CÚRSAÍ SPÓIRT
Scoth na bhFoirne ar Fad
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá an fhoireann peile is fearr riamh aimsithe ag Colm Mac Séalaigh an mhí seo agus ní as an Ríocht iad.

B’fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.

Cad í an fhianaise? Más ea, torthaí ar an gcéad dul síos: trí chraobh buaite in 2013 - Craobh na Sraithe Náisiúnta, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann, agus Craobh na Sraithe curtha i dtaisce cheana féin i mbliana. Mura dtarlaíonn aon ní an-aisteach i gcomórtas peile Laighean, beidh comhramh eile cúige sa chófra taispeántais sar i bhfad. Agus is í foireann Átha Cliath rogha na coitiantachta agus rogha na ngeallghlacadóirí chun Craobh na hÉireann a bhuachan in 2014.

Ina theannta san, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le bliain go leith anuas, is geall le gluaisneoir dochloíte í foireann seo na hardchathrach, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh. Cheapfá scaití go bhfuil ar chumas fhoireann Átha Cliath cnaipe éigin a bhrú nuair is gá dóibh chun an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra, sa cheathrú deiridh de chluiche de ghnáth. Is geall le foireann iomána Chill Chainnigh na mblianta 2007 - 2010 iad ón taobh sin de.

Táim cinnte go mbeadh go leor le rá ag daoine i gcoinne na tuairime nochtaithe thuas. Ar an gcéad dul síos déarfaí go bhfuil sé róluath i réimeas na foirne an breithiúnas sin a thabhairt orthu, go gcaithfidh siad craobh amháin eile uile-Éireann ar a laghad a bhuachan. Inseoidh mí Mheán Fhómhair a lán fós faoi sin.

Daoine os Cionn Aoise Áirithe

Ach níl aon spraoi ag baint le bheith ag ‘fanacht go bhfeicimid’. Is mó mar spórt é dul sa bhfiontar le tuairim agus fanacht go dtiocfadh nó nach dtiocfaidh an tuar ar an tairngreacht. Má fhíoraítear an tairngeacht is féidir le duine maíomh as a shaineolas agus mura bhfíoraítear í is féidir leis an milleán a chur ar réiteoir éigin!

Tá daoine ann os cionn aoise áirithe, Ciarraígh den chuid is mó, a chreideann agus a áitíonn agus nach n-athróidh a n-intinn go brách ina thaobh, gurb í foireann Chiarraí ‘75-’86 an fhoireann ab fhearr riamh. Scríobh mé cheana faoi seo ach is leor a rá ag an bpointe seo nach foireann amháin a bhí ag Ciarraí idir ‘75 agus ‘86 ach trí nó ceithre cinn éagsúla agus ar an ábhar sin gur dóigh gurbh iad Ciarraí an contae ab fhearr thar tréimhse fhada.

Ní hé ábhar an ailt seo áfach comórtas a dhéanamh idir foirne as réanna éagsúla. Ní dóigh liom gur féidir é a dhéanamh ar aon nós. An fáth is mó leis sin ná go mbíonn an saol de shíor ag athrú, cúrsaí spóirt san áireamh. Tagann athruithe ar nósanna agus ar chaighdeán maireachtála, ar shlite beatha daoine, ar an gcaighdeán oideachais, ar chineál agus ar chaighdeán bia, ar chúrsaí leighis, ar an saineolas agus ar an tuiscint ar mhodhanna agus ar theicnící traenála agus imeartha, ar chur chuige, ar rialacha, ar eagrú na gcluichí (córas an chúldorais, fágaim), ar fhearas agus ar theicneolaíocht an spóirt agus mar sin de.

De bharr na n-athruithe ar fad le blianta beaga anuas, is beag duine nach nglacfadh leis go bhfuil lucht spóirt, peileadóirí agus iománaithe san áireamh, níos aclaí, níos láidre, níos sciobtha, níos mó agus b’fhéidir níos oilte ná mar a bhí a macasamhla rompu.

Ach anuas air sin uile, cuireann modh imeartha foireann Átha Cliath ar chaighdeán nó ar leibhéal ar leith iad i measc foirne na linne seo. Dream peileadóirí fíorchumasacha iad a leagann an bhéim ina modh imeartha ar luas imeartha ó cheann ceann na páirce, ar chiceáil na liathróide seachas ar iliomad seachadadh láimhe mar atá in uachtar sa chluiche le roinnt blianta anuas, ar an ionsaí mear, rialta seachas ar an gcosaint dhúr, agus ar dheiseanna scórála a chruthú chomh minic agus is féidir. Rómhinic dá bharr sin go bhfágann siad foirne eile fann, lag, tnáite, brúite, briste faoi dheireadh cluiche.

Na Fir Ionaid is Minice ag Aimsiú

Chomh maith leis sin, tá oiread imreoirí den chéad scoth ar an meitheal d’aon chluiche, go bhfuil beirt nó triúr atá ar aon chumas ar fáil do gach ionad ar an bpáirc. Faigheann fir ionaid Átha Cliath níos mó scóranna ná mar a fhaigheann fir ionaid chontaetha eile de réir na staidreamh. Gan ainmneacha a lua, is féidir a rá go bhfuil seachtar nó ochtar de na peileadóirí is fearr sa tír ag Áth Cliath, peileadóirí a bheadh ionchurtha lena macasamhla as ré ar bith eile. Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.

Ina choinne sin go léir, cuirtear chun cinn go minic mar argóint go mbronntar buntáiste breise ar fhoireann Átha Cliath go mbíonn formhór a gcuid cluichí acu i bPáirc an Chrócaigh agus is geall le cluiche ‘baile’ gach cluiche díobh sin. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor dar ndóigh, ach tá taobh eile freisin ar an scéal sin. Is í Páirc an Chrócaigh ardán mór na gcluichí Gaelacha agus caithfidh na foirne agus na himreoirí is fearr, is cuma cén spórt, iad féin a chruthú ar an ardán mór go rialta agus go minic.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.