CÚRSAÍ SPÓIRT
Camán na Fuinseoige
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ba iontach le Colm Mac Séalaigh tuairisc spóirt Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite a mhínigh go mbeidh lá eile ag an Seibhleánach le tabhairt faoi Chraobh na hÉireann agus ag Mac Óda i gceann na foirne.

Íomhá
Aingeal Bhreathnach, Corcaigh, Henry Ó Seibhleáin & Caitríona Ní Fhoghlú, Corcaigh
(le Wm. Murphy, Informatique ar Flickr)
Íomhá
Bun amscaí fuinseoige, gan mhaith
Íomhá
Fuinseog nach n-oirfeadh
Íomhá
Camán le Jack Carey, Gabhrán, ar dheis
(le Kris Mc Guire ar Flickr)

Agus mé ag ithe mo leite sa chistin ag trí nóiméad déag tar éis a hocht maidin Dé Céadaoin, 21 Samhain seo caite, d’airigh mé an tuairisc spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Gheit mo chroí ar dtús ach d’éirigh liom guaim a chur orm féin tar éis tamaill. Tháinig na focail déjà vu isteach im cheann, agus thug mé faoi impleachtaí na tuairisce a scrúdú.

Sea, is dóigh go dtuigeann tú cén scéala a bhfuilim ag tagairt dó, is é sin go bhfuil fógartha ag Brian Mac Óda go bhfanfaidh sé bliain eile ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chill Chainnigh. Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.

Chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós. Údar meidhréise ag pobal Chill Chainnigh dar ndóigh an scéala seo, ach údar scátha agus imeagla é do mhuintir na gcontaetha eile a bhfuil sé d’uaillmhian acu Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo am éigin amach anseo. Tá faitíos orm gur ag fanacht a bheas siad áfach.

Sprioc an Dá Dheich

An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu!

D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile. Bí siúráilte de go mbeidh faobhar ar a gcamán agus luas na gaoithe faoina gcosa nuair a thiocfas an samhradh.

Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.

Ach, níos tábhachtaí ná sin ar fad, tá bagairt thromchúiseach tar éis teacht chun cinn le fíordhéanaí chomh fada is a bhaineann sé leis an iománaíocht mar chluiche. Galar fungais ar a tugadh chalara fraxinea a bheith tagtha ar an gcrann fuinseoige atá gceist agam. Is as an fhuinseog atá na camáin á ndéanamh leis na cianta.

Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis

Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006. Tá an galar scaipthe anois ar fud na hEorpa agus is le déanaí a shroich sé an tír seo. Scriosadh 35,000 crann óg d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo. Ach de réir na saineolaithe tá an galar chomh láidir sin go bhfuil seans maith ann go millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn. Tubaiste amach is amach a bheadh ansin ó thaobh na hiománaíochta gan amhras. Tá sé imithe ó smacht cheana féin sa Ríocht Aontaithe mar a mbíonn 80,000,000 crann fuinseoige ag fás de ghnáth.

Táirgtear 350,000 camán in Éirinn gach bliain agus is as fuinseog allmhairithe a dhéantar 65% díobh. Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin. Is tionscal réasúnta tábhachtach é tionscal na gcamán agus tá thart ar 150 déantóir camán in Éirinn faoi láthair, ach má scaipeann an galar seo beidh a bhformhór sin gan obair, gan aon teacht isteach. Ó thaobh na hiománaíochta féin, tá formhór mór na n-iománaithe fós ag brath ar an gcamán fuinseoige in ainneoin go bhfuil iarrachtaí ar bun ó na 1970í (camán Wavin) camán sintéiseach nó saorga a dhéanamh. Tá an leagan is déanaí de chamán saorga, ‘Cúltec’, faofa ag an CLG agus tá siad á roinnt ar imreoirí cheana féin. Seans maith go mbeidh níos mó agus níos mó imreoirí á úsáid sin nó a mhacasamhail amach anseo.

Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.