CÚRSAÍ SPÓIRT
An Cur Chuige
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar chur chuige na mbainisteoirí a bhain craobhacha le blianta gairide anuas, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh ina measc.

Chomh fada is a bhaineann leis na cluichí Gaelacha in 2012, gan cheist ar bith, ba iad foirne na bliana Cill Chainnigh agus Dún na nGall agus ba iad bainisteoirí na bhfoirne sin, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh faoi sheach, bainisteoirí na bliana. Rinne foirne agus bainisteoirí eile an-iarracht ar fad na gradaim sin a bhaint amach dóibh féin, go háirithe Gaillimh agus Antaine Ó Cuinneagáin san iomáint agus James Ó hÓráin le Maigh Eo sa pheil, ach theip orthu ina gcuid iarrachtaí ag an gcliath dheiridh. Beidh siadsan in ann a rá leo féin áfach go ndearna siad dul chun cinn suntasach in 2012 agus go bhfuil údar misnigh agus dóchais acu don chéad bhliain eile.

Maidir le Cill Chainnigh, curaí na hÉireann don iliomad uair, cad tá le rá fúthu nach bhfuil ráite cheana? An fhoireann iomána ab fhearr a bhí ariamh ann; Brian Mac Óda an bainisteoir ab fhearr a bhí riamh ann; Henry Ó Seibhleáin an t-iománaí ab fhearr a bhí riamh ann agus mar sin de. Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.

Sular ceapadh Jim Mac Géibheannaigh ina bhainisteoir ar fhoireann Shinsearach Thír Chonaill ag deireadh na bliana 2010, b’fhéidir gur cheap sé nach bhfaigheadh sé an post go brách. Trí huaire a bhí a ainm curtha chun cinn aige don phost ó 2007 agus gan aige gach uair ach an diúltú. Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin, bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.

An Léirstean

Cé gur shíl go leor de lucht leanúna Dhún na nGall nach raibh ábhar foirne ann tar éis dóibh cailleadh i gcoinne Ard Mhacha in 2010 leis an scór 2 – 14 i gcoinne 0 -11, chreid Mac Géibheannaigh go bhféadfadh an fhoireann craobhacha a bhuachan ach tabhairt faoi i gceart. Chreid sé agus chruthaigh sé in imeacht dhá bhliain, go raibh an ceart aige, go raibh peileadóirí Dhún na nGall chomh maith le dream ar bith. In imeacht an dá bhliain sin, bhuaigh Dún na nGall Craobh Uladh faoi dhó (rud atá deacair a dhéanamh bliain ar bith) agus Craobh na hEireann in 2012.

Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh. Ar nós Uí Ifearnáin, thug Mac Géibheannaigh misneach agus féinmhuinín d’fhoireann a bhí in ísle brí go mór ó thaobh na peile de, agus taobh istigh d’achar gearr bhí Corn Mhic Uidhir ina seilbh acu.

Ní aistear mín, réidh, a bhí ag Jim Mac Géibheannaigh agus ag foireann Thír Chonaill le dhá bhiaiste peile anuas áfach. Lean, agus leanann fós, conspóidí iad ar an aistear sin. Baineann conspóid amháin leis an imreoir Caoimhín Ó Caiside, a díbríodh ón phainéal ag deireadh na bliana 2011 cionn is gur ghlac sé páirt, trí agallamh, i leabhar a scríobh an t-iriseoir Declan Ó Buaigh ‘This is Our Year’ faoi bhliain na peile i gcúige Uladh. An rud is aite faoin gconspóid áirithe seo ná gur tharraing Mac Géibheannaigh féin anuas é ag an bpreasagallamh díreach tar éis an chluiche cheannais. Tá mearbhall ar go leor daoine faoin scéal áirithe seo agus d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidh deireadh leis go ceann tamall maith.

Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall faoi stiúir Mhic Géibheannaigh, modh a leag béim ar chosaint seachas ar an ionsaí, ar fhreasúra a chosc in ionad scór a aimsiú go minic. Ba é an pointe ba mheasa ná cluiche leathcheannais na hÉireann 2011 nuair a chaill Dún na nGall i gcoinne Átha Cliath leis an scór 0-8, 0-6. Dar le Mac Géibheannaigh, ní raibh sa chluiche sin ach coiscéim eile ar aistear áirithe.

In 2012, níor caitheadh an chosaint ghéar i dtraipisí ach cuireadh béim níos mó ar ionsaí mear agus ar scóranna a aimsiú. De réir mar a chuaigh 2012 ar aghaidh ba léir gur foireann ‘nua’, foireann láidir, aclaí, uileghnéitheach a bhí i nDún na nGall. Bhuadar ar an gCabhán (1-10, 1-16), ar Dhoire (2-13, 0-9), ar Thír Eoghain (0-10, 0-12), ar an Dún (2-18, 0-13), ar Chiarraí (1-12, 1-10), Chorcaigh (1-11, 0-16) agus ar Mhaigh Eo (2-11, 0-13). Insíonn na torthaí sin a scéal féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.