CÚRSAÍ SPÓIRT
Comhghradam agus Meas le Teacht go Fóill
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ceart is cóir do na mná. Bhí Colm Mac Séalaigh i láthair ag Gradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil na mBan. thugtar, faraor, an aird ba chóir ar a gcuid cluichí agus ar a gcuid éachtaí spóirt.

Íomhá
Fionnuala Britton
(le Guillaume Baviere, Giám ar Flickr)
Íomhá
Sonya O Sullivan 2000
(le Geher ar Vicipéid)
Íomhá
An tsíorthraenáil, Katie Taylor lena hathair
Íomhá
Derval O Rourke
(le Alba Rinchón ar Flickr)

Bhíos ag smaoineamh ar na mná le déanaí tar éis dom freastal ar Ghradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil Gael na mBan a bhí urraithe ag TG4. Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó agus Marty Ó Muirgheasa. Bronnadh gradaim ar shárimreoirí agus ar dhaoine a rinne obair mhór ar son pheil na mban ina gceantair agus ina gcontae féin. Bronnadh gradam saoil ar shárimreoir Chiarraí, Mary Jo Chuireáin, agus ba í Joanne Ríordáin aoi-chainteoir na hoíche a thug caint iontach spreagúil uaithi agus a mheall a raibh i láthair.

Rith liom i ndiaidh an imeachta úid, agus don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.

Admhaím féin gur gann é líon na mban spóirt de chuid na hÉireann atá ar mo chumas a ainmniú gan stró. Tagann ainmneacha áirithe im’ cheann láithreach - Sonya Shúilleabháin, Fionnuala de Briotún, Katie an Tailliúra, Derval Ruairc, Michele de Bruin, Caitríona Nic Thiarnáin, Cora Standúnagus ndéanfainn iarracht bhreise is dóigh go bhféadfainn tuilleadh a ainmniú, mná ón am atá thart go fiú ar nós Kathleen a’ Mhuilinn, Úna Chonchubhair, Rosemary Nic Gabhann, Angela Dhúnaigh, Maev Nic Shuile. Is beag é le hais liosta na bhfear áfach.

Déantar Dearmad Iomlán

Is léir go bhfuil deighilt mhór idir stádas na mban agus stádas na bhfear maidir le cúrsaí spóirt seachas, b’fhéidir, i gcás na leadóige, an ghailf, an tsnáimh agus na heachléime. Is léir go dtugtar i bhfad níos aird ar imeachtaí spóirt na bhfear afach. Caithfidh a admháil go bhfuilim chomh lochtach céanna le fear ar bith eile sna cúrsaí seo mar i gcaitheamh na mblianta a bhfuil an t-alt seo á scríobh agam do Beo.ie is beag alt atá scríofa agam faoi mhná, taobh amuigh de Katie an Táilliúra agus Sonya Shúilleabháin.

Uaireanta, sa tráchtaireacht spóirt déantar dearmad iomlán, go neamhurchóideach is cóir a , ar iarrachtaí na mban. Sampla is ea an trácht a rinneadh i dtaobh Chraobhchomórtais Dornálaíochta an Domhain a bhí ar siúl ar na mallaibh. Tuairiscíodh gurb é Jason Ó Coigligh an chéad dornálaí Éireannach riamh a bhain babhta ceannais an domhain amachan chéad fhear riamh a bhí i gceist ar ndóigh. fhios ag chuile dhuine, tuairisceoirí spóirt fireanna san áireamh shílfeá, gurb í Katie an Táilliúra an chéad Éireannach a rinne an gaisce úd.

Bíonn an éagothroime idir spórt na bhfear agus na mban le sonrú ar leathanaigh spóirt na nuachtán laethúla agus Domhnaigh. Scéalta spóirt na bhfear thar aon ghné amháin eile a dhíolann cuid mhaith nuachtán agus bíonn forlíonta spóirt ag mórán chuile nuachtán ag an deireadh seachtaine ina gcuirtear gach gné de spórt na bhfear trí chéile. Seachas fo-nótaí anseo is ansiúd tuairisc bheag ar chluiche ar imeacht éigin a bhaineann leo, is beag a bhíonn le léamh faoi na mná. Cheal spéise i measc na mban iad féin sna cúrsaí sin i measc fáthanna eile faoi ndear an staid sin, déarfainn.

Cén Fáth an Leithcheal?

Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith. Is deacair do dhaoine áirithe glacadh leis an dornálaíocht mar shampla i measc cailíní/ban in ainneoin bhuanna Katie Taylor.

Maíonn Cumann Peil Gael na mBan a bunaíodh i 1974 gurb í peil na mban an spórt is fás in Éirinn le roinnt mhaith blianta anuas. anois os cionn míle cumann cláraithe leis an eagraíocht in Éirinn agus tuilleadh thar lear. Maíonn an cumann freisin go raibh níos daoine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar cluichí Ceannais na hÉireann 2013 agus a craoladh beo ar TG4 mar a bhí i láthair ag aon imeacht spórt ban eile in áit ar bith ar domhan an áirithe sin rud atá deacair a thuiscint a mhíniú nuair a chuimhníonn duine ar chomh beag is atá daonra na hÉireann i gcomórtas le daonra na Síne na hIndia cuir i gcás.

na comharthaí ann go bhfuil níos ban rannpháirteach i gcúrsaí spóirt inniu mar a bhí riamh cheana ach níl an dul chun cinn sin á léiriú fós sna meáin chumarsáide i gcoitinne. Eisceacht i measc meáin chumarsáide na hÉireann dar ndóigh is ea TG4 a dhéanann urraíocht ar pheil na mban agus a chraolann cuid mhór cluichí i gcaitheamh na bliana. Pléitear peil na mban agus an chamógaíocht go rialta ar an irischlár, Seó Spóirt, le Dara Ó Cinnéide ar TG4 chomh maith, agus ar RTÉ, taispeántar míreanna as cluichí na mban ar a gclár anSunday Game’. De réir a chéile a thógtar na caisleáin, deir siad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.