreis do na scoileanna príobháideacha agus tháinig borradh mór faoi líon na mac léinn iontu dá bharr. Bhí beagnach ceathrú cuid de pháistí na tíre ag freastal orthu faoi dheireadh a ré.

Chothaigh na hathruithe a chuir rialtas Howard i bhfeidhm aighneas feanntach mar gur thug siad cúnamh sa bhreis do na scoileanna príobháideacha is saibhre sa tír. Anuas air sin, nuair a bhog aon mhac léinn ó scoil phoiblí go scoil phríobháideach, baineadh a chuid maoinithe as an gcóras poiblí agus tugadh don scoil phríobháideach é. Mhaígh lucht na scoileanna poiblí go raibh a n-imeallú ar siúl mar gheall ar an tsamhail nua seo, agus iad ag cailliúint mac léinn de shíor, na mic léinn is cumasaí den chuid ba mhó, agus acmhainní oideachais dá bhíthin sin.

Ba shaghas cogaíochta aicmí í, toisc go bhfuair an Páirtí Liobrálach, páirtí Howard, tacaíocht láidir ó na haicmí a bhí ar a gcumas íoc as táillí arda na scoileanna saibhre. Cuireadh go mór leis an achrann idir na páirtithe polaitíochta i dtaca le maoiniú na scoileanna le linn an fheachtais olltoghchánaíochta sa bhliain 2004. Gheall Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, Páirtí an Lucht Oibre, go laghdódh a rialtas an maoiniú a bhí na 67 scoil is saibhre sa tír a fháil agus go dtabharfaí an t-airgead do scoileanna bochta poiblí. Thug Howard ‘polaitíocht an éada’ ar an dúnghaois seo agus chaill Latham an t-olltoghchán go tubaisteach.

Geallúint an Pholaiteora Tráth Toghcháin

Gheall ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre, Kevin Rudd, san fheachtas olltoghchánaíochta i 2007 nach mbeadh aon athrú ar an tsamhail mhaoinithe le linn a réime. Chuir sé lena bhriathar nuair a toghadh é ina Phríomh-Aire, ach nuair a tháinig Julia Gillard i gcomharbacht ar Rudd trí bliana ní ba dhéanaí, cheap sise coiste nua le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú na scoileanna. Ceapadh an fear gnó aithnidiúil, David Gonski, ina chathaoirleach ar an gcoiste agus tugadh an Tuarascáil Gonski ar na moltaí a chuir an coiste faoi bhráid an rialtais.

Léirigh Gonski a dhonacht is atá an mhíchothromaíocht sna scoileanna abhus. Freastalaíonn formhór mór de na páistí atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil, ó thaobh cúlra de, ar na 6750 scoil phoiblí, ach faigheann na 2720 scoil phríobháideach formhór an mhaoinithe atá ar fáil ón rialtas náisiúnta. Mhol Gonski samhail nua mhaoinithe leis an mhíchothromaíocht seo a leigheas, samhail ina mbeadh an caighdeán céanna maoinithe ar fáil do gach duine de na 3.5 milliún dalta, beag beann ar an saghas scoile a fhreastalaíonn siad uirthi.

Thug Gonski an Schooling Resource Standard ar an maoiniú seo agus mheas sé go mbeadh tuairim is $8000 le híoc as gach dalta bunscoile agus isteach is amach ar $10,500 ar gach dalta meánscoile. Anuas ar sin, mhol an tuarascáil go mbeadh maoiniú sa bhreis ar fáil do na scoileanna ina mbeadh mic léinn faoi mhíbhuntáistí éagsúla, eadhon míchumas, cúlra bundúchasach, bochtaineacht agus cúlra neamh-Bhéarla. Is minic a bhíonn mic léinn faoi níos mó ná míbhuntáiste amháin.

D’íocfadh an cáiníocóir as an maoiniú thuas go léir do na scoileanna poiblí agus as idir 20-25 faoin gcéad den mhaoiniú do na scoileanna eile, de réir na tuarascála. Mheas Gonski go mbeadh ar an rialtas náisiúnta agus rialtais na stát corradh is $5 bhilliún sa bhreis a chaitheamh in aghaidh na bliana le moltaí a thuarascála a chur i bhfeidhm.

Feiceann Súil Ghlas Saol Glas

B’ionadh liom a fheiceáil an fhíor-chaoin fáilte a chuir na páirtithe leasmhara roimh an tuarascáil. Bhí lucht na scoileanna poiblí ceansaithe de bharr go raibh sí ag moladh go mbeadh a mhaoiniú bunaithe ar riachtanas as seo amach agus go bhfuil a mhaoiniú reatha uireasach. Bhí lucht na scoileanna príobháideacha sásta toisc nach gcaillfidís aon airgead agus go mbeadh maoiniú sa bhreis ar fáil do na mic léinn faoi mhíbhuntáistí.

Thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, teasmholadh don tuarascáil, ach b’fhacthas dom nár chuir sí ach fáilte dhoicheallach roimh na moltaí faoin gcaiteachas breise. Luaigh sí go sonrach go raibh buiséad comhardaithe don chéad bhliain airgeadais eile geallta ag a rialtas.

Is tír shaibhir í an Astráil ach caitear níos lú ar oideachas abhus ná a chaitear ar an meán sna tíortha forbartha eile san Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta. Tá an tír seo go maith in ann an t-airgead sa bhreis a mholann Gonski a chur ar fáil, má tá an toil pholaitiúil ann. Mura gcuirfear ar fáil é beidh na difríochtaí i dtorthaí foghlamtha pháistí scoile na hAstráile bunaithe ar dhifríochtaí i saibhreas, ioncam, cumhacht agus i sealúchais a gcuid tuismitheoirí, seachas ar a n-inniúlacht agus ar a ndúthracht. Ní oirfeadh a leithéid do mhuintir na tíre seo a mhaíonn go hurrúsach gur gné shainiúil lárnach dá sochaí í cothrom na Féinne, nó a fair go mar a thugann siad air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.