CÚRSAÍ SPÓIRT
Dornálaíocht - Beo ó Chaisleán an Bharraigh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.

Íomhá
Curadh Ghaoth Sáile agus an Domhain
Íomhá
Annraoi, ag féachaint na polaitíochta
Íomhá
Sa halla aclaíochta is áille
Íomhá
Ar an trá, le haer úr an tsáile

Cuireadh mír eile le stair chraolacháin TG4 Dé hAoine 12 Lúnasa nuair a rinneadh beochraoladh ón Amharclann Ríoga i gCaisleán an Bharraigh ar oíche dhornálaíochta ghairmiúil. Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa mheánmheáchan éadrom. Is i Chicago atá cónaí ar Coyle anois ach bhí muintir Mhaigh Eo, muintir na Gaeltachta go háirithe, agus muintir na hÉireann i gcoitinne ag tacú go láidir leis. Chomh maith leis an mbeochraoladh ar TG4, bhí deis ag lucht leanúna Mhic Giolla Chomhaill ar fud an domhain breathnú ar a iarracht mar go raibh an troid le feiceáil freisin ar an líonra domhanda ar Sheinnteoir TG4

Dornálaithe Éireannacha is mó a bhí ag troid ar an gclár céanna, ina measc Patrick "The Punisher" Hyland as Baile Átha Cliath a throid in aghaidh dhornálaí eile ón Iodáil, Finbarr Eade as Cathair na Mart a chaill ar éigin in aghaidh Mickey Coveney as Londain, agus beirt eile as Maigh Eo a bhí sa chró in aghaidh a chéile, John Waldron agus Michael Sweeney. Ba é Sweeney an buaiteoir sa troid sin agus is é laoch Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, an dornálaí clúiteach Seán Ó Mainnín, a chuireann oiliúint ar an Suibhneach.

An Cur i Láthair

Is é Seán Bán Breatnach, nó SBB mar is fearr aithne air, de chuid Raidió na Gaeltachta a bhí i mbun tráchtaireachta do TG4 agus na saineolaithe dornálaíochta Colmán Ó Flatharta agus Joe Hernon ag tabhairt cúnaimh dó. Níorbh é seo an chéad uair ag Seán Bán a chumas iontach craoltóireachta agus a mháistreacht ar fhriotal agus ar theanga na Gaeilge ar imeacht bheo spóirt a léiriú. Ba é Mícheál Ó Domhnaill an láithreoir, fear eile a bhfuil fíorchumas ann maidir le tuairisciú ar chúrsaí spóirt agus a bhíonn le feiceáil go rialta ar TG4 ag cur cluichí peile agus iománaíochta i láthair. Nemeton, an comhlacht aitheanta as An Rinn sna Déisibh, a léirigh an clár do TG4.

Faoi dheireadh na hoíche bhí Annraoi Mac Giolla Chomhaill ina churadh ar domhan tar éis dó an bua a fháil ar a chéile comhraic, Elio Cotena, trí leagan amach teicniúil (b’éigean an troid a stad de bharr gearradh domhain os cionn súil Cotena). Bhí Mac Giolla Chomhaill ag dul chun cinn ag an am agus bhí an bua tuillte aige dar le cách.

Cad as a dtáinig an laoch dornálaíochta is úire seo i measc iliomad laochra dornálaíochta eile de chuid na hÉireann? Is in 2003 a tháinig Mac Giolla Chomhaill chun cinn an chéad uair nuair a bhuaigh sé Craobh Mharcmheáchain (nó meánmheáchan éadrom) na hÉireann sa Staid Náisiúnta Dornálaíochta. Sa bhliain 2006 bhuaigh sé an bonn óir ag Cluichí Míleata an Domhain san Afraic Theas. Ina dhiaidh sin chinn sé ar dhul leis an dornálaíocht ghairmiúil agus bhí an chéad troid ghairmiúil aige i mí an Mhárta 2007 i nGairdín Chearnóg Madison, Nua-Eabhrac. Bua trí leagan amach sa chéad bhabhta a bhí mar thoradh ar an gcéad troid sin agus ar an troid a lean í chomh maith. A mhalairt a tharla áfach sa chéad troid eile, troid a d’fhág díomá agus déistin ar Mhac Giolla Chomhaill. Ach, bhí sé ag foghlaim na ceirde agus sna blianta sula bhfuair sé a dheis ar throid le haghaidh Chraobh an Domhain, throid sé dhá uair déag. Níor chaill sé ach ceann amháin de na troideanna sin, troid ar son Gradam Churadh na hÉireann, in aghaidh Neil Sinclair i mí na Bealtaine 2009 i mBéal Feirste.

