
Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.
»»»Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
»»»Chuaigh Gráinne Campion ag fiosrú scéil Paul McGinley i gcuntas an duine a bhfuil sáraithne air ón am a ghabh sé bróg, a athair, Michael Mc Ginley.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.
»»»Ba iontach le Colm Mac Séalaigh tuairisc spóirt Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite a mhínigh go mbeidh lá eile ag an Seibhleánach le tabhairt faoi Chraobh na hÉireann agus ag Mac Óda i gceann na foirne.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar chur chuige na mbainisteoirí a bhain craobhacha le blianta gairide anuas, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh ina measc.
»»»As a stuaim féin a chuaigh Briotánaigh agus Gailísigh thar lear i mbun na peile gaelaí. Molann Ken Ó Donnchú gnéithe de scéal na féiniúlachta a chíoradh amach anseo.
»»»Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
»»»Riail na ‘cearnóige bige’ a tosaíodh breis is daichead bliain ó shin, bhí gá leis nuair a tugadh isteach í. Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.
»»»Rianaíonn Colm Mac Séalaigh Conair laoch na himeartha in Éirinn agus thar lear, Jim Stynes, a fuair bás den ailse san Astráil agus a cuireadh in Éirinn an mhí seo chuaigh thart.
»»»Bhain Colm Mac Séalaigh tátal i dtaca le forbairt spórt as leabhair spéisiúil a léigh sé le déanaí, Guns, Gems and Steel, a short history of everybody for the last 13,000 years.
»»»Is spéis le Colm Mac Séalaigh ceist mhór atá ag bagairt ar Chumann Lúthchleas Gael le seal gairid de bhlianta: íocaíocht bainisteoirí.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go gcloisfimid ainm Dhaithí Uí Eithir ag teacht chun cinn go mór i gcúrsaí leadóige amach anseo.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh This is Our Year agus ar an imreas a d’eascair as.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag meá tarraingt na sluaite ar na cluichí idir Éire agus an Astráil. Cruthaíonn na cluichí céanna deacrachtaí d’imreoirí dílse a mbíonn a gcuid clubanna ag brath orthu.
»»»Ríomhann Colm Mac Séalaigh scéal thíos seal thuas seal foirne peile Átha Cliath i gCraobh na hÉireann le breis is céad bliain anuas.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.
»»»‘Bliain leat is bliain i do choinne.’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.
»»»An té atá thíos, buailfear cos air. An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.
»»»Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling. Is cuimhin le Colm Mac Séalaigh go maith é.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.
»»»Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh. D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
»»»Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.
»»»Is maith le Colm Mac Séalaigh an dírbheathaisnéis a foilsíodh deireadh 2010, ’If You Don’t Know Me, Don’t Judge Me’. Is ó bhéal Dan Shanahan, iománaí Phort Láirge, a tháinig cuntas an leabhair.
»»»Caidréim Johnny Giles, nó Caidréim Uí Ghlaisne atá dá moladh ag Colm Mac Séalaigh san alt seo, adhmholadh a tuilleadh go breá ar pháirc na himeartha agus ar an líne sleasa in imeacht na mblianta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.