CÚRSAÍ SPÓIRT
An Aigne Ghlandírithe
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá spreagadh iontach tugtha ag Luimneach, Áth Cliath, Uíbh Fhaillí agus Laois do chraobhchomórtas iomána na bliana seo ach níl féilire na hiomána sásúil mar atá dar le Colm Mac Séalaigh

Íomhá
Faoi ionsaí ag Loch Garmain
Íomhá
Na Déisigh gan John
(le Kman999 ar Flickr)
Íomhá
Díomá cait, rud ab annamh leo

Bhí bua iontach ag Luimneach ar Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais iomána na Mumhan ag tús na míosa seo caite. Ba iad Tiobraid Árann rogha na coitiantachta roimh an gcluiche sin, ní hamháin le bua a fháil ar Luimneach, ach le craobh na Mumhan a bhuachan arís agus dúshlán Chill Chainnigh a thabhairt i gcluiche ceannais na hÉireann. Ní tharlóidh sin anois de thoradh bhua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche leath-cheannais Laighean.

B’iontach an speach a thug taispeántais Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh agus Laoise i gcoinne na Gaillimhe don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht féin agus i ngeall orthu sin tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae thar mar a bhí le roinnt blianta anuas.

Athruithe de Dhíth

É sin ráite, tá an córas idirchontae an-lochtach i gcónaí ó thaobh na féilire de: bhí foirne Uíbh Fhaillí agus Aontroim díbeartha as craobhchomórtas na hÉireann, 2013, tar éis dóibh dhá chluiche a imirt, ceann i gcomórtas Laighean agus ceann i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh, lá sular imir Corcaigh a gcéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan. Ní thuigim cén fáth nach féidir comórtais na Mumhan agus Laighean a chríochnú níos túisce agus Craobhchomórtas na hÉireann a thosú ansin, agus gach foireann san áireamh ag an bpointe sin. Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin!

Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach. Bhí an tuairim sin bunaithe ar chur chuige na n-imreoirí san ullmhúchán agus ar bhua a bhí acu i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche dúshláin. Níorbh é an bua sa chluiche dúshláin sin ann féin ba thábhachtaí dar leis, ach an chaoi a raibh na himreoirí ag imirt, an caighdeán imeartha agus eile a bhain leis.

B’iontach an t-athrú a tháinig ar fhoireann Luimnigh ón uair a chaill siad i gcoinne Átha Cliath i gcluiche ceannais Roinn A2 na Sraithe roinnt seachtainí roimhe sin. Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna. Ní hamháin sin, ach is dream fíordhílis don iomáint iad muintir Luimnigh agus in ainneoin roinnt trioblóidí a bheith acu le bainisteoirí agus a leithéid le roinnt blianta anuas, tháinig siad chun cinn arís chun iad féin a chruthú os comhair a muintire féin.

Aigne Foirne

Ach an mothú sin a bhí ag John Allen roimh an chluiche, is mothú é a bhraith mé féin ó am go ham agus mé i bhfeighil foirne agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála sna laethanta roimh chluiche mór. Is amhlaidh go mbíonn brath ag duine go bhfuil an fhoireann ar tinneall chun imirt eisceachtúil a dhéanamh. Is deacair é a mhíniú seachas a rá gur féidir a léamh, scaití, ar iompar agus ar dhealramh imreoirí sna laethanta roimh chluiche go bhfuil siad réidh le taispeántas fíormhaith a thabhairt uathu.

Bíonn a mhalairt fíor chomh maith dar ndóigh, is é sin go dtarlaíonn sé uaireanta go mbíonn imreoirí agus lucht leanúna róchinnte go mbeidh an lá leo agus bíonn sé fíordheacair ar fad an intinn nó an dearcadh sin athrú. Níl aon rud níos deacra ó thaobh na bainistíochta de ná intinn imreoirí a dhíriú sa treo ceart má tá rómhuinín acu iontu féin.

Is é an bua atá ag Brian Mac Óda agus lucht Cill Chainnigh i gcoitinne go bhfuil éirithe leis agus leo an intinn a bheith dírithe i gceart tríd is tríd roimh gach cluiche. Mar atá ráite go minic cheana, teastaíonn ó bhainistíocht agus ó imreoirí Chill Chainnigh gach cluiche a bhuachan. Dar leo go bhfuil an dúshlán céanna ag baint le gach cluiche agus go bhfuil an freasúra, cuma cé hiad, le ceansú agus le cloí. Uathu féin a thagann an spreagadh, ní ón bhfreasúra.

Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.

Tá domhan na hiománaíochta curtha as a riocht ar bhealach maith faoi láthair. Den chéad uair le fada an lá tá éiginnteacht mhór maidir le cé bhuafas Craobh na hÉireann agus tá sceitimíní ar lucht iomána ar fud na tíre. Tá dóchas ag roinnt contaetha arís, Corcaigh, Port Láirge, Áth Cliath, Luimneach, Gaillimh. An bhféadfadh sé go mbeidh buaiteoir seachas Cill Chainnigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair seo chugainn?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.