Craobh an Domhain

Mar sin, ar 12 Lúnasa 2011, agus slua mór dá lucht leanúna ag béiceach ar a shon, bhuaigh Annraoi Mac Giolla Chomhaill Craobh an Domhain de chuid Fhondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF). Cé nár bhua den scoth a bhí ann in éagmais an leagan amach ghlan a chinnteodh a leithéid, lean ceiliúradh mór bua Mhic Giolla Chomhaill i measc mhuintir Mhaigh Eo ach go háirithe.

Tá sé ráite acu siúd a thuigeann an dornálaíocht ghairmiúil gur dornálaí an-chumhachtach é Annraoi Mac Giolla Chomhaill agus nach scaoileann sé go héasca le céile comhraic má fhaigheann sé deis buille mór a leagan air. Dar le cuid de na saineolaithe, tá sé de chumas ag fear Mhaigh Eo tuilleadh gradam a bhaint amach fós i ngairm na dornálaíochta. Is ionann sin is a rá, is dóigh, nach bhfuil an t-aitheantas cuí ná an gradam is airde bainte amach fós ag Mac Giolla Chomhaill. B’fhéidir go mbaineann pé ní atá in easnamh leis an gcaoi ina bhfuil cúrsaí dornálaíochta eagraithe timpeall an domhain. Toisc go bhfuil ceithre eagraíocht éagsúla i bhfeighil na dornálaíochta gairmiúla – Comhchaidreamh Dornálaíochta an Domhain (WBA), Comhairle Dornálaíochta an Domhain (WBC), Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) agus Cumann Dornálaíochta an Domhain (WBO) – is ionann sin agus a rá go bhféadfadh ceathrar dornálaithe éagsúla a bheith ina gcuraidh ar domhan ag aon am amháin. An dúshlán atá roimh Annraoi Mac Giolla Comhaill mar sin ná an gradam ‘Curadh gan Chonspóid’ – rí gan freasúra - a bhaint amach trí gach curadh eile de chuid na n-eagraíochtaí éagsúla a bhualadh. Níor bheag an teist é sin ag dornálaí ar bith agus is cinnte go n-ardófaí gradam Mhic Giolla Chomhaill dá dtarlódh sin.

É sin ráite, is éacht ann féin é craobh dhomhanda ar bith a bhuachan in aon spórt, agus níl aon spórt chomh dian leis an dornálaíocht. Aon dornálaí a n-éiríonn leis é sin a dhéanamh, is cinnte go bhfuil obair dhian déanta aige agus mórán dua curtha de, gan trácht ar thallann, crógacht agus ar mhisneach a bheith aige.

Mar fhocal scoir i dtaobh na dornálaíochta, is fiú a rá, agus ní hé seo an chéad uair ráite é, go bhfuil an dornálaíocht ar na spóirt idirnáisiúnta is mó a thuilleann gradam agus meas ar thír bheag seo na nGael. Bídis gairmiúil nó amaitéarach, is iad ár gcuid dornálaithe is mó a rug agus a bheireann, ar bonn rialta, craobhacha agus duaiseanna leo ag comórtais idirnáisiúnta Eorpacha agus dhomhanda ó bunaíodh an stát. I bhfianaise a bhfuil bainte amach acu go nuige seo, an bhfuil sé róluath a bheith ag súil go dtabharfaidh ár gcuid dornálaithe amaitéaracha roinnt bonn abhaile tar éis na gCluichí Oilimpeacha i Londain in 2012?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